Gleann an Smóil - Tomás Ó Gallchobhair


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Nuair a chuaigh Fionn go Gleann an Smóil a sheilg casadh dó an eilit mhaol. Bhí taobh daoithe ar dhath an ghuail agus an taobh eile ba ghile ná an sneachta ar toinn, agus ba luaithe í ná an seabhac (ar coillidh). Chuaigh sí amach thar an chnoc agus thiontaigh sí agus mharbh sí an chonairt. Nuair ab fhada leo a bhí an chonairt... Fionn a bhí an chonairt ar shiúl, chuir sé an ordóg ina bhéal, chogain sé faoina dhéad go smior.

"Aoinneach dá(r) lean an eilit mhaol, ní phillfidh choíche ach Bran nár chaill ariamh buaidhe sealg'."

De ráit[1] na bhfocla tháinig sí i láthair, Bran, í sáraithe suaite fliuch. Shuigh sí síos i bhfianaisí Fhinn, a ghoil go binn, a scread go cruaidh.

"Ó, (is) cosúil, a choileáin," (is) a ráitigh[2] Fionn, "go bhfuil ár gcinn i gcontúirt chruaidh."

Ansin a tháinig an bhean ba séimhíocha[3] a bhí ag sileadh súl.

"Is maith a aithnim," arsa Fionn, "ar (dhath) do bhrat sróil gur tú a bhí romham inniu i nGleann an Smóil go daingean[4]. Fiosraim duid an maireann beo an gadhar (...) (d'fhoireann) ár gcon?"

"Ó, dar an láimh sin ort ar d'aist[5] aríst," arsa sise, "aoinneach dár lean an eilit mhaol ní phillfidh choíche ach Bran, "nár chaill ariamh buaidhe sealg'. Ní luaithe a rachainn ar toinn," arsa sise, "ná go scarfainn mur[6] gcoirp le mur gcinn, mur bhfagha mé i mo chéile ag Fionn an áigh."

Tharraing sí lann le fiuchaireacht ghéar, le (an iomad dá) fíoch ina láimh dheis, bhain sí an ceann de chaogad laoch. Nár mhór an díd[7] a rinn an bhean.

"Fóill! Fóill ort!" arsa Fionn. "Ná cuir ón tsaol a'n[8] fhear níos mó. Glacaimsa leatsa mar mhnaoi ach go bé[9] Goll caoch (na ngrágán cró).

Aistriúchán

When Fionn went to Glenasmole hunting he happened upon the hornless doe. One side of her was the colour of coal and the other was brighter than surface snow, and she was swifter than a hawk above woodlands. She went out over the hill and she turned back and killed the pack of hounds. When they thought the hounds were gone a long time... When Fionn thought the hounds were gone a long time, he put his thumb in his mouth and he gnawed down to the marrow with his tooth.

"None that followed the hornless doe will ever return except Bran, who never lost a hunt (?)."

Having said those words, Bran appeared, bothered and confused and wet. She sat down by Fionn, crying sweetly, screeching harshly.

"Oh, it seems, hound," said Fionn, "that our heads are in grave danger."

Then along came the most placid woman who ever shed a tear (?).

"I know well," said Fionn, "by the colour of your satin cloak that you were the one before me today in Glenasmole for sure. I ask you, are any of my hounds still alive?"

"Oh, by that hand by your side (?)," she said, "none that followed the hornless doe will ever return except Bran, who never lost a hunt (?). As soon as I come down," she said, "I'll behead you all if I don't get warlike Fionn as my husband."

She drew her sword with great ferocity, and with great fury in her right hand (?) she beheaded fifty warriors. What a great deed the woman did.

"Easy! Go easy!" said Fionn. "Don't kill any more men. I [would] take you as my wife if it weren't for blind Goll of the (...).

