An bunán buí - Nellie McConnell


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Ó, is a bhuinneáin bhuí, sé mo léan do luí
Is do chnámha sínte (ar leac Uí Fhloinn),
Ní díobháil bídh (ann ach) easbhaidh dí,
Órú, a d'fhág tú sínte ar chúl do chinn.
Dá gcuirfeá scéala fá mo dhéin
Bheinn féin (ar an rith id chomhair)
Go mbrisfinn béim ar an loch (faoi chéim),
Órú, a fhliuchfadh do chroí is do bhéilín binn.

Agus tá mo chorp leontaí agus m'intinn buarthaí,
Agus tháinig an óigbhean chugam isteach,
Órú, d'iarr mise póg uirthi uair nó dhó
Leis an tsláinte mhór a thabhairt ar ais,
M'ochón ó, mo mhíle brón,
Gan mé (óg is mé póstaí ort),
Órú, níl go fóill 's ní bheidh go deo,
Is a mhuirnín ó, mo bheannacht leat.

Ó, is ní hiad mur gcuid éanlaith atá mé (dh'iarraidh),
An chuach ná an (chraobh) ná an chorra ghlas,
Ach an buinneán (péacach ar talamh féarach),
Is gur dheise liom é (nach a dhlúth ná a dhath).
Bhí siad ag síor-ól na dí,
Is deir siad go mbím ar an (nóisean cheart),
Níl braon dá bhfaighinn nach ligfinn síos
(Ar) faitíos go bhfaighinnse bás den tart.

Aistriúchán

Oh, yellow bittern, alas that you are lying
With your bones stretched on O'Flynn's flagstone (?),
Not lack of food but want of a drink
Has left you lying face up.
If you had sent me word
I'd have run to your aid (?)
And dealt a blow to the lake (...)
Which would have wetted your heart and your sweet mouth.

And my body is hurt and my mind vexed,
And the young woman came to visit me,
I asked her for a kiss once or twice
To bring me back to health,
Alas, my thousand sorrows,
That I am not young and married to you,
I am not yet, and I will never be,
And my young sweetheart, farewell.

Oh, and it's not your birds that I am seeking,
The cuckoo or the (...) or the grey crane,
But the beautiful(?) bittern on the pasture (?),
And I prefer it to (...).
They were forever drinking,
And they say that I am right (?),
There isn't a drop I get that I don't swallow
For fear I'd die of thirst.

Tráchtaireacht

Cathal Buí Mac Giolla Ghunna (c.1680-1756), file as deisceart chúige Uladh, a chum an t-amhrán seo. Luaitear go minic é i mbéaloideas chúige Uladh agus tá an cháil air gur roghnaigh sé saol suilt agus dearóile tar éis gur thraenáil sé le bheith ina shagart. Bhailigh Patrick Higgins leagan den amhrán in 1845 agus dúirt go raibh sé 'composed by a drunken poet some years back in the county of Fermanagh, called Charles Gun who, on walking out of a frosty day near Lough MacNean, met a dead bittern on the ice and composed this song for the dead bird as the bittern is always fond of drink, and so was he' (Journal of the Irish Folk Song Society 20 (1967), 47). D'fhoilsigh Edward Bunting an fonn 'The Yellow Bittern' in The ancient music of Ireland (BÁC, 1840), 56. Tá aithne fhorleathan ar an amhrán ar fud na hÉireann i nGaeilge agus i leaganacha Béarla. Chum an réabhlóidí Thomas McDonagh (1878-1916), aistriúchán a raibh tóir ar leith air. Le haghaidh tuilleadh eolais faoin bhfile agus faoin amhrán féach: Breandán Ó Buachalla, Cathal Buí: amhráin (BÁC, 1975); Liam Mac Con Iomaire, Seosamh Ó hÉanaí: nár fhágha mé bás choíche (Indreabhán, 2007); agus Pádraigín Ní Uallacháin, A hidden Ulster: people, songs and traditions of Oriel (BÁC, 2003).

Teideal i mBéarla: The yellow bittern
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Nellie McConnell as Co. Dhún na nGall
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 03-10-1931 ag 12:00:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn. Taifeadta ar 03-10-1931 ag 12:00:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1260d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:56 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1260d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:56 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1260b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:56 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1260b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:56 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1260d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:55 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1260d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:55 nóiméad ar fad.