Goll agus an bhean mhór - Tomás Ó Gallchobhair


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Nuair a chonaic Goll cabhlach ag teacht isteach 'na[1] chuain, "Cé a bheireas scéal ón toinn?" arsa Goll.

"Mise," arsa Caoilte.

Badh é an fear a ba lúthmhaire san Fhéinn é. Ach nuair a rabh Caoilte... sara rabh sé ag an chuan bhí an bhean mhór astoigh i dtír. Nuair a chonaic sé scéimh na mná chreathnaigh sé ó mhullach go lár ach gur fhiafraigh sé cén talamh ná cén tír arbh as den mhnaoi bhreá.

"Ó, mise níon Ardrí Gréag," arsa sise, "d'fhéachfadh comhrac le deich gcéad laoch mur buil[2] ins an Fhéinn," ar sise, "agus Goll caoch. Aithris dó mo scéal, go scriosfaidh mé firibh Fáil mur bhfagha mé i mo chéile ag Fionn an áigh."

Nuair a chuaigh Caoilte a fhad le Goll agus d'inis sé an scéal do Gholl, ghléas Goll céad fear in airm ghléasta a ghoil a chomhrac leis an mhnaoi mhóir. Nuair a chuaigh an ghrian síos faoithe bhí naoi gcéad eile fá seach. Ná... An méid eile de na fir a bhí ann, (ghaibh) siad fá Ard na Laoch. Ach chuir Goll air a chlogad agus a scéith, a chlaíomh bheairt óir a ghoil a chomhrac leis an mhnaoi mhóir. Ó, cibé a tchífeadh comhrac na beirte, chuirfeadh siad ceatha tineadh dá n-airm nimhe agus ceatha fola dá gcuid sciathacha. Cé gur mhór neartúil Goll ba bheag lorg a láimhe insa mhnaoi. Cé gur mhaith a chlogad agus a scéith is iomaí cneá a bhí aisti air ina thaobh. Tháinig Fionn a fhad leis. "Maise," arsa Fionn, "tá tú sáraithe suaití fliuch le trí hoíche agus le trí lá. An dtabharfá cead do Oscar (amhgach)," ar seisean, "a ghoil a chomhrac leis an mhnaoi mhóir?"

"Ó, níl sé aon fhear beo 'na bheathaidh," arsa Goll, "ná in Éirinn más é an t-oileán is aoibhne bláth, aon fhear ní ligfinn a chomhrac léithe go dtuitfeadh sí le mo láimh."

Ach go bhfuair ina dhéidh sin Fionn cead ó Gholl do le Oscar (amhgach) ghoil a chomhrac leis an mhnaoi mhóir. "Anois," arsa Fionn, arsa seisean, "ach cuimhnigh[3], a mhic, a fhad agus bhí tú fá ghruaim aici insa cheangal gharbh."

Thug sé léim leoin de. Chuir sé a chlaíomh go dtí cuid n-a dhoirn fríd chorp na mná móire isteach. Ar thuitim 'un talaimh don mhnaoi mhóir, "Ó, mise níon Ardrí Gréag," arsa sise, "an bhean ba séimhíocha[4] a bhí ag sileadh súl ach go b'é draoitheachta chrosta m'athara féin a chuir (ag bliantaí) fá gheasa mé. Rinneadh fios dó," arsa sise, "dá bhfaghainn mac rí, nó ceannfort slua, go mbeadh mac agam a ngéillfeadh an domhan dó agus go gcaillfeadh seisean a cheann is a choróin."

Aistriúchán

When Goll saw a fleet coming into the bay, "Who will bring news from the sea?" said Goll.

"I will," said Caoilte.

He was the fastest man of the Fianna. But when Caoilte was... before he was at the bay the big woman had landed. When he saw the woman's form he shook from head to toe until he asked what land or country the beautiful woman was from.

"Oh, I'm the daughter of the High King of Greece," she said, "come to fight with a thousand warriors of the Fianna," she said, "and blind Goll. Tell him my story, that I will destroy the men of Ireland unless I get warlike Fionn as a husband."

When Caoilte reached Goll and told him the story, Goll dressed a hundred men in armour to go and fight the big woman. When the sun set behind her, there were still nine hundred. The remaining men went(?) to Ard na Laoch. But Goll put on his helmet and his shield and his gold-handled sword to go and fight the big woman. Oh, whoever could see the two fighting, there were showers of sparks from their deadly weapons and showers of blood from their shields. Although Goll was big and strong he didn't make much of an impact on the woman. Although his helmet and shield were good, he had many wounds on his side from the woman. Fionn came up to him. "Well," said Fionn, "you have been thwarted and confused and wet for three nights and three days now. Would you allow fierce(?) Oscar," he said, "go and fight the big woman?"

