Ó Direáin, Máirtín

Nóta beathaisnéise

Ó Direáin (Derrane), Máirtín (Martin) (1910-88): I Sruthán, Cill Rónáin, Árainn, contae na Gaillimhe, a rugadh an file mór le rá Máirtín Ó Direáin ar an 26 Samhain 1910. Ba é Máirtín an mac ba shine a bhí ag Seán Ó Direáin agus Mairéad Ní Dhireáin. Tá taifead ar an teaghlach i ndaonáireamh 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai002385636/], tráth nach raibh Máirtín ach cúig mhí d'aois. Chuaigh sé ar an mbunscoil i Scoil Náisiúnta Eoghanachta, Cill Rónáin. In aois a sheacht mbliana déag chuaigh Máirtín go cathair na Gaillimhe. Bhí sé ina chléireach in Oifig an Phoist ansin go dtí Iúil 1937. Bhog sé go Baile Átha Cliath ansin, agus bhí poist éagsúla cléireachais aige sa Státseirbhís go dtí gur éirigh sé as i 1978. Phós sé Áine Colivet ar an 4 Meán Fómhair, 1945. Bhí iníon amháin acu. Fuair sé bás ar an 19 Márta 1988. Tá an-cháil ar Mháirtín Ó Direáin mar fhile agus mar scríbhneoir, agus d'fhoilsigh sé neart scéalta próis, drámaí agus cnuasaigh filíochta le linn a shaoil. Rinneadh Comhalta d’Acadamh Liteartha na hÉireann de i 1970, bhronn Ollscoil na hÉireann DLitt oinigh air i 1977, agus bronnadh Gradam an Oireachtais air i 1981. Tá eolas breise le fáil ar Ainm.ie ag http://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=1662.

Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')

Personalbogen Personalbogen

Comhlánaíodh foirm eolais phearsanta (‘Personalbogen’) do gach cainteoir ag seisiúin taifeadta Scéim Doegen 1928-31. Is as na foirmeacha sin go príomha atá an t-eolas seo thíos bainte.

GnéasFireann
Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA)Doegen P-B/187
Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seoLA 1156
Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seoAn fear a chaill fortún - Máirtín Ó Direáin
Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora)LA_1156g1
Céadainm (Canónta)Máirtín
Sloinne (Canónta)Ó Direáin
Leagan(acha) eile den chéadainmMartin
Leagan(acha) eile den sloinne
  • Derrane
Contae dúchaisCo. na Gaillimhe
SeoladhSruthán, Cill Rónáin, Árainn, Co. na Gaillimhe
Aois20
Dáta breithe Níl faisnéis ar fáil.
Áit bhreitheSruthán, Cill Rónáin, Co. na Gaillimhe
Baile mór is gaire don áit bhreitheGaillimh
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6Sruthán, Cill Rónáin, Co. na Gaillimhe
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20Sruthán, Cill Rónáin, Co. na Gaillimhe; cathair na Gaillimhe (ó aois a 17)
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20 Níl faisnéis ar fáil.
OideachasBunscoil, Scoil Náisiúnta Eoghanachta, Cill Rónáin, Árainn, Co. na Gaillimhe
Áit dúchais an atharSruthán, Cill Rónáin, Árainn, Co. na Gaillimhe
Áit dúchais na mátharSruthán, Cill Rónáin, Árainn, Co. na Gaillimhe
Slí bheatha an atharFeirmeoir
NáisiúntachtÉireannach
MáthairtheangaGaeilge
Teangacha eile seachas an GhaeilgeBéarla
In ann léamh?Tá (Gaeilge agus Béarla)
In ann scríobh?Tá (Gaeilge agus Béarla)
In ann uirlis cheoil a sheinnt?Níl
In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt?Níl
ReiligiúnCaitliceach
Slí bheathaCléireach in oifig an phoist
Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA)Tomás Ó Máille
Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl. Níl faisnéis ar fáil.