Carún, Seán
Grianghraif

Seán Carún (le caoinchead Chnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, BÁC)
Nóta beathaisnéise
Carún (Carey), Seán (John) (c.1858-?): Sa Luach, Dúlainn, i gcontae an Chláir a rugadh é timpeall na bliana 1858. D'fhreastail sé ar scoil i nDaibhich Bhríde, paróiste Lios Ceannúir, sách rialta ar feadh seacht mbliana. Feirmeoir agus iascaire a bhí ina athair agus b'fheirmeoir é féin. Bhí sé ina chónaí sa Luach lena theaghlach le linn dhaonáirimh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000471323/] agus 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai001770646/]. Phós sé Catherine Carey thart ar 1899. Rugadh ceathrar páistí dóibh roimh 1911; níor mhair ach triúr acu. Foilsíodh Seán Ó Carúin, 'Dhá sgéilín ó Thuadh-Mhumhain' in Béaloideas (Meitheamh, 1930). Tá breis ábhar béaloidis a bailíodh uaidh ar fáil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, COBÁC, chomh maith.
Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')
| Gnéas | Fireann |
|---|---|
| Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA) | Doegen P-B/191 |
| Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seo | LA 1160 |
| Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seo | Rí na Coille Glaise agus mac rí in Éirinn - Seán Carún |
| Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora) | LA_1160g1 |
| Céadainm (Canónta) | Seán |
| Sloinne (Canónta) | Carún |
| Leagan(acha) eile den chéadainm | John |
| Leagan(acha) eile den sloinne |
|
| Contae dúchais | Co. an Chláir |
| Seoladh | Luach, Dúlainn, Inis Díomáin, Co. an Chláir |
| Aois | 72 |
| Dáta breithe | Níl faisnéis ar fáil. |
| Áit bhreithe | Luach, Dúlainn, Co. an Chláir |
| Baile mór is gaire don áit bhreithe | Inis Díomáin, Co. an Chláir |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6 | Luach, Dúlainn, Co. an Chláir |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20 | Cnoc Aoibhinn (?) (Croc Aoibhinn), Luach, Co. an Chláir |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20 | Cnoc Aoibhinn (?) (Croc Aoibhinn) agus Luach, Co. an Chláir |
| Oideachas | D'fhreastail ar an scoil sách rialta ar feadh timpeall 7 mbliana, Daibhich Bhríde (Daigh Bhríde), paróiste Lios Ceannúir, Co. an Chláir |
| Áit dúchais an athar | Luach, Dúlainn, Co. an Chláir |
| Áit dúchais na máthar | Baile Uí Bhreisleáin (Baile Uí Mhisleáin), paróiste Lios Ceannúir, Co. an Chláir |
| Slí bheatha an athar | Feirmeoir agus iascaire |
| Náisiúntacht | Éireannach |
| Máthairtheanga | Gaeilge |
| Teangacha eile seachas an Ghaeilge | Béarla |
| In ann léamh? | Tá (Gaeilge agus Béarla) |
| In ann scríobh? | Tá (Béarla) |
| In ann uirlis cheoil a sheinnt? | Níl |
| In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt? | Níl |
| Reiligiún | Caitliceach |
| Slí bheatha | Feirmeoir |
| Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA) | Tomás Ó Máille |
| Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl. | Níl faisnéis ar fáil. |
