Ó Súilleabháin, Pádraig
Grianghraif
Pádraig Ó Súilleabháin (le caoinchead Chnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, BÁC)
Nóta beathaisnéise
Ó Súilleabháin (Sullivan), Pádraig (Pádhraic, Patrick, Patt) (1864-?): Rugadh é i mBaile an Tobair, contae na Gaillimhe, ar an seachtú lá de mhí na Nollag 1864. Ba iad Mícheál Ó Súilleabháin, feirmeoir, agus Neilí Nic Giobúin a thuismitheoirí. Bhí beirt mhac agus triúr iníonacha sa teaghlach. Ní bhfuair Pádraig aon bhunscolaíocht fhoirmeáilte riamh, ach chuaigh sé go dtí scoil oíche ar feadh trí mhí agus é 22 bliain d'aois. B'fheirmeoir é. Agus é óg, théadh sé lena mháthair go dtí na margaí ag díol bréidín. Tar éis dó pósadh, chaith sé dhá bhliain ag obair ar an mbóthar iarainn idir Gaillimh agus an Clochán. Théadh sé abhaile ar feadh seachtaine leis an bhfómhar a bhaint, le móin a bhaint, agus le fataí a bhaint. Chaith sé seacht mbliana eile ag dul go Sasana go séasúrach. Ina dhiaidh sin, chuaigh sé go Scranton Mheiriceá ag obair mar mhianadóir ar feadh dhá bhliain. D'fhill sé ar Éirinn ar feadh bliana roimh dhul go Pittsburg. Bhí sé ag obair mar thógálaí ansin. Bhí Pádraig ina chónaí i gCorr na Móna, i gConga, contae na Gaillimhe, i 1930. Bhí muintir Shúilleabháin i nDubhachta, i gConga, contae na Gaillimhe, le linn dhaonáirimh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000837377/] agus 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai002429329/]. Phós sé Máire Ní Dhroighneáin timpeall na bliana 1891, nuair a bhí seisean 26 agus ise 22. Bhí cúigear iníonacha agus cúigear mac ar fad acu. D'imigh ceathrar iníonacha agus ceathrar mac go Meiriceá. Fuair a bhean chéile bás i samhradh 1940. Fuair Pádraig féin bás am éigin tar éis mhí Iúil 1947. Tá roinnt mhaith ábhar béaloidis a bailíodh ó Phádraig Ó Súilleabháin ar fáil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, COBÁC. I measc an ábhair sin tá cuntas a bhailigh Proinnsias de Búrca uaidh ar a shaol féin.
Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')
Comhlánaíodh foirm eolais phearsanta (‘Personalbogen’) do gach cainteoir ag seisiúin taifeadta Scéim Doegen 1928-31. Is as na foirmeacha sin go príomha atá an t-eolas seo thíos bainte.Gnéas | Fireann |
---|---|
Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA) | Doegen P-B/144 |
Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seo | LA 1104 |
Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seo | Bhí bean fadó - Pádraig Ó Súilleabháin |
Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora) | LA_1104d1 |
Céadainm (Canónta) | Pádraig |
Sloinne (Canónta) | Ó Súilleabháin |
Leagan(acha) eile den chéadainm | Níl faisnéis ar fáil. |
Leagan(acha) eile den sloinne | Níl faisnéis ar fáil. |
Contae dúchais | Co. na Gaillimhe |
Seoladh | Corr na Móna, Co. na Gaillimhe |
Aois | 66 |
Dáta breithe | Níl faisnéis ar fáil. |
Áit bhreithe | Baile an Tobair, Co. na Gaillimhe |
Baile mór is gaire don áit bhreithe | Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo |
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6 | Baile an Tobair, Co. na Gaillimhe |
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20 | Baile an Tobair, Co. na Gaillimhe |
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20 | Baile an Tobair, Co. na Gaillimhe |
Oideachas | Ní bhfuair aon scolaíocht. |
Áit dúchais an athar | Baile an Tobair, Co. na Gaillimhe |
Áit dúchais na máthar | Tuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo |
Slí bheatha an athar | Feirmeoir |
Náisiúntacht | Éireannach |
Máthairtheanga | Gaeilge |
Teangacha eile seachas an Ghaeilge | Béarla |
In ann léamh? | Níl |
In ann scríobh? | Níl |
In ann uirlis cheoil a sheinnt? | Níl |
In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt? | Níl |
Reiligiún | Caitliceach |
Slí bheatha | Feirmeoir |
Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA) | Myles Dillon, Tomás Ó Máille |
Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl. | "Helle Stimme. Klar" |