Fear a rabh mac aige - Pádraig Ó Gallchobhair


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bhí fear am amháin agus bhí mac aige is bhí sé an-dreabhlásach, agus rinn sé achan rud nas[1] measa ná a chéile. Bhíodh sé ar meisce, agus ghoideadh sé achan rud, agus bhí sé in éis mná, agus bhuaileadh sé a athair agus a mháthair. Agus shíl sé leis féin am amháin go ndéanfadh sé aithreachas agus go rachadh sé ar faoiside chuig an tsagart.

Chuaigh sé ar faoiside chuig an tsagart agus rinn sé a fhaoiside is d'ins[2] an sagart dó nach dtiocfadh leis a'n[3] dadaí a dhéanamh leo... leis.

"Bhuel," arsa seisean, "goidé atá mé le teanamh[4] anois?"

"Rachaidh tú chuig an easpag."

Chuaigh sé chuig an easpag agus rinn sé a fhaoiside don easpag agus d'ins an t-easpag dó nach dtiocfadh leisean a'n dadaí a dhéanamh leo... leis.

"Bhuel," arsa seisean, "goidé atá mé le teanamh anois?"

"Téigh ionsair[5] an Phápa."

Chuaigh sé ionsair an Phápa agus d'ins sé dó a fhaoiside agus d'ins an Pápa dó go dtabhairfeadh seisean maithiúnas dó dhá ndéanfadh sé an t-aithreachas a chuirfeadh sé air. Dúirt sé go ndéanfadh sé aithreachas ar bith a chuirfeadh sé air.

"Bhuel, gabh abhaile," arsa seisean, "agus tá tom a chos na habhna insa bhaile agus suigh faoi an tom sin go dtigidh dilliúr air."

Chuaigh sé 'na[6] bhaile agus shuigh sé faoin tom. Agus oíche amháin a bhí sé ina shuí chonaic sé beirt fhear ar an track ar an chúl agus bhí siad ag tiomáint cupla bearach agus thug siad fá deara é agus tháinig fear acu chuige agus d'fhiostraigh sé dó, "Cé thú féin? An fear den tsaol thú ar chor ar bith nó goidé tá tú a dhéanamh anseo comh mall san oíche?"

D'ins sé dó go rabh sé ag déanamh aithreachas agus an cineál diúnlach a bhí sé.

"Bhuel," arsa seisean leis, "diúnlach den chineál chéanna mé féin." Agus deir sé leis an chomrád, "Tiomáin leat na heallaigh. Cha bhfeicim tú nas mó agus dhéanfaidh[7] mise aithreachas fost'."

Agus shuigh seisean faoin tom fost'. Bhí an chéad fhear, bhí sé trí bliana faoin tom sula (dtala)... sula (dtear) deilg air. Agus bhí an dara fear, bhí sé ceithre bhliana faoin tom sula (dtear'adh) dilliúr air.

Aistriúchán

There was a man once and he had a son and he was very wanton, and he did everything worse than the other. He would be drunk, and he would rob everything, and he was after women, and he would hit his father and his mother. And he thought to himself one time that he would repent and that he would go to the priest for confession.

He went to confession to the priest and he made his confession and the priest told him that he couldn't do anything with them... him.

"Well," he said, "what am I to do now?"

"You will go to the bishop."

He went to the bishop and he made his confession to the bishop and the bishop told him that he could do nothing with them... him.

"Well," he said, "what am I to do now?"

"Go to the Pope."

He went to the Pope and he told him his confession and the Pope told him that he would give him absolution if he would do the penance that he gave him. He said that he would do any penance he gave him.

"Well, go home," he said, "and there is a bush beside the river at home and sit under that bush until the leaves come on it."

He went home and he sat under the bush. And one night when he was sitting he saw two men on the track behind him and they were driving a couple of heifers, and they noticed him and one of them came to him and asked him, "Who are you? Are you a man of this world at all or what are you doing here so late at night?"

He told him that he was doing penance and what kind of fellow he was.

"Well," he said to him, "I am the same type of fellow." And he said to his companion, "Drive on the cattle. I will see you no more and I will do penance too."

