Breathnach, Mícheál
Grianghraif

Mícheál Breathnach, ar clé (le caoinchead Chnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, BÁC)
Nóta beathaisnéise
Breathnach (Walsh), Mícheál (Michael) (1864-?): Ar an Mám i gcontae na Gaillimhe a rugadh Mícheál Breathnach ar an 25 Meán Fómhair 1864. Ní bhfuair sé aon scolaíocht fhoirmiúil riamh. Ba iad Pat Walsh, feirmeoir, agus Anne Walsh a thuismitheoirí. B'fheirmeoir é féin chomh maith. Agus é fásta, chaith sé beagán ama i Sasana. Ar an Mám Thiar a bhí sé ina chónaí le linn dhaonáirimh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000837791/] agus 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai002429991/]. Phós sé a bhean chéile, Winefred (Winifred), timpeall 1891. Rugadh ochtar páistí dóibh roimh 1911. Tá roinnt mhaith ábhair a bailíodh uaidh ar fáil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, COBÁC. D’fhoilsigh Seán Ó Mocháin 'Corr-Shliabh' agus 'Na hÉiníní', a d'aithris Mícheál Breathnach, in An Stoc (Lúnasa, 1926).
Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')
| Gnéas | Fireann |
|---|---|
| Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA) | Doegen P-B/154 |
| Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seo | LA 1116, LA 1117 |
| Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seo | An scoláire bocht (cuid 1) - Mícheál Breathnach An scoláire bocht (cuid 2) - Mícheál Breathnach |
| Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora) | LA_1116d1, LA_1117g1 |
| Céadainm (Canónta) | Mícheál |
| Sloinne (Canónta) | Breathnach |
| Leagan(acha) eile den chéadainm | Michael |
| Leagan(acha) eile den sloinne |
|
| Contae dúchais | Co. na Gaillimhe |
| Seoladh | An Mám, Co. na Gaillimhe |
| Aois | 66 |
| Dáta breithe | Níl faisnéis ar fáil. |
| Áit bhreithe | An Mám, Co. na Gaillimhe |
| Baile mór is gaire don áit bhreithe | Uachtar Ard, Co. na Gaillimhe |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6 | An Mám, Co. na Gaillimhe |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20 | An Mám, Co. na Gaillimhe |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20 | An Mám, Co. na Gaillimhe, agus cuid den am i Sasana. |
| Oideachas | Ní bhfuair aon scolaíocht. |
| Áit dúchais an athar | An Mám, Co. na Gaillimhe |
| Áit dúchais na máthar | An Mám, Co. na Gaillimhe |
| Slí bheatha an athar | Feirmeoir |
| Náisiúntacht | Éireannach |
| Máthairtheanga | Gaeilge |
| Teangacha eile seachas an Ghaeilge | Beagán Béarla |
| In ann léamh? | Tá (beagán Béarla) |
| In ann scríobh? | Tá (beagán Béarla) |
| In ann uirlis cheoil a sheinnt? | Níl |
| In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt? | Níl |
| Reiligiún | Caitliceach |
| Slí bheatha | Feirmeoir |
| Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA) | Tomás Ó Máille, Myles Dillon |
| Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl. | "Dunkel." |
