Cuid mná Fhiannú na hÉireanna - Nóra Nic Conaglaigh
Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime]
[Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)]
[Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]
Tras-scríbhinn
Bhí lá deas samhraidh ann agus fuaigh Fiannú[1] na hÉireann amach a sheilg agus fuaigh na mná síos le iad féin a nighe, a ní. Agus nuair a fuaigh siad síos dúirt siad gurbh fhearr dófa a choil[2] go glasfharraige na hÉireann, an áit a rabh an t-uisce glan.
Ach nuair a fua-, fuaigh siad a fhad le glasfharraige na hÉireanna bhain siad daofa a gcuid éadaigh agus d'fhan bean Dhiarmaid Dhoinn... d'fhan sí... d'fhan sí ag coimheád a gcuid éadaigh, bhfuil a fhios a'd, cha dteachaigh sí amach ins an uisce. Charbh fhada dófa go dtáinig diúlach isteach agus bád leis agus é ag caitheamh in airde úll insa... ins an aer agus a (cheapadh) ar bharr a chlaidhmhe[3] é. Agus bhí an bád 'na rioth[4] agus bheirfeadh sí ar an ghaoth a bhí róithe[5] agus cha bheirfeadh an ghaoth a bhí ina déidh uirthi. Ach tháinig an diúlach isteach agus tháinig sé aníos agus d'amharc sé fríd na mná agus bhí bean Dhiarmaid Dhoinn (ar) an bhean a ba deise. Bheir sé (greim) barr méire agus caol coise uirthi agus chaith sé isteach insa bhád í. Agus d'imigh sé agus d'fhág sé iad. Fuaigh na mná uilig faoi bhrón agus cha rabh a fhios acu goidé a dhéanfadh siad. Agus tháinig siad 'na bhaile agus shuigh siad agus thoisigh siad a ghol.
Ach tháinig ansin na Fiannú. Nuair a tháinig siad 'na bhaile deir siadsan, "Tá rud inteacht ar na mná. Chan fhaca muid a'n fhear... a'n nduine[6] acu amuigh ar na hardáin mar ba ghnách leofa." Ach nuair a tháinig siad isteach bhí siad uilig faoi bhrón. Agus d'ins[7] siad dófa go dtugthas[8] ar shiúl bean Dhiarmaid Dhoinn.
"Bhuel," a deir Goll, deir sé, "(cibé ar bith) áit a bhfuil sí gheobhaidh mise í."
"Bhuel," a deir siadsan.
Ansin chogain Fionn a ordóg. Agus gheobhadh sé i dtólamh fios as an ordóg nuair a chognóchadh sé í. Agus deir sé, "Tá sí thoir anois insa Domhan Thoir in airde in teach bairr, ina shuí[9] san fhuinneog. Agus cha dtig linn a (fáilt) nuair atá a oiread... tá a oiread airm ansin agus cha dtig leat a choil isteach. Tá geafta iarainn ann agus cha dtig le a'n nduine a choil isteach ansin ach an té a throidfeas an warrior atá ansin roimhe."
Deir Goll, deir sé, "Troidfidh mise é."
Ghread siad leofa soir[10] agus nuair a fuaigh siad (ar amharc) ar an teach bairr rinn bean Dhiarmaid Dhoinn gáire agus thiúfá[11] an dúileagán beag a bhí thíos ar thóin a putóige.
"Ó," a deir an fear liath, "b'éigean duid go bhfaca tú rud inteacht galánta nuair a thaitin sé leat comh maith, cha dtear'[12] tú a'n gháire ó tháinig tú anseo aroimhe."
"Tím, leoga," a deir sí, "tím ag teacht (...).
Aistriúchán
It was a lovely summer's day and the Fianna of Ireland went out hunting and the women went down to wash themselves. And when they went down they said that they would be better off going to the green sea of Ireland, where the water was clean.
When they went as far as the green sea of Ireland they took off their clothes and Diarmuid Donn's wife stayed to watch over their clothing, you know, she didn't go out into the water. They weren't long until a lad came in with a boat and he was throwing an apple into the air and catching(?) it on the tip of his sword. And the boat was running, and it was catching the wind before it and the wind behind it couldn't catch it. But the lad came in and he came up and he looked through the women and Diarmuid Donn's wife was the most beautiful. He caught her by the fingertips and ankles and he threw her into the boat. And he went and left them. All the women became sad and they didn't know what to do. And they came home and they sat down and they started to cry.
But then the Fianna came. When they came home they said, "Something is wrong with the women. We didn't see any one of them out on the hills as they would normally be." When they came in they were all sad. And they told them that Diarmuid Donn's wife was abducted.
"Well," said Goll, he said, "wherever she is I will find her."
"Well," they said.
Then Fionn chewed his thumb. And he would always get knowledge from the thumb if he chewed it. And he said, "She is beyond in the Eastern World up in a high tower, sitting in the window. And we cannot get her as there is such an army there that you can't go in. There is an iron gate there and no one can enter except the one who will fight the warrior who is there before him."
Goll said, "I will fight him."
They headed off east and when they were within sight of the high tower Diarmuid Donn's wife laughed and you'd see a tiny speck down in the bottom of her gut.
"Oh," said the grey-haired man, "you must have seen something very beautiful seeing as it pleased you so much. You haven't laughed since you came here."
"Yes, indeed," she said, "I see coming (...).
