Teagasc Críostaí an Chonnachtaigh - Aodh Ó Dubhthaigh
Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime]
[Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)]
[Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]
Tras-scríbhinn
In ainm an Athar is an Mhic is an Spioraid Naoimh. Áiméan.
Teagasc Críosta an Chonnachtaigh.
Cé a chruthaigh thú? Chruthaigh an tAthair mé.
Goidé an cruthú a thug sé ort? Rinne sé ar an chuma agus ar an déanamh leis féin
mé.
Cé a cheannaigh thú? Cheannaigh an Mac mé.
Goidé an ceannacht a thug sé ort? A chuid fola agus feola a strócadh ar chrann na
croiche, é a chéasadh ar mo shon.
Cé a thug tiolacaidh[1] dhuid? An
Spiorad Naomh.
Goidé na tiolacaidh a thug sé dhuid? Na cúig céadfha[2] corporala: blas, boladh, mothú, amharc
agus éisteacht, lúth mo chosa agus mo lámha. An Spiorad Naomh a bheannaigh mé, '
thug ó laige go neart mé agus ' thug cumhacht domh ar ainspiorad na láimhe
clí.
Cén fáth a n-abrann tú Áiméan? Ag iarraidh ar Dhia an ní sin a dúirt muid a bheith
déanta go maith in ainm Dé.
Cé hé d'athair? Tá, Dia.
Cé hí do mháthair? Tá, an Eaglais.
Goidé a bheir an Eaglais mar mháthair agad? Mar is í do bhaist mé.
Goidé a ní baisteadh dhuid? Ní[3] sé Críostaí dhomh.
Goidé an rud Críostaí? An té a aidíos[4],
chreidíos[5]
agus choimhlíonas dligheadh Dé go hiomlán.
Cén comhartha Críostaí atá ort? Comhartha na cara Críosta ina ndéanaim mé féin a
choiscreacadh.
Cá mhéad uair a ndéan tú tú féin a choiscreacadh? Gach uile uair agus gach uile
am. Níl am áiridhe agam leis ach go speisialta ag luí agus ag éirí domh. Bíonn sé
ina scáth dídin eadar muid féin agus anchumhachtaí an diabhail.
Cé ar beag duid sin a rá do[6]
bhriathra béil agus gan do lámh a chorrú leis? Nuair a chuirim mo lámh ar mo
cheann, cuiridh[7] sé i gcuimhne domh gur thuas atá an
tAthair trócaireach, an chéad phearsa den Tríonóid. Nuair a chuirim mo lámh ar mo
bhroinn, aidím agus creidím gur ghlac Mac Dé colann daonna, go dteachaigh[8] sé i mbroinn na hÓighe ag
sábháil an chineadh daoiní a bhí ag goil go hifreann.
Cá fhad a bhí siad ag goil go hifreann? Corradh agus ceithre mhíle bliain.
Nuair a chuirim mo lámh ar mo ghualainn deas agus ar mo ghualainn clí, aidím agus
creidím gur eadar an tAthair agus an Mac a(r) tháinig agus a
dtiocfaidh.
Goidé an comhartha nach trí déithe iad sin, mar 'tá an tAthair, an Mac agus an
Spiorad Naomh? Ní iontaí é ná go bhfuil an siocán agus an sneachta agus leac
oighreoige agus gan iontu ach aon uisce amháin.
Aistriúchán
In the name of the Father and the Son and the Holy Spirit. Amen.
The Connachtman's Catechism.
Who created you? The Father created me.
How did he create you? He made me in his own likeness and design.
Who redeemed you? The Son redeemed me.
How did he redeem you? By his blood and flesh which was torn on the cross, by
being crucified for me.
Who gave you graces? The Holy Spirit.
What graces did he give you? The five corporal senses: taste, smell, touch, sight
and hearing, the use of my legs and arms. It was the Holy Spirit that blessed me,
brought me from weakness to strength and gave me power over the evil spirit of the
sinister side.
Why do you say Amen? To ask God that what we have said be done well in the name of
God.
Who is your father? God.
Who is your mother? The church.
What makes the Church your mother? Because it is she who baptised me.
What does baptism do for you? It makes me a Christian.
What is a Christian? One who accepts, believes and fulfils God's law fully.
