Bhí triúr deirfiúr agus deartháir ann - Pádraig Ó Gallchobhair


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bhí fear agus bhí trí deirfiúraí aige. Agus bhain siad páirc talamh agus chuir siad arbhar ann anuraidh agus bhain siad é i mbliana. Roinn siad é a réir iomaire agus iomaire, agus bhí iomaire corr ann.

"Liomsa é seo," arsa Eoin[1] Ó Butaigh.

"Liomsa é," arsa an Chailleach Chrupthaithe.

"Liomsa é," arsa Síonam Seánam... Síonam Seánam.

"Liomsa é," arsa Tíonam Teánam.

Roinn siad ansin a réir... Bhain siad é i gcomhair[2]. Agus roinn siad é a réir stuca agus stuca, agus bhí stuca chorr ann.

"Liomsa é seo," arsa Eoin Ó Butaigh.

"Liomsa é," arsa an Chailleach Chrupthaithe.

"Liomsa é," arsa Síonam Seánam.

"Liomsa é," arsa Tíonam Teánam.

Roinn siad a réir punann agus punann é ansin, agus bhí punann chorr ann.

"Liomsa é seo," arsa Eoin Ó Butaigh.

"Liomsa é," arsa an Chailleach Chrupthaithe.

"Liomsa é," arsa Síonam Seánam.

"Liomsa é," arsa Tíonam Teánam.

Roinn siad a réir croithleog agus croithleog é, agus bhí croithleog chorr ann.

"Liomsa é seo," arsa Eoin Ó Butaigh.

"Liomsa é," arsa an Chailleach Chrupthaithe.

"Liomsa é," arsa Síonam Seánam... Síonam Seánam.

"Liomsa é," arsa Tíonam Teánam.

Bhuail siad... Bhuail siad é agus roinn siad é a réir gráinnín agus gráinnín, agus cha rabh gráinnín ar bith corr ann is bhí siad uilig sásta.

Aistriúchán

There was a man and he had three sisters. And they prepared a field and they sowed corn in it last year and they cut it this year. They divided it ridge by ridge, and there was an odd ridge.

"This is mine," said Eugene Butty.

"It's mine," said the Bent Old Hag.

"It's mine," said Sheenum Shawnum... Sheenum Shawnum.

"It's mine," said Teenum hawnum.

They then divided it... They cut it together. And they divided it stook and stook and there was an odd stook.

"This is mine," said Eugene Butty.

"It's mine," said the Bent Old Hag.

"It's mine," said Sheenum Shawnum.

"It's mine," said Teenum Tawnum.

They divided it sheaf by sheaf then, and there was an odd sheaf.

"This is mine," said Eugene Butty.

"It's mine," said the Bent Old Hag.

"It's mine," said Sheenum Shawnum.

"It's mine," said Teenum Tawnum.

They divided it stalk by stalk and there was an odd stalk.

"This is mine," said Eugene Butty.

"It's mine," said the Bent Old Hag.

"It's mine," said Sheenum Shawnum... Sheenum Shawnum.

"It's mine," said Teenum Tawnum.

They threshed... They threshed it and divided it grain by grain, and there was no odd grain and they were all happy.

Fonótaí

Leg. Eoghain? (Back)
= i gcomhar. (Back)

Tráchtaireacht

Seo malairt leagain de scéal a bhaineann de ghnáth le scata daoine ag argóint mar gheall ar roinnt talún, punanna coirce agus ar deireadh gráinne amháin coirce, a leanann siad isteach in abhainn nó síos isteach i bpoll portaigh, rud a fhágann go maraítear iad. Rinneadh clárú air i roinnt áiteanna éagsúla ar fud na tíre go déanach sa naoú haois déag agus go luath san fhichiú haois, agus tá roinnt leaganacha ó chontae Chiarraí agus leagan amháin ó chontae Ros Comáin ina measc seo. Féach An Seabhac, 'An gráinne corr', Béaloideas 3:4 (1932), 432-4. Féach leis Séamus Ó Duilearga, 'An dáréag seana-chailleach', Béaloideas 2:1 (1929), 69-70.

Tá tras-scríobh ar an scéal seo leis in Heinrich Wagner agus Colm Ó Baoill, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC, 1958-69), iml. 4, 293-4, agus in Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic voices: bailiúchán Doegen 1931 (Béal Feirste, 2010), 228-31.

Teideal i mBéarla: There were three sisters and a brother
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Pádraig Ó Gallchobhair as Co. Thír Eoghain
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 05-09-1931 ag 14:00:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn. Taifeadta ar 05-09-1931 ag 14:00:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1278d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:56 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1278d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:56 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1278b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:56 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1278b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:56 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1278d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:53 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1278d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:53 nóiméad ar fad.