Fonótaí
= Fianna(i)bh. Cf. Mícheál Ó Mainnín, '"Goidé mar 's tá na Fearaibh?": gnéithe de leathnú agus de fhuaimniú fhoirceann an tabharthaigh iolra sa Nua-Ghaeilge', Celtica 25 (2007), 195-224. (Back)= ghoil/dhul. Cf. Art Hughes, 'Gaeilge Uladh', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 611-60: 652. (Back)
= chlaímh/chlaoímh. Cf. Maeleachlainn Mac Cionaoith, Seanchas Rann na Feirste (BÁC, 2005), 172. (Back)
= rith. Cf. 'cioth': Dónall Ó Baoill, An teanga bheo: Gaeilge Uladh (BÁC, 1996), 129; E.C. Quiggin, A dialect of Donegal (Cambridge, 1906), § 61. (Back)
= roimpi. Cf. Ó Baoill, op. cit., 97. (Back)
= aon duine. (Back)
= d’inis. (Back)
= gur tugadh (Back)
Cf. Noel McGonagle, 'Three Ulster features', Éigse 16 (1975-76), 215-20; Cathair Ó Dochartaigh, 'Tá sí ina shuí, etc.', Éigse 17 (1977-79), 89-103. (Back)
Leg. sir? Cf. Ó Baoill, op. cit., 150. (Back)
= tchífeá/d’fheicfeá. Cf. Ó Baoill, op. cit., 47. (Back)
= dtearn/dtearna/dearna. Cf. Ó Baoill, op. cit., 52. (Back)
Tráchtaireacht
Is éard atá sa scéal seo ná malairt leagain den scéal Fiannaíochta ar a dtugtar 'Tóraíocht Shaidhbhe' de ghnáth. Féach Cecile O'Rahilly, The pursuit of Gruaidh Ghriansholus (Londain, 1922), x. Tá sampla ón ochtú céad déag ar marthain i lámhscríbhinn atá i Músaem na Breataine - Egerton MS 150 (iv/b3). Féach Robin Flower, A catalogue of Irish manuscripts in the British Museum (Londain, 1926), 395. D'fhéadfadh sé go bhfuil Tóraigheacht Shaidhbhe bunaithe ar an roman d’aventure nó an adventure novel i litríocht na Fraincise agus an Bhéarla sa tréimhse iar-mheánaoiseach. Faightear plotaí den sórt seo i scéalta mar 'Bevis of Hampton' nó 'Huon of Bordeaux', agus is dócha gur ina leithéid atá bunus an scéil seo. Féach Dáithí Ó hÓgáin, Fionn mac Cumhaill (BÁC, 1988), 224. Tá dealramh ag an scéal leis le scéal eile Gaeilge ón tréimhse iar-mheánaoiseach, is é sin le rá 'Eachtra Chonaill Ghulban', a bhaineann le fear a bhfuadaítear a bhean agus na heachtraí móra a bhaineann dó agus é á fóirithint. D'éirigh sé seo coitianta sa bhéaloideas i ndiaidh gur cuireadh le chéile i lámhscríbhinn é sa séú céad déag, agus bailíodh mórán samplaí de san ochtú agus sa naoú céad déag. Féach Alan Bruford, 'Eachtra Chonaill Ghulban: an Irish hero-tale in manuscript and oral tradition', Béaloideas 31 (1963), 1-50. Sa leagan áirithe seo den scéal, is í bean Dhiarmuid uí Dhuibhne a fhuadaítear, agus rinneadh clárú ar shamplaí eile dá leithéid in amanna eile i mbéaloideas na hÉireann. Féach J. H. Lloyd, 'Diarmuid and Gráinne as a folk-tale', Gadelica 1:2 (1912), 83-100: 85.
An mhóitíf seo ina bhfuadaítear bean fir agus ina bhfuasclaítear í ina dhiaidh sin, is móitíf choitianta í i dtraidisiún na hÉireann, cé gur sióga a bhíonn i gceist go minic, agus déantar catagóiriú ar an sceal faoin móitíf idirnáisiunta béaloidis F322.2 Man rescues his wife from fairyland. Féach Stith Thompson, Motif-index of folk literature (atheagrán méadaithe, 6 iml., Bloomington, Ind., 1955-8). Rud eile a tharlaíonn sa scéal seo ná go gcognaíonn Fionn a ordóg chun a fháil amach cá bhfuil an bhean a fuadaíodh. B'fhéidir go bhfuil gaol aige seo leis an móitíf D1816.5.1 Druid by magic discovers whereabouts of abducted wife. Téann an dá mhóitíf a luadh siar i bhfad in Éirinn. Féach Tom Peete Cross, Motif-index of early Irish literature (Bloomington, Ind., 1952).
Tá tras-scríobh ar an scéal leis in Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic voices: bailiúchán Doegen 1931 (Béal Feirste, 2010), 124-7.
Teideal i mBéarla: The wives of the warriors of Ireland
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na
hÉireann
Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir:
Nóra
Nic Conaglaigh as Co. Dhún na
nGall
Duine a rinne an taifeadadh:
Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv,
Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 02-10-1931 ag 16:00:00 in: Teach
na Cúirte, Leitir Ceanainn. Taifeadta ar 02-10-1931 ag 16:00:00 in: Teach
na Cúirte, Leitir Ceanainn.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1255d2, ó cheirnín
seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:22
nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1255d2, ó cheirnín
seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:22
nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1255b2, ó
cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 02:22
nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1255b2, ó
cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 02:22
nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1255d2, ó cheirnín
seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:21
nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1255d2, ó cheirnín
seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:21
nóiméad ar fad.