An táilliúir aerach - Mánus Ó Creag


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Ó, táilliúir aerach mé a thug spéis do ghreann,
Go ndéanfainn súgradh le mo rúin ar faill,
Níl baile cuain ar bith dá ngluaisfinn ann
Nach bhfaighinn maighdean óg dheas ar bhuidéal leann.

Tá an oíche seo dorcha agus beidh go lá,
Chaill mé mo mhuirnín 's níl dul a'm[1] a fáil,
Ó, chuartaigh mé (an t-ísleacht is cúl an aird),
Nach í an neoinín álainn í atá doiligh a fháil.

Aistriúchán

Oh, I am a light-hearted tailor with an interest in fun,
I would flirt with my darling when I had the chance,
There isn't a coastal town I would visit
Where I would not get nice young maiden for a bottle of ale.

This night is dark and will be till day,
I have lost my darling and I cannot find her,
Oh, I searched the lowlands and the back of the hill (?),
Isn't she the beautiful daisy who can't be found.

Fonótaí

= agam. Cf. Heinrich Wagner, Gaeilge Theilinn (BÁC, 1959; athchló 1979), § 122. (Back)

Tráchtaireacht

Tá an iliomad amhrán a insíonn faoi shaol ábhailleach an táilliúra in Éirinn agus is sampla den saghas seo amhráin é 'An Táilliúir Aerach'. De réir Dhónaill Uí Shúilleabháin, 'the countryman bought his hand-woven cloth in suit-lengths at the fair and kept it at his home against the arrival of the journeyman-tailor, who made the suit on the spot and lived with his customer until it was finished. Hence he was engaged indoors while the man of the house was at work in the fields, the smithy or elsewhere. In the circumstances, the tailor's opportunities for dalliance must have been considerable' (Donal O'Sullivan, Songs of the Irish (BÁC, 1960), 40). San amhrán annamh seo, insíonn an táilliúir faoina chuid nósanna aeracha, faoina chuid ólacháin agus faoina chuid radaireachta leis na mná. Tá dlúthbhaint aige leis an dá véarsa dheireanacha den amhrán 'Tiocfaidh an samhradh (cuid 1)' atá le fáil i mbailiúchán Doegen. Níor cheart é a mheascadh leis an amhrán an-aithnidiúil a bhfuil an teideal 'An Táilliúir Aerach' air freisin (agus a dtugtar 'Amhrán an Ghabha' air uaireanta), a bhfuil curfá an-suaithinseach aige a thugann chun cuimhne an gabha ag bualadh ar an inneoin: Ding dong didilium, buail sin, séid seo ... D’imigh mo bhean leis an táilliúir aerach. Le haghaidh samplaí de seo féach: Fionán Mac Coluim, Amhráin na nGleann: cuid a haon (BÁC, 1939), 62-3; Dónal O'Sullivan, The songs of the Irish, 39-40; Mánus Ó Baoill, 'An Táilliúr Aerach', Ceolta Gael 2 (Corcaigh, 1986), 91-2; agus David Cooper (eag.), The Petrie collection of the ancient music of Ireland (Corcaigh, 2002), 195-200). Foilsíodh amhrán eile dar teideal 'An Tailliúir Aerach', a ndeirtear faoi gurb é Conchubhar Máistir Ó Ríoghbhardáin, Cluain Droichead, contae Chorcaí (c.1770-1840) a chum, in The Journal of the Irish Folk Song Society 21 (1924), 9-11. Ar deireadh, is sampla eile fós é an t-amhrán 'Bean an Fhir Rua' d'amhrán a insíonn scéal táilliúra a bhfuil dúil aige i mbean chéile fir eile.

Teideal i mBéarla: The merry tailor
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Mánus Ó Creag as Co. Dhún na nGall
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 03-10-1931 ag 15:40:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn. Taifeadta ar 03-10-1931 ag 15:40:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1263d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:10 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1263d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:10 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1263b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:10 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1263b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:10 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1263d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:08 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1263d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:08 nóiméad ar fad.