What is the Christian sign you have? The sign of the cross of Christ with which I
bless myself.
How many times do you bless yourself? At any time. I don't have a particular time
for it but especially when I go to bed and get up. It is a shield between us and
the evil powers of the devil.
Is it enough to say that with words without moving your hand as well? When I put
my hand on my head, it reminds me that the merciful Father is above, the first
person of the Trinity. When I put my hand on my breast, I accept and believe that
the Son of God became human, that he went into the womb of the Virgin to save
mankind which was going to hell.
How long were they going to hell for? Over four thousand years.
When I put my hand on my right shoulder and on my left shoulder, I accept and
believe that all that has come and will come is between the Father and the
Son.
What is the sign that they are not three Gods, namely the Father, the Son and the
Holy Spirit? It is no more surprising than the fact that frost and snow and ice
are each the same water.
Fonótaí
= tíolacaidh/tíolacthaí. Cf. Alf Sommerfelt, The dialect of Torr, Co. Donegal (Christiania, 1922), § 31. (Back)= céadfa. (Back)
Leg. Ghní? (Back)
= admhaíonn/admhaíos. Cf. Sommerfelt, op. cit., § 455. (Back)
= chreideas/chreideann. (Back)
= de. (Back)
= cuireann. Cf. Art Hughes, 'Gaeilge Uladh', Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 611-60: 639-40. (Back)
= ndeachaigh. (Back)
Tráchtaireacht
Seo sampla den Teagasc Críostaí, á insint ó mheabhair is dócha, ach is cinnte go bhfuil sé bunaithe ar leagan clóbhuailte. Tosaíodh ar theagasc mar seo a chur i gcló as Gaeilge sa séú céad déag, agus tá cóipeanna de mhorán acu seo ar marthain fós sa lá atá inniu ann. Scríobh Seon Carsuel caiticiosma Preispitéireach dar teideal Foirm na n-urrnaidheadh (Dún Éideann, 1567) agus scríobh Seán Ó Cearnaigh leagan Anglacánach dar teideal Aibidil Gaoidheilge agus caiticiosma (BÁC, 1571). D'fhoilsigh Bonaventura Ó hEodhasa An teagasg Críosdaidhe (Antwerp, 1611), a bhí bunaithe ar shamplaí ón bhfrith-reifeirméisean a bhí eisithe ag scoláirí Íosánacha ar mhór-roinn na hEorpa. Féach Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic voices: bailiúchán Doegen 1931 (Béal Feirste, 2010), 135. D'fhoilsigh Francis Hutchinson, Easpag an Dúin agus Choinnire, caiticiosma Eaglais na hÉireann sa bhliain 1722 do mhuintir Reachlainn, faoin teideal Tegask Kreesdee, eayhon, leahinn as ionoloma do gagh oole yhuine, sul raghas for laiv esbic: a Kristian katekism, etc. Féach Séamus Ua Casaide, 'Some Irish publications in Ulster', Ulster Journal of Archaeology 16:2/3 (1910), 97-100: 97. Sampla luath de chaiticiosma Caitliceach a foilsíodh i nGaeilge Uladh ná An teagask Creestye, agus paidreagha na mainne agus an tranona (Dún Dealgan, 1793) le Michael O'Reilly.
Tá tras-scríobh ar an mír seo leis in Ní Bhaoill, Ulster Gaelic voices, 134-7. Tá leagan eile de ón scéalaí céanna in An tUltach 11:4 (1934), 6.
Teideal i mBéarla: The Connachtman's Catechism
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na
hÉireann
Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir:
Aodh
Ó Dubhthaigh as Co. Dhún na
nGall
Duine a rinne an taifeadadh:
Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv,
Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 05-09-1931 ag 13:00:00 in: Teach
na Cúirte, Leitir Ceanainn. Taifeadta ar 05-09-1931 ag 13:00:00 in: Teach
na Cúirte, Leitir Ceanainn.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1275d1, ó cheirnín
seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:33
nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1275d1, ó cheirnín
seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:33
nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1275b1, ó
cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 03:33
nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1275b1, ó
cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 03:33
nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1275d1, ó cheirnín
seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:30
nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1275d1, ó cheirnín
seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:30
nóiméad ar fad.