An cailín a thug stand líontaí agus bádaí do na daoinibh - Diarmuid Mac Giolla Cheara


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bhuel, bhí baile ann agus bhí siad bocht. Agus bhí siad... bhí siad bocht. Agus 'air[1] a bhí, tháinig cailín ionsorthu, nó lady, isteach tráthnóna agus d'fhiafraigh sí dófa an gcoinneochadh siad ise ' ceann cupla mí. D'abair sí go gcoinneocha-... D'abair siad go gcoinneochadh. Agus stop sí ansin acu agus fuair sí bád úr buildáilte dófa agus stand líontaí. 'Air a fuair, bhí sí ansin acu agus fuair sí bádaí don bhaile uilig agus stand líontaí. Agus 'air a fuair, d'imigh sí ansin. Agus bhí siad ag déanamh ar dóigh de, ag coinneachal[2] na scadán. Bhí siad á ndíol uilig a réir mar bhí siad á bhfáil. Agus 'air a bhí, d'imigh sise ansin. Agus 'air a bhí siad... 'air a bhí siad tamalt maith ag an iascaireacht d'imigh sí ansin agus d'iarr sí orthu tobán uisce a fhágáilt síos i steamra[3]. D'fhág siad tobán uisce thíos i steamra, agus 'air a d'fhág, d'imigh siad ansin. D'iarr sí orthu gan a ghoil amach an oíche seo a dh'iascaireacht. Cha dteachaigh. D'iarr sí orthu a ghoil síos ansin agus amharc ar an tobán, goidé mar a bhí an tobán. Agus chuaigh siad síos. Bhí an cupán ag slapáil ó thaobh go taobh ins an tobán. D'iarr sí orthu a ghoil síos an tríú heat[4]. Agus 'air a fuaigh, bhí an cupán, bhí sé tiontaithe sa tobán. D'imigh sise amach ansin ar an doras agus 'air a bhí sí ag goil amach d'iarr sí ar (achan) nduine acu gan a ghoil a dh'iascaireacht achoíche.

Aistriúchán

Well, there was a town and they were poor. And they were... they were poor. And a girl, or a lady, came to them one evening and she asked them if they would keep her for a few months. She said... They said that they would. And she stayed there and she had a new boat built for them and a stand of nets. She got boats for the whole town and a stand of nets. And she went away then. And they were doing very well from it, catching the herring. They were selling all of them as they were catching them. And she left then. And when... when they were fishing for a good while she went and asked them to leave a tub of water down in a room. They left a tub of water down in a room and then they left. She asked them not to go out fishing that night. They didn't. She asked them to go down then and to look at the tub, to see how it was. And they went down. The cup was slapping from side to side in the tub. She asked them to go down the third time. And when they did, the cup was overturned in the tub. She then went out the door and when she was going out she asked every one of them never to go fishing again.

Fonótaí

= nuair. (Back)
= ag gabháil. (Back)
= seamra/seomra. (Back)
I.e. uair. Cf. Leaslaoi Lúcás, Cnuasach focal as Ros Goill (BÁC, 1986), s.v. híot; E. Evans, 'A vocabulary of the dialects of Fanad and Glenvar, Co. Donegal', Zeitschrift für Celtische Philologie 32 (1972), 167-285, s.v. hiot. (Back)

Tráchtaireacht

Is cosúil go bhfuil dealramh áirithe ag an scéal seo le finscéal imirceach ar a dtugtar 'The ship-sinking witch', atá coitianta ar chósta iarthuaisceart na hÉireann, i nDún na nGall go háirithe. Faightear leis é in Albain, ar Oileáin Fharó, san Íoslainn agus san Fhionlainn. Baineann an scéal le cailleach, agus i ndiaidh d'iascairí í a mhaslú ar shlí éigin, cuireann sí babhlaí i ndabhach agus suaitheann sí an t-uisce, rud a fhágann go dtéann na babhlaí faoi uisce. An toradh a bhíonn air seo ná go dtéann báid na ndaoine a mhaslaigh í go tóin poill. Is léir ón bhfinscéal gur draíocht shimpiteach ('sympathetic magic') atá i gceist anseo, agus gur siombail iad na soithigh sa dabhach ar na báid san fharraige. Ar an gcuma seo, tá sé cosúil leis an scéal anseo againn ach go n-úsáidtear an draíocht chun fónaimh anseo agus go dtugtar foláireamh do na hiascairí gan dul ar an bhfarraige. D'fhéadfadh sé gur tógadh móitíf na soitheach sa damhach ar iasacht ó fhinscéal na caillí, nó d'fhéadfaí a áireamh gur malairt leagain nó insinte atá anseo, cé nach mór na difríochtaí atá idir é agus leaganacha Éireannacha agus idirnáisiúnta eile. Tá mionanailís ar an bhfinscéal ina chomhthéacs Éireannach agus Eorpach in Críostóir Mac Cárthaigh, 'The ship-sinking witch: a maritime folk legend from north-west Europe', Béaloideas 60-1 (1992-3), 267-86.

Tá tras-scríobh ar an scéal seo leis in Heinrich Wagner agus Colm Ó Baoill, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC, 1958-69), iml. 4, 287, agus in Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic voices: bailiúchán Doegen 1931 (Béal Feirste, 2010), 196-9.

Teideal i mBéarla: The girl who gave a stand of nets and boats to the people
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Diarmuid Mac Giolla Cheara as Co. Dhún na nGall
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 03-10-1931 ag 12:30:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn. Taifeadta ar 03-10-1931 ag 12:30:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1261d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:55 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1261d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:55 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1261b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:55 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1261b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:55 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1261d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:55 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1261d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:55 nóiméad ar fad.