Ó Niadh, Tomás

Grianghraif

Tomás Ó Niadh (chun tosaigh, tríú duine ó chlé; le caoinchead Chnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, BÁC)
Tomás Ó Niadh (chun tosaigh, tríú duine ó chlé; le caoinchead Chnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, BÁC)

Nóta beathaisnéise

Ó Niadh (Nee), Tomás (Thomas) (c.1863-?): I mBun na hAbhann, An Caiseal, contae na Gaillimhe, a rugadh Tomás Ó Niadh timpeall na bliana 1863. Fuair sé beagán bunscolaíochta sa Chaiseal. B'fheirmeoir a athair agus b'fheirmeoir agus fíodóir é féin. Agus é ina fhear fásta, chaith sé bliain amháin i Meiriceá agus bliain amháin in Albain. Bhí sé ina chónaí i mBun na hAbhann lena theaghlach le linn dhaonáirimh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000805693/] agus 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai002376212/]. Phós sé a bhean chéile, Bridget, timpeall 1890. Rugadh aon pháiste dhéag dóibh roimh 1911, ach ní raibh ach naonúr beo an t-am sin. Tá roinnt ábhar béaloidis a bailíodh uaidh ar fáil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, COBÁC.

Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')

Personalbogen Personalbogen

Comhlánaíodh foirm eolais phearsanta (‘Personalbogen’) do gach cainteoir ag seisiúin taifeadta Scéim Doegen 1928-31. Is as na foirmeacha sin go príomha atá an t-eolas seo thíos bainte.

GnéasFireann
Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA)Doegen P-B/172
Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seoLA 1137
Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seoFaraor géar deacrach! - Tomás Ó Niadh
Coinleach glas an fhómhair - Tomás Ó Niadh
Tiobóid Sheáin Mhóir - Tomás Ó Niadh
Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora)LA_1137g1, LA_1137g2, LA_1137g3
Céadainm (Canónta)Tomás
Sloinne (Canónta)Ó Niadh
Leagan(acha) eile den chéadainmThomas
Leagan(acha) eile den sloinne
  • Ó Niaidh
  • Nee
Contae dúchaisCo. na Gaillimhe
SeoladhBun na hAbhann, An Caiseal, Conamara, Co. na Gaillimhe
Aois67
Dáta breithe Níl faisnéis ar fáil.
Áit bhreitheBun na hAbhann, An Caiseal, Co. na Gaillimhe
Baile mór is gaire don áit bhreitheCloch na Rón, Co. na Gaillimhe
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6Bun na hAbhann, An Caiseal, Conamara, Co. na Gaillimhe
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20Bun na hAbhann, An Caiseal, Co. na Gaillimhe
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20I Meiriceá ar feadh bliana; in Albain ar feadh bliana.
OideachasBeagán bunscolaíochta, Caiseal, Co. na Gaillimhe
Áit dúchais an atharAn Choill Mhór, Co. na Gaillimhe
Áit dúchais na mátharInis Ní, Cloch na Rón, Co. na Gaillimhe
Slí bheatha an atharFeirmeoir beag
NáisiúntachtÉireannach
MáthairtheangaGaeilge
Teangacha eile seachas an GhaeilgeBéarla
In ann léamh?Tá (Béarla)
In ann scríobh?Tá (Béarla)
In ann uirlis cheoil a sheinnt?Níl
In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt?Níl (is féidir leis canadh beagán)
ReiligiúnCaitliceach
Slí bheathaFíodóir agus feirmeoir
Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA)Tomás Ó Máille
Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl. Níl faisnéis ar fáil.