Salve Regina - Aodh Ó Dubhthaigh


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Go mbeanna(íthear) dhuid, a Bhanríon[1] bheannaithe, a Mháthair na trócaire,
Ár mbeatha, ár milseacht agus ár ndóchas,
Is ort a ghuímid[2], clann bhocht dhíbeartha Éabha,
Go dtí thú (a chuireann muid ár n-osnaí, is sinn) ag déanamh tuirse agus bróin ar an ghleann seo na ndeor.
Ar an ábhar sin, a Eadarghuítheoir,
Féach orainn le do shúile trócaireach,
Agus nuair a bheas ár ndíbreacht[3] ar an tsaol seo críochnaithe
Teisteáin[4] dúinn toradh beannaithe do bhroinne, Íosa.
A Mhuire mhilis, cheansa, chráifeach, mhilis,
Guigh orainne, a Naomh-Mháthair Dé,
Ionas go ndéanf(aí) sinn fiúntach geallúnacha Chríosta do fháil. Áiméan.

Aistriúchán

Translation in hand. Aistriúchán go Béarla idir lámha.

Fonótaí

Leg. bha’ríon? Cf. Dónall Ó Baoill, An teanga bheo: Gaeilge Uladh (BÁC, 1996), 18. (Back)
Recte ghlaoimid? (Back)
= ár ndíbirt. (Back)
= taispeáin. Cf. Heinrich Wagner, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC, 1958-69), iml. 1, 295. (Back)

Tráchtaireacht

Tá leaganacha den phaidir seo le fáil in Douglas Hyde, Abhráin diadha chúige Connacht (2 iml., Londain agus BÁC, 1906), iml. 2, 206-9.

Teideal i mBéarla: Salve Regina
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Aodh Ó Dubhthaigh as Co. Dhún na nGall
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 05-09-1931 ag 13:20:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn. Taifeadta ar 05-09-1931 ag 13:20:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1276d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:39 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1276d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:39 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1276b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:39 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1276b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:39 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1276d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:38 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1276d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:38 nóiméad ar fad.