And he sat under the bush also. The first man was three years under the bush before ... before a thorn came(?) on it. And the second man was four years under the bush before leaves came(?) on it.

Fonótaí

= níos. Cf. Dónall Ó Baoill, An teanga bheo: Gaeilge Uladh (BÁC, 1996), 146. (Back)
= d’inis. (Back)
= aon. (Back)
= déanamh. Cf. Art Hughes, 'Gaeilge Uladh', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 611-60: 653. (Back)
Leg. inseir? (Back)
= chun an. (Back)
= déanfaidh. Cf. Hughes, op. cit., 652. (Back)

Tráchtaireacht

Is cosúil go bhfuil gaol aige seo le scéal idirnáisiúnta béaloidis, ATU 756C The two sinners. Sa ghnáthleagan de seo déantar cur síos ar fhear a dhéanannn aithrí ina chuid peacaí, agus déanann sé faoistin le roinnt fear naofa, ach diúltaíonn siad go léir maithiúnas a thabhairt dó. Ar deireadh deir duine acu go gcaithfidh sé aithrí a dhéanamh go dtí go dtiocfaidh bláth ar thuige atá curtha sa talamh aige. I leaganacha áirithe, deir an fear naofa go dtabharfar aspalóid don pheacaí nuair a chuirfidh a leithéid seo de bhachall bachlóga amach. Tar éis dó mórán blianta a chaitheamh ag déanamh aithrí, buaileann sé le peacach eile agus áitíonn sé air éirí as an olc, nó aiféala a bheith air faoi dhrochghníomh éigin a rinne sé. I leaganacha áirithe, maraíonn sé dúnmharfóir chun nach maródh sé níos mó daoine. Péacann an bhachall nó an tuige mar thoradh ar an idirghabháil seo, agus tugtar aspalóid dó. Téann cuid de na leaganacha is luaithe den scéal seo siar go dtí an cúigiú céad déag ar a laghad. Féach D. L. Ashliman, A guide to folktales in the English language: based on the Aarne-Thompson classification system (Bloomington, Ind., 1987). San Eoraip, i dtuaisceart na hAfraice agus sa Mheánoirthear is mó a fhaightear an scéal. Féach Hans Jorg Uther, The types of international folktales: a classification and bibliography (3 iml., Helsinki, 2004). Níl sé an-choitianta in Éirinn, agus ní mór na samplaí de a cláraíodh. Féach Seán Ó Súilleabháin agus Rieder Th. Christiansen, The types of the Irish folktale (Helsinki, 1968). Tá roinnt móitífeanna idirnáisiúnta béaloidis ann leis, is iad sin le rá Q520.2 Robber does penance, V29.1 Search for confessor: great sinner sent from one confessor to another, agus Q521.1 Doing penance till green leaves grow on a dry branch. Féach Stith Thompson, Motif-index of folk literature (atheagrán méadaithe, 6 iml., Bloomington, Ind., 1955-8). Is é is dóichí ná go bhfuil gaol aige le scéal eiseamláireach de chuid na meánaoiseanna, #3664 Penance, flowering dry stick. Féach Frederic C. Tubach, Index exemplorum (Helsinki, 1981). Faightear móitíf an tuige nó na bachaille ag bláthú go coitianta i seanchas na meánaoiseanna, agus is dócha gur ó mhíorúiltí an Bhíobla ina bhfásann bláth ar bhachall Árón a shíolraigh sé an chéad lá riamh. Féach Robert Carroll agus Stephen Prickett, The Bible: authorised King James version (Oxford, 1998), 176.

Tá tras-scríobh ar an scéal leis in Heinrich Wagner agus Colm Ó Baoill, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC, 1958-69), iml. 4, 292-3, agus in Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic voices: bailiúchán Doegen 1931 (Béal Feirste, 2010), 224-7.

Teideal i mBéarla: The man who had a son
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Pádraig Ó Gallchobhair as Co. Thír Eoghain
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 05-09-1931 ag 13:30:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn. Taifeadta ar 05-09-1931 ag 13:30:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1277d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:55 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1277d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:55 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1277b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 02:55 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1277b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 02:55 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1277d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:49 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1277d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:49 nóiméad ar fad.