Ó Cearbhaill, Tomás

Nóta beathaisnéise

Ó Cearbhaill (Carrol, Carroll), Tomás (Thomas, Tom) (1860-?): I Leitir Brón i gcontae Shligigh a rugadh Tomás Ó Cearbhaill sa bhliain 1860. Baisteadh é ar an 29 Feabhra 1860. Ní bhfuair sé aon scolaíocht fhoirmiúil riamh. Ba iad Tom Carroll, báirseoir agus feirmeoir, agus Bridget Quinn a thuismitheoirí. B'fheirmeoir é féin chomh maith. Is cosúil gur chónaigh sé i Leitir Brón ar feadh a shaoil, cé is moite de thréimhsí a chaith sé i Sasana ag saothrú. Bhí sé ansin le linn dhaonáirimh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai003878870/] agus 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai003878870/]. Fuair sé a lán dá chuid béaloidis óna mháthair. Cailleadh ise thart ar 1907. Tá beagán ábhar béaloidis a bailíodh uaidh ar fáil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, COBÁC. Luaitear é i ndialann Liam Mhic Choisdealbha i gCnuasach Bhéaloideas Éireann (Iml. 427, 25/11/1937; 29/11/1937).

Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')

Personalbogen Personalbogen

Comhlánaíodh foirm eolais phearsanta (‘Personalbogen’) do gach cainteoir ag seisiúin taifeadta Scéim Doegen 1928-31. Is as na foirmeacha sin go príomha atá an t-eolas seo thíos bainte.

GnéasFireann
Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA)Doegen P-B/162
Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seoLA 1126
Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seoNa cait fhiáine - Tomás Ó Cearbhaill
Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora)LA_1126g1
Céadainm (Canónta)Tomás
Sloinne (Canónta)Ó Cearbhaill
Leagan(acha) eile den chéadainmThomas
Leagan(acha) eile den sloinne
  • Carrol
Contae dúchaisCo. Shligigh
SeoladhLetterbrone (?), Co. Shligigh
Aois70
Dáta breithe Níl faisnéis ar fáil.
Áit bhreitheLetterbrone (?), Co. Shligigh
Baile mór is gaire don áit bhreitheSligeach, Co. Shligigh
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6Letterbrone (?), Co. Shligigh
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20Letterbrone (?), Co. Shligigh
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20Letterbrone (?) (Leitir Brón), Co. Shligigh
OideachasNí bhfuair aon scolaíocht.
Áit dúchais an atharLetterbrone (?) (Leitir Brón), Co. Shligigh
Áit dúchais na mátharLetterbrone (?) (Leitir Brón), Co. Shligigh
Slí bheatha an atharBáirseoir agus feirmeoir
NáisiúntachtÉireannach
MáthairtheangaGaeilge
Teangacha eile seachas an GhaeilgeBéarla
In ann léamh?Níl
In ann scríobh?Níl
In ann uirlis cheoil a sheinnt?Tá (fliúit)
In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt?Níl
ReiligiúnCaitliceach
Slí bheathaFeirmeoir
Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA)Tomás Ó Máille
Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl."Speaker not very good."