Nuair a bhí mé beag baoideach (cuid 1) - Patrick Campbell


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Nuair a bhí mé beag baoideach ag mo dhaoiní insa bhaile bhí fear ina chónaí i mbaile a dtugann siad Mín na Croise air arbh ainm dó Pádraig Ó Gallchóir. Bhí sé ina chónaí go han-bhocht. Ní rabh maoin, caoirigh nó eallaigh aige nó mórán slí beo ach ag déanamh gléasarthaí[1] beaga, soithí beaga, fá choinne coinneáilt uisce. Lá amháin, fuair sé scéala a ghoil síos go Baile Uí Eaghra a dhéanamh soitheach fá choinne coinneáilt biotáilte, déanamh biotáilte. D'imigh sé agus nuair a bhí sé ag goil fríd an bhaile chuaigh a chos síos i ndíog leis. Ní rabh sé ag fáil a chos tarraingthí[2] leis, agus dúir'[3] sé lena chos féin, "Go rabh tú ag an diabhal," ar seisean, "agus tar aníos as sin."

Fuair sé an chos leis agus d'imigh sé go teach a rabh sé ag goil... go dtí an teach a rabh sé ag goil a dh'obair[4] ann. Nuair a chuaigh sé 'un toighe thosaigh sé ar an ghléas a rabh sé ag goil a dh'obair uirthi agus níor chríochnaigh sé an gléas an lá sin.

Tháinig sé abhaile tráthnóna agus maidin lá harna mhárach d'imigh sé arís. Nuair a bhí sé ag goil trasna ins an áit chéanna chuaigh a chos síos insa díogaidh agus ní rabh dul aige an chos a fháil leis. Bhuel, labhair an rud a bhí thíos insa díogaidh, "Is mise an diabhal," arsa seisean, "agus ní thig leat do chos a fháil leat. Thug tú an chos domhsa inné. Agus is liomsa thú inniu."

"Bhuel," arsa Pádraig, "lig cead domh inniu. Tá mé ag goil a shaothrú páighe lae. Agus déan an giota beag iarainn daod[5] féin anois," arsa Pádraig, "agus gabh isteach in mo phóca agus siúil liom."

"Maith go leor," arsa an diabhal.

Rinn sé an giota iarainn dó féin agus chuaigh sé isteach ina phóca. Chuaigh siad go dtí an teach a rabh sé ag déanamh an ghléas fá choinne coinnéailt na biotáilte, déanamh ghnoithí na biotáilte, agus chríochnaigh an job an lá seo. Nuair a chríochnaigh sé an gléas an lá seo sé an pháighe a fuair sé dhá phíosa toistiúna. Tháinig sé abhaile tráthnóna agus nuair a bhí sí ag teacht ar an bhealach abhaile, smaoitigh[6] sé go rachadh sé a fhad leis an ghabha a bhí ins na Cealla Beaga go bhfaghadh sé fiacail chleith fhorsaidh[7] déanta den ghiota iarainn.

Chuaigh sé a fhad leis an ghabha, agus an chéad bhuille a thug an gabha don ghiota iarainn, d'éirigh sé ina splancacha tineadh ar fud an urláir. Thug an gabha iarraidh buille den chasúr ar Phádraig agus hobair nach muirfe-... nár mharaigh sé Pádraig. Fuair Pádraig bocht (téite) agus thug sé iarraidh ar an bhaile. Nuair a bhí sé ag teacht aníos chuig droichead Fhionn Trá, bhí fear ina sheasamh ar an bhóthar roimhe.

Aistriúchán

When I was a young lad at home with my people there was a man living in a town called Meenacross whose name was Patrick Gallagher. He was living very poorly. He had no wealth, sheep or cows or much of a living other than making little appliances, little vessels, for holding water. One day, he was called down to Ballyhara to make a barrel for holding spirits, making spirits. He left and when he was going through the town his leg went into a drain. He wasn't able to pull his leg out, and he said to his own leg, "May the devil have you," he said, "and come out of there."

He freed the leg and he went to a house where he was going... to the house he was going to work in. When he went to the house he started on the appliance on which he was going to work and he didn't finish the appliance that day.

He came home in the evening and he left again the following morning. When he was going across in the same place his leg went down into the ditch and he wasn't able to free the leg. Well, the thing that was down in the ditch spoke, "I am the devil," he said, "and you can't release your leg. You gave me the leg yesterday. And you are mine today."

"Well," said Patrick, "let me off today. I am going to earn a day's pay. And make a small piece of iron of yourself now," said Patrick, "and go into my pocket and walk with me."

"Fair enough," said the devil.

He made himself into the little piece of iron and he went into his pocket. They went to the house in which he was making the appliance for keeping the spirits, the spirit-making business, and he finished the job this day. When he finished the appliance this day the pay he got was two forpenny pieces. He came home in the evening and when he was coming home along the way, he thought that he would go as far as the smith who was in Killybegs to get a harrow-pin made out of the bit of iron.

He went to the smith, and the first blow the smith gave the piece of iron, it burst into a shower of sparks all over the floor. The smith tried to hit Patrick with the hammer and very nearly killed Patrick. Poor Patrick was heated(?) and he headed for home. When he was coming up to Fintragh bridge, there was a man standing in the road before him.

