Cú Chulainn - Tomás Ó Gallchobhair


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Nuair a d'fhág Cú Chulainn an baile thug sé fáinne dá bhean.

"Anois," a deir seisean, "nuair a líonfas mo mhac... nuair a líonfas a mhéar an fáinne cuir a fhad liomsa é."

Bhuel, nuair a chuir... líon a mhéar... a mhéar an fáinne chuir sí a fhad le Cú Chulainn an mac. Nuair a chonaic Cú Chulainn ag tarraingt air an mac chuir sé amach na fir ab fhearr bhí aige dá mhíotáil[1]. Nuair a... Bhí sé á gceangal agus á gcaitheamh 'na dhéidh ar an léana. Nuair a chonaic Cú Chulainn goidé a bhí a mhac a dhéanamh leis na fir chuaigh sé féin amach á mhíotáil, in araicis aige. D'fhiafraigh sé... Chuaigh an bheirt a throid. Nuair a... Mharaigh Cú Chulainn a mhac.

"Ó, Cú Chulainn, Chú Chulainn,
A athair is tú tollaithe,
(Ab é nach) d'aithin tú d'aonmhac
T'urchar fuar fann, agus an tsleag[2] in aghaidh a hurla.

"Lig domh tuitim ar m'aghaidh, le heagla go ndéarfadh an Fhéinn go ndéanfainn teitheadh as teangmháil."

"Ó," arsa Cú Chulainn,

"Bheirimsa mo mhallacht do mhná an domhain
Agus do do mháthair féin go hiomlán,
A mhéad de mheangaíl atá ins na mná
D'fhág do lanntracha[3] dearg.

"Och, och agus mé ar mire
Ag goil suas malaidh Shliabh Buile,
Ceann mo mhic in mo láimh dheis,
A chuid airm agus éideadh insa lámh eile.

Ó, is ionann mac agus a bheith gan aon mhac,
An té a mbeadh aige an sé nó an seacht
Ní théanfaí[4] a chreach in éineacht."

Aistriúchán

When Cú Chulainn left home he gave his wife a ring.

"Now," he said, "when my son fills... when his finger fills the ring send him to me."

Well, when his finger filled the ring she sent the son to Cú Chulainn. When Cú Chulainn saw the son drawing near he sent out his best men to meet him. He tied them up and threw them on the lawn behind him. When Cú Chulainn saw what his son was doing to the men he went out himself to meet him, to confront him. The two began to fight. Cú Chulainn killed his son.

"Oh, Cú Chulainn, Cú Chulainn,
Father, when you were wounded (?),
Did you not (?) recognize your only son
Your cold weak shot, the spear pointing backwards (?).

Let me fall on my face, for fear that the warriors would say I fled the fight."

"Oh," said Cú Chulainn,

"I curse the women of the world
And your own mother entirely,
Such is the guile of women
That it has left your blades red.

"Alas, alas, and I am mad with rage
Climbing the slope of Sliabh Buile(?),
My son's head in my right hand,
His weaponry and clothing in the other hand.

Oh, having a son is like having no son at all,
He who had six or seven
Would not be brought down outright."

Fonótaí

= mheetáil. Cf. Heinrich Wagner, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC, 1958-69), iml. 1, 291. (Back)
= an tsleá/tsleagh. Cf. Úna Uí Bheirn, Cnuasach focal as Teileann (BÁC, 1989), s.v. sleag. (Back)
= lanna. Cf. Patrick S. Dinneen, Foclóir Gaedhilge agus Béarla (BÁC, 1927; athchló 1996), s.v. lann. (Back)
= dhéanfaí. Xf. Maeleachlainn Mac Cionaoith, Seanchas Rann na Feirste (BÁC, 2005), 178. (Back)

Tráchtaireacht

Tá an scéal seo bunaithe ar an traidisiún a bhaineann le laoch mór na Rúraíochta Cú Chulainn, agus déantar cur síos ann ar eipeasóid ina dteipeann air a mhac a aithint. Cuireann sé comhrac air agus maraíonn sé é. Ar deireadh tuigeann sé cén t-ógfhear a bhí aige, agus cásaíonn sé a bhfuil déanta aige. Tá ceann de na leaganacha is luaithe den scéal seo i dtraidisiún na hÉireann ar marthain i Leabhar Mór Mhic Fhir Bhisigh Leacain, agus tá dátú déanta air go dtí an naoú céad. Mhair an scéal sa traidisiún scríofa agus sa traidisiún béil in Éirinn agus in Albain araon go dtí an fichiú céad ar a laghad. Féach Kuno Meyer, 'The death of Conla', Ériu 1 (1904), 113-21: 113. Tá catalógú déanta ar an eipeasóid lárnach sa scéal mar an mhóitíf idirnáisiúnta béaloidis N731.2 Father-son combat, agus cláraíodh i mórán tíortha ar fud an domhain é. Féach Stith Thompson, Motif-index of folk literature (atheagrán méadaithe, 6 iml., Bloomington, Ind., 1955-8). Tá scéal dealraitheach leis san eipic mhór Indiach de chuid na ceathrú haoise, Mahabharata, a bhaineann leis na gaiscígh Sohrab agus Rustem, agus rinneadh clárú ar scéalta eile ina bhfuil an mhóitíf sin sa Ghearmáin, sa Rúis, san Araib, i Sasana agus sa Pheirs. Tá plé cuimsitheach ar an ngaol a d'fhéadfadh a bheith ann idir na leaganacha seo in Anna M. Ranero, 'That is what Scáthach did not teach me: "Aided Óenfir Aífe" and an episode from the "Mahabharata"', Proceedings of the Harvard Celtic Colloquium 16-17 (1996-7), 244-55.

Tá leagan den scéal seo leis in Seosamh Laoide, Cruach Chonaill (BÁC, 1913), 96-8.

Teideal i mBéarla: Cú Chulainn
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Tomás Ó Gallchobhair as Co. Dhún na nGall
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 03-10-1931 ag 10:40:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn. Taifeadta ar 03-10-1931 ag 10:40:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1257d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:14 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1257d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:14 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1257b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 02:14 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1257b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 02:14 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1257d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:11 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1257d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:11 nóiméad ar fad.