Scéal fá dtaobh do m'athair - Máire McDaid


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bhí m'athair ar an tSrath Bán ag an aonach, agus bhí sé ag marcaíocht ar chapall. Agus bhí sé ag teacht 'na[1] bhaile i lár na hoíche. Bhí cúigear fear a tháinig amach as an phlantáil agus bhí siad ina dhéidh (fá) thrí mhíle. Agus na[2] tháinig sé isteach... na tháinig sé isteach go... go aonach na... aonach na Deirge[3] cha rabh a'n nduine... nach rabh siad uilig... bhí siad uilig ina chodladh[4]. Agus shiúil sé leis go dtáinig sé 'na bhaile. Agus sin... cha dtig liom a'n ndadaí na(s)[5] mó a rá. (Cha dtig liom a'n ndadaí nas mó a rá fá dtaobh de) (...).

Aistriúchán

My father was in Strabane at the fair, and he was riding on a horse. And he was coming home in the middle of the night. There were five men who came out of the field and they were after him for three miles. And when he came in... when he came in to... to the fair of... the fair of Castlederg there was nobody... weren't they all... they were all asleep. And he walked on until he came home. And that... I can't say anything else. I can't say anything else about it (...).

Fonótaí

= chun an. (Back)
= nuair a. Cf. Heinrich Wagner, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC, 1958-69), iml. 4, 294, téacs 5, n. 1. (Back)
= Castlederg. Cf. Wagner, op. cit., 293. (Back)
= ina gcodladh. Cf. Noel McGonagle, 'Three Ulster Features', Éigse 16 (1975-76), 215-20; Cathair Ó Dochartaigh, 'Tá sí ina shuí, etc.' Éigse 17 (1977-79), 89-103. (Back)
= níos. Cf. Dónall Ó Baoill, An teanga bheo: Gaeilge Uladh (BÁC, 1996), 146. (Back)

Tráchtaireacht

Tá an mhír seo trína chéile agus neamhiomlán, agus tá sí ró-ghearr le go bhféadfaí anailís fhiúntach a dhéanamh uirthi ó thaobh an bhéaloidis de. Tá tras-scríobh uirthi leis in Heinrich Wagner agus Colm Ó Baoill, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC, 1958-69), iml. 4, 293.

Teideal i mBéarla: A story about my father
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Máire McDaid as Co. Thír Eoghain
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 05-09-1931 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn. Taifeadta ar 05-09-1931 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1281d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:46 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1281d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:46 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1281b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:46 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1281b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:46 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1281d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:43 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1281d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:43 nóiméad ar fad.