Ó Ruairc, Pádraig
Nóta beathaisnéise
Ó Ruairc (Rourke), Pádraig (Patrick, Peatsan, Piaras) (c.1867-?): Sa Chlochán i gcontae Chiarraí a rugadh é. Ní bhfuair sé aon scolaíocht fhoirmeáilte. Ba iad Jackie Ruairc, iascaire, agus Nell (nó Siobhán) Phaidí Chathaoir de mhuintir Cheallacháin a thuismitheoirí. B'iascaire é féin chomh maith. De réir an eolais atá ar an bhfoirm Personal-Bogen, is i gceantar Chnoc Bréanainn a rugadh a mháthair, agus is ansin a bhí sé lonnaithe le linn dhaonáirimh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000859726/] agus 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai003929610/]. Is amhlaidh a bhí sé pósta faoi dhó, os rud é go dtugtar 'widower' air i ndaonáireamh 1901, ach go bhfuil sé pósta le Mary Rourke i ndaonáireamh 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai003929610/]. Is féidir a dhealramh ar na daonáirimh gur rugadh ar a laghad triúr clainne leis sa chéad phósadh (Michael, John, William). Rugadh triúr eile sa dara pósadh aige roimh 1911, ach níor mhair ach beirt acu siúd (Patrick, Mary). Ag am a bháis, bhí a chlann ar fad imithe go Meiriceá, ach amháin beirt mhac. Fuair Pádraig bás ag tús mhí an Mhárta 1936, agus é beagnach 75 bliain d'aois. Sholáthraigh sé roinnt ábhar béaloidis do Sheán Ó Loingsigh a foilsíodh in Béaloideas, Nollaig 1927. Tá roinnt mhaith ábhar béaloidis a bailíodh uaidh ar fáil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann (COBÁC) chomh maith, ábhar beathaisnéiseach a bhailigh Seán Ó Dubhda uaidh san áireamh.
Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')
| Gnéas | Fireann |
|---|---|
| Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA) | Doegen P-B/53 |
| Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seo | LA 1083, LA 1084 |
| Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seo | An mac scaiptheach - Pádraig Ó Ruairc Scéal an phúca - Pádraig Ó Ruairc Eoghan Rua agus an sagart - Pádraig Ó Ruairc Na trí chomhairle - Pádraig Ó Ruairc |
| Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora) | LA_1083d1, LA_1084d1, LA_1084d2, LA_1084d3 |
| Céadainm (Canónta) | Pádraig |
| Sloinne (Canónta) | Ó Ruairc |
| Leagan(acha) eile den chéadainm | Níl faisnéis ar fáil. |
| Leagan(acha) eile den sloinne | Níl faisnéis ar fáil. |
| Contae dúchais | Co. Chiarraí |
| Seoladh | An Clochán, Caisleán Ghriaire, Co. Chiarraí |
| Aois | 64 |
| Dáta breithe | Níl faisnéis ar fáil. |
| Áit bhreithe | An Clochán, Co. Chiarraí |
| Baile mór is gaire don áit bhreithe | An Daingean, Co. Chiarraí |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6 | An Clochán, Co. Chiarraí |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20 | An Clochán, Co. Chiarraí |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20 | An Clochán, Co. Chiarraí |
| Oideachas | Ní bhfuair aon scolaíocht. |
| Áit dúchais an athar | An Clochán, Co. Chiarraí |
| Áit dúchais na máthar | Paróiste Múrach (?), Cnoc Bréanainn, Co. Chiarraí |
| Slí bheatha an athar | Iascaire |
| Náisiúntacht | Éireannach |
| Máthairtheanga | Gaeilge |
| Teangacha eile seachas an Ghaeilge | Béarla |
| In ann léamh? | Níl |
| In ann scríobh? | Níl |
| In ann uirlis cheoil a sheinnt? | Níl |
| In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt? | Níl |
| Reiligiún | Caitliceach |
| Slí bheatha | Iascaire |
| Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA) | Osborn Bergin, Wilhelm Doegen, Tomás Ó Rathile |
| Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl. | "helle klingende ha Stimme mit gering[em] dunklem w[eich] vibrat. Einschlag grosse Stimmkraft, gute stimmlose Kon[son]a[n]z. schnelles Tempo." (Wilhelm Doegen) |