Fonótaí

= . (Back)
I.e. dúirt. Cf. Seosamh Laoide, Cruach Chonaill (BÁC, 1913), 162, s.v. ráidhte. (Back)
= séimhe. Cf. séimhidh (= séimh) in Patrick S. Dinneen, Foclóir Gaedhilge agus Béarla (BÁC, 1927; athchló 1996) s.v. séimheach. Cf. Dónall Ó Baoill, An teanga theo: Gaeilge Uladh (BÁC, 1996), 85. (Back)
Leg. daighean? Cf. Ó Baoill, op. cit., 131. (Back)
= ar d'ais. Cf. Séamus Ó Searcaigh, Foghraidheacht Ghaedhilge an Tuaiscirt (Béal Feirste, 1925), §§ 188, 240-1. (Back)
= bhur. Cf. Art Hughes, 'Gaeilge Uladh', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 611-60: 657. (Back)
= 'deed'. (Back)
= aon. (Back)
= ach gurb é. Cf. Ó Baoill, op. cit., 122. (Back)

Tráchtaireacht

Seo leagan próis de laoi Fiannaíochta, ach tá mórán de línte na laoi ann fós. Is éard atá ann ná an chéad chuid de scéal, agus tá taifeadadh eile i mbailiúchán Doegen ón bhfaisnéiseoir céanna, faoin teideal 'Goll agus an bhean mhór', gur féidir a áireamh gurb é an dara leath den scéal seo atá ann. Nuair a chuirtear le chéile iad, is éard atá iontu ná scéal ar a dtugtar 'Laoi na mná móire' sa traidisiún, agus ina ndéantar cur síos ar bhanphrionsa Gréagach ar cuireadh draíocht uirthi agus a bhfuil cuma caillí gránna uirthi dá bharr. Cuireann sí cath ar na Fianna, agus maraíonn sí mórán díobh sula mbuaitear uirthi ar deireadh. Titeann na heachtraí amach i nGleann an Smóil, i gcontae Bhaile Átha Claith. Bhí an laoi seo coitianta go maith in Éirinn sa tréimhse ina raibh an nós ann laoithe dá leithéid a chanadh. Faightear leaganaacha i lámhscríbhinní de chuid na hochtú haoise déag, ar chuma an tsampla as Mainistir Chnoc Sheosaimh, Ros Cré, contae Thiobraid Árann. Féach Pádraig de Brún, 'Lámhscríbhinní Gaeilge i Ros Cré', Éigse 17:2 (1978), 215–19. Tá sampla eile ón ochtú céad déag sa lámhscríbhinn Gaelic Ms. 11 i gColáiste Naomh Maoileachlainn, Béal Feirste. Is ar lámhscríbhinn dá leithéid as contae Lú a bunaíodh an t-aistriúchán dar teideal The giantess, a d'fhoilsigh Matthew Graham i mBéal Feirste sa bhliain 1833. Féach Henry Morris, 'Matthew Moore Graham', Journal of the Louth Archaeological Society 9 (1938), 117. Leanadh ar an laoi a chanadh isteach san fhichiú haois agus rinneadh clárú air agus foilsíodh é i mbailiuchán de scéalamhráin i dteangacha Ceilteacha in eagar ag Hugh Shields: Scéalamhráin Cheilteacha (BÁC, 1985). Tá sampla iomlán den laoi, maille le haistriúchán in John O'Daly, 'Eachtra na mná móire thar lear', Transactions of the Ossianic Society 4 (1858), 74-101. Tá catalóg de lámhscríbhinní in Acadamh Ríoga na hÉireann agus i Músaem na Breataine a bhfuil an laoi seo iontu le fáil ag http://www.volny.cz/enelen/sc.htm.

Teideal i mBéarla: Glenasmole
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Tomás Ó Gallchobhair as Co. Dhún na nGall
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 03-10-1931 ag 10:40:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn. Taifeadta ar 03-10-1931 ag 10:40:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1257d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:08 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1257d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:08 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1257b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 02:08 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1257b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 02:08 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1257d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:07 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1257d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:07 nóiméad ar fad.