Goll - Nóra Nic Conaglaigh


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bhí na Fiannú na hÉireann agus Fiannú an Domhain Thoir, bhí siad i dtólamh ag troid. Agus chuir Fiannú na... an Domhain Thoir scéala 'uige na Fiannú na hÉireann a choil[1] soir[2] agus go rachadh... ndéanfadh siad síocháin agus gan iad a'n tairne airm a thabhairt leofa. Agus nuair a bhí siadsan ag déanamh... na Fiannú na hÉireann ag déanamh réidh le choil soir dúirt siad go rachadh siad soir anois agus nuair a... dá rachadh na Fiannú thoir a throid leofa go rabh siadsan... nach rabh a'n dath airm leofa. Agus dúirt an fear eile nach dtiocfadh leofa a'n dath airm a thabhairt leofa, nach rabh a'n chead acu.

"Bhuel," a deir sé, "cha dtéann muid (gan rud ar bith)."

"Bhuel, goidé a bhéarfas muidinne?" arsa... ar sé.

"Bhéarfaidh mise liom," a deir Goll, "mo mhiodóg."

"Bhuel," a deir siadsan, "cha dtig leat do mhiodóg a thabhairt leat nó cá háit a gcuirfidh tú í?"

"Ó, bhéarfaidh mé liom in áit fholaigh í agus chan fhaghann siadsan í."

Bhuel, thug siad... d'imigh siad agus thug Goll a mhiodóg leis ach cha dtiocfadh le a'n nduine inse cáit a rabh an mhiodóg leis.

Agus nuair a fuaigh siad soir ansin thoisigh siad a dh'ithe agus a dh'ól agus bhí fáilte mhór ag na Fiannú thoir rófa[3]. Ach i lár na hoíche nuair a bhí an... fuaigh an t-ól ina gcionn thoisigh siad a throid. Agus nuair a bhí siad ag troid ansin agus cha rabh an... bhí an t-arm ag an mhuintir thoir agus cha rabh a'n dath airm ag an... na Fiannú abhus agus bhí siad dá marbhadh.

Deir duine acu le Goll, "Cá bhfuil an mhiodóg?"

Tharraing Goll... tharraing sé amach a mhiodóg agus mharaigh sé ocht bhfichid, ocht gcéad, ochtar agus ocht bhfeara déag sulmar[4] dtearna[5] siad tréadaí[6].

Aistriúchán

The Fianna of Ireland and the Fianna of the Eastern World were always fighting. And the Fianna of the Eastern World sent word to the Fianna of Ireland to go east and that they wound make peace and not to bring any weapons with them. And when the Fianna of Ireland were getting ready to go east they said that they would go east now and... if the eastern Fianna began to fight against them that they were... that they had no weapons with them. And the other man said that they couldn't bring any weapons with them, that they were not allowed.

"Well," he said, "we can't go with nothing(?)."

"Well, what will we bring?" he said.

"I will bring," said Goll, "mo dagger."

"Well," they said, "you can't bring your dagger with you, for where will you put it?"

"Oh, I will bring it in a hidden place and they won't find it."

Well, they went off and Goll brought his dagger with him but none could tell where he had the dagger.

And when they went east then they started eating and drinking and the eastern Fianna had a great welcome for them. But in the middle of the night when the... the drink went to their heads they started fighting. And when they were fighting then there wasn't... the eastern people had their weapons and the our Fianna had no weapons and they were being killed.

One of them said to Goll, "Where is the dagger?"

Goll pulled out his dagger and he killed eight score, eight hundred, eight and eighteen men before peace was made.

Fonótaí

= ghoil/dhul. Cf. Art Hughes, 'Gaeilge Uladh', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 611-60: 653. (Back)
Leg. sir? Cf. Dónall Ó Baoill, An teanga bheo: Gaeilge Uladh (BÁC, 1996), 150. (Back)
= rompu. Cf. Ó Baoill, op. cit., 97. (Back)
Cf. E. Evans, 'A vocabulary of the dialects of fanad and Glenvar, Co. Donegal', Zeitschrift für Celtische Philologie 32 (1972), 167-285, s.v. Sular, sulma, sulmar, surmar. (Back)
Leg. dtear’a? Cf. Ó Baoill, op. cit., 52. (Back)
I.e. treaty. (Back)

Tráchtaireacht

Téama coitianta san Fhiannaíocht sna meánaoiseanna agus sa tréimhse iar-mheánaoiseach ná na Fianna a dhul ag comhrac le saighdiúirí ón gcoigríoch. D'fhéadfadh sé go raibh bunús na móitífe seo sna scéalta ar chathanna le créatúir osnádúrtha, ach gur athraigh sé seo go dtí cathanna leis na Danair le himeacht aimsire, agus sa tréimhse iar-mheánaoiseach, go dtí cathanna le gaiscígh ón domhan toir. Faoin seachtú céad déag, bhí an eachtra thar sáile ina clísé, agus bhain lucht grafta na lámhscríbhinní úsáid aisti agus iad ag plé le scéalta mar gheall ar Fhionn mac Cumhaill agus na Fianna. Féach Dáithí Ó hÓgáin, Fionn mac Cumhaill (BÁC, 1988), 263. Cuireann sé seo comhthéacs ar fáil don scéal anseo againn, ina moltar gaiscí míleata Ghoill mhic Mhórna agus a chrógacht i mbun cogaidh. Leagtaí béim go minic ar a chumas troda i gcuntais de chuid na meánaoiseanna, agus rinne scríbheoirí i gcúige Chonnacht go háirithe tréaniarracht cur síos fabhrach a dhéanamh ar Gholl. Féach Dáithí Ó hÓgáin, Myth, legend and romance (Nua_Eabhrac, 1991), 247.

Tá tras-scríobh ar an scéal seo leis in Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic voices: bailiúchán Doegen 1931 (Béal Feirste, 2010), 184-7.

Teideal i mBéarla: Goll
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Nóra Nic Conaglaigh as Co. Dhún na nGall
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 02-10-1931 ag 16:00:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn. Taifeadta ar 02-10-1931 ag 16:00:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1255d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:34 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1255d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:34 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1255b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:33 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1255b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:33 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1255d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:33 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1255d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:33 nóiméad ar fad.