Fonótaí

= gléasanna. Cf. Úna Uí Bheirn, Cnuasach focal as Teileann (BÁC, 1989), s.v. gléas. (Back)
Cf. tairrnídh in A. J. Hughes, Leabhar mór bhriathra na Gaeilge (Béal Feirste, 2008), 360. (Back)
= dúirt. Cf. Heinrich Wagner, Gaeilge Theilinn (BÁC, 1959; athchló 1979), § 399. (Back)
Cf. Dónall Ó Baoill, An teanga bheo: Gaeilge Uladh (BÁC, 1996), 118. (Back)
= díot. (Back)
= smaointigh. Cf. Maeleachlainn Mac Cionaoith, Seanchas Rann na Feirste (BÁC, 2005), 171. (Back)
= fhoirsidh/fhoirste. Cf. E.C. Quiggin, A dialect of Donegal (Cambridge, 1906), § 278, re forsadh (= foirseadh). (Back)

Tráchtaireacht

Tagann cuid 1 agus cuid 2 den scéal seo le chéile ina scéal níos faide fós, más scéal neamhiomlán féin é, agus is éard atá ann go bunúsach ná meascán de dhá scéal idirnáisiúnta béaloidis, is é sin le rá ATU 330 The smith and the devil, agus ATU 332 Godfather Death. Baineann an chéad scéal béaloidis de ghnáth le fear a dhíolann a anam leis an diabhal, ach ina dhiaidh sin tugann sé lóistín do Naomh Peadar, agus bronntar trí ghuí air mar luach saothair. Guíonn sé go bhfaighidh sé crann torthaí agus cathaoir a ngreamóidh daoine di go dtí go n-ordaíonn sé féin go scaoilfí iad. Guíonn sé leis go bhfaighidh sé sac a tharraingíonn daoine isteach ann. Faigheann sé an ceann is fearr ar an diabhal nuair a éiríonn leis é a ghreamú den chathaoir agus den chrann, agus breith air sa mhála agus é a bhualadh. Scaoiltear ón gconradh leis an diabhal é, agus nuair a fhaigheann sé bás, buaileann sé bob ar Naomh Peadar chun go scaoilfí ar neamh é. Tá an scéal an-choitianta, agus faightear é san Eoraip, sa Chianoirthear, i gcríocha Mheiriceá agus san Afraic Theas. Féach Hans Jorg Uther, The types of international folktales: a classification and bibliography (3 iml., Helsinki, 2004). Cuid de na móitífeanna, an diabhal ag greamú de chrann, mar shampla, téann siad siar go dtí an tSean-Ghréig, ach tháinig an scéal mar atá anois chun cinn den chéad uair san Iodáil sa séú céad déag. Féach Stith Thompson, The folktale (Berkeley, Ca., 1946), 46. Tá sé ar cheann de na scéalta béaloidis is coitianta in Éirinn, agus tá samplaí cláraithe i ngach cuid den tír, geall leis. Féach Seán Ó Súilleabháin agus Rieder Th. Christiansen, The types of the Irish folktale (Helsinki, 1968). I leaganacha áirithe de chuid na hÉireann ní ligtear don ghabha dul go neamh ná go hifreann, agus cuirtear iachall air dul ar seachrán ar fud na cruinne. Bhí an scéal seo ina bhunús le ceann de na húrscéalta is túisce a foilsíodh sa Nua-Ghaeilge, is é sin Séadna (BÁC, 1904) le Peadar Ó Laoghaire.

An dara scéal béaloidis anseo baineann sé le fear a roghnaíonn an Bás mar athair baistí dá mhac, toisc go bhfuil an Bás neodrach agus go gcaitheann sé mar an gcéanna le gach duine. An luach saothair a thugtar dó ná an cumas a fheiscint an bás nó leigheas atá i ndán do dhuine breoite. Feiceann sé an bhfuil an Bás ina sheasamh ag ceann na leapa, nó ag a cos, rud a léiríonn dó cén toradh a bheidh ar an mbreoiteacht. Déanann sé dochtúir saibhir rathúil de féin dá bharr, ach ar ócáid amháin tréigeann sé an Bás nuair a chasann sé an leaba timpeall agus é ag iarraidh beatha othair shaibhir a shábháil. Nuair a thagann an Bás ar deireadh chun an dochtúir féin a bhreith leis, is minic a dhéanann sé iarracht éalú óna bhfuil i ndán dó, ach ar deireadh beireann an Bás leis é. Is minic a insítear an scéal agus scéalta béaloidis eile ina theannta, mar atá i gceist anseo. Tá clárú déanta air ón gceathrú haois déag ar aghaidh ar a laghad, agus tá sé coitianta san Eoraip, sa Mheánoirthear agus i gcríocha Mheiriceá. Féach Hans Jorg Uther, op. cit. Tá an scéal seo coitianta in Éirinn leis, agus faightear ar fud na tíre é. Féach Seán Ó Súilleabháin agus Rieder Th. Christiansen, op. cit.

Ta roinnt móitífeanna idirnáisiúnta bealoidis sa scéal seo, ina measc Q115 Reward: any boon that may be asked, D1413.1 Tree from which one cannot descend, agus D1825.3.1 Magic power of seeing Death at head or foot of bed and thus forecasting progress of sickness. Féach Stith Thompson, Motif-index of folk literature (atheagrán méadaithe, 6 iml., Bloomington, Ind., 1955-8).

Tá leagan den scéal seo in Nollaig Mac Congáil agus Ciarán Ó Duibhín, Glórtha ón tseanaimsir (Gleann an Iolair, 2009), 52-4.

Teideal i mBéarla: When I was a young lad (part 1)
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Patrick Campbell as Co. Dhún na nGall
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 04-10-1931 ag 16:30:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn. Taifeadta ar 04-10-1931 ag 16:30:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1267d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:56 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1267d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:56 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1267b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 03:56 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1267b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 03:56 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1267d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:54 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1267d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:54 nóiméad ar fad.