"Oh, there's no man alive," said Goll, "or in Ireland if it's a beautiful bountiful island, no man I'd allow fight her before she falls by my hand."

But afterwards Fionn got permission for fierce(?) Oscar to go and fight the big woman. "Now," said Fionn, he said, "remember, son, how long she had you pinned in a rough tackle."

He leapt like a lion. He put his sword up to the hilt into the big woman's body. When the big woman fell to the ground, "Oh, I'm the daughter of the High King of Greece," she said, "the most gentle woman who ever shed a tear were it not for the foul magic of my own father, who put me under a spell for years (?). It was foretold to him," she said, "that if I found a king's son, or an army commander, that I would have a son the whole world would submit to, and that he would lose his head and crown."

Fonótaí

= chun an. (Back)
= bhfuil. Cf. Dónall Ó Baoill, An teanga bheo: Gaeilge Uladh (BÁC, 1996), 54. (Back)
Leg. cuimnigh? Cf. E.C. Quiggin, A dialect of Donegal (Cambridge, 1906), § 298. (Back)
= séimhe. Cf. séimhidh (= séimh) in Patrick S. Dinneen, Foclóir Gaedhilge agus Béarla (BÁC, 1927; athchló 1996) s.v. séimheach. Cf. Dónall Ó Baoill, An teanga theo: Gaeilge Uladh (BÁC, 1996), 85. (Back)

Tráchtaireacht

Seo leagan próis de laoi Fiannaíochta, ach caomhnaítear mórán de línte na laoi ann. Is éard atá ann ná an dara cuid de scéal, agus tá an chéad leath den scéal, faoin teideal 'Gleann an Smóil' le fáil ar thaifeadadh eile i mbailiúchán Doegen, ón bhfaisnéiseoir céanna. Nuair a chuirtear le chéile iad, is éard atá iontu ná scéal ar a dtugtar 'Laoi na mná móire' sa traidisiún, agus ina ndéantar cur síos ar bhanphrionsa Gréagach ar cuireadh draíocht uirthi agus a bhfuil cuma caillí gránna uirthi dá bharr. Cuireann sí cath ar na Fianna, agus maraíonn sí mórán díobh sula mbuaitear uirthi ar deireadh. Titeann na heachtraí amach i nGleann an Smóil i gcontae Bhaile Átha Claith. Bhí an laoi seo coitianta go maith in Éirinn sa tréimhse ina raibh an nós ann laoithe dá leithéid a chanadh. Faightear leaganacha i lámhscríbhinní de chuid na hochtú haoise déag, ar chuma an tsampla as Mainistir Chnoc Sheosaimh, Ros Cré, contae Thiobhraid Árann. Féach Pádraig de Brún, 'Lámhscríbhinní Gaeilge i Ros Cré', Éigse 17:2 (1978), 215–19. Tá sampla eile ón ochtú céad déag sa lámhscríbhinn Gaelic Ms. 11 i gColáiste Naomh Maoileachlainn, Béal Feirste. Is ar lámhscríbhinn dá leithéid as contae Lú a bunaíodh an t-aistriúchán dar teideal The giantess, a d'fhoilsigh Matthew Graham i mBéal Feirste sa bhliain 1833. Féach Henry Morris, 'Matthew Moore Graham', Journal of the Louth Archaeological Society 9 (1938), 117. Leanadh ar an laoi a chanadh isteach san fhichiú haois agus rinneadh clárú uirthi agus foilsíodh í i mbailiuchán de scéalamhráin i dteangacha Ceilteacha in eagar ag Hugh Shields: Scéalamhráin Cheilteacha (BÁC, 1985). Tá sampla iomlán den laoi, maille le haistriúchán in John O'Daly, 'Eachtra na mná móire thar lear', Transactions of the Ossianic Society 4 (1858), 74-101. Tá catalóg de lámhscríbhinní in Acadamh Ríoga na hÉireann agus i Músaem na Breataine a bhfuil an laoi seo iontu le fáil ag http://www.volny.cz/enelen/sc.htm.

Tá tras-scríobh ar an scéal seo leis in Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic voices: bailiúchán Doegen 1931 (Béal Feirste, 2010), 114-17.

Teideal i mBéarla: Goll and the big woman
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Tomás Ó Gallchobhair as Co. Dhún na nGall
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 03-10-1931 ag 11:00:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn. Taifeadta ar 03-10-1931 ag 11:00:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1258d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:53 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1258d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:53 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1258b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 02:52 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1258b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 02:52 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1258d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:50 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1258d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:50 nóiméad ar fad.