Mac Meanman, Pádraig

Nóta beathaisnéise

Mac Meanman (Mac Meanaman, MacMenamin, Mac Meanmain, McManmon, McManamon), Pádraig (Pádraic, Patrick) (1856-1946): Ar an gCeann Garbh, An Cloigeann, Baile Chruaich, contae Mhaigh Eo, a rugadh é ar an 9 Aibreán 1856. Is ansin a chónaigh sé ar feadh a shaoil. Fuair sé a chuid bunscolaíochta i Scoil Náisiúnta Dhroim Ghallach i gcontae Mhaigh Eo. Ba é an mac ba shine é ag Peadar Mac Meanaman, agus b'fheirmeoirí iad beirt. Phós sé Mary Ní Ghallchobhair in 1884. Bhí sé ina chónaí léi siúd agus lena gclann le linn dhaonáirimh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai001102474/] agus 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai003034427/]. Rugadh dáréag páistí dóibh roimh 1911, ach níor mhair ach aon pháiste dhéag. Fuair sé bás ar an 9 Feabhra 1946. Tá go leor ábhar béaloidis a bailíodh uaidh ar fáil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, COBÁC. Tá cuid mhaith eolais faoi Phádraig Mac Meanman cruinnithe ar an suíomh Ainm.ie ag http://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=1854. Féach freisin: Séamus Ó Duilearga, 'Seanchas Phádraig Mhic Meanaman: Ceap sinnsear mhuinntir Mhic Meanaman', Béaloideas 16 (1946), agus cuntas iarbháis Phádraig Uí Mhoghráin san eagrán céanna. Luaitear Mac Meanman mar fhoinse i réamhrá leabhar Thomáis Uí Mháille, An Béal Beo (BÁC, 1936).

Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')

Personalbogen Personalbogen

Comhlánaíodh foirm eolais phearsanta (‘Personalbogen’) do gach cainteoir ag seisiúin taifeadta Scéim Doegen 1928-31. Is as na foirmeacha sin go príomha atá an t-eolas seo thíos bainte.

GnéasFireann
Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA)Doegen P-B/163
Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seoLA 1127, LA 1131
Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seoCathach Cholm Cille - Pádraig Mac Meanman
Bliain an cheannaí - Pádraig Mac Meanman
Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora)LA_1127d1, LA_1131g1
Céadainm (Canónta)Pádraig
Sloinne (Canónta)Mac Meanman
Leagan(acha) eile den chéadainmPádhraicPatrick
Leagan(acha) eile den sloinne
  • Mac Meanmain
  • MacMenamin
Contae dúchaisCo. Mhaigh Eo
SeoladhAn Cloigeann, Baile Chruaich, Co. Mhaigh Eo
Aois75
Dáta breithe Níl faisnéis ar fáil.
Áit bhreitheAn Cloigeann, Baile Chruaich, Co. Mhaigh Eo
Baile mór is gaire don áit bhreitheBaile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6An Cloigeann, Co. Mhaigh Eo
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20An Cloigeann, Co. Mhaigh Eo
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20An Cloigeann, Co. Mhaigh Eo
OideachasBunscoil, Scoil Náisiúnta Dhroim Ghallach, Co. Mhaigh Eo
Áit dúchais an atharAn Cloigeann, Co. Mhaigh Eo
Áit dúchais na mátharAn Cloigeann, Co. Mhaigh Eo
Slí bheatha an atharFeirmeoir
NáisiúntachtÉireannach
MáthairtheangaGaeilge
Teangacha eile seachas an GhaeilgeBéarla
In ann léamh?Tá (Gaeilge agus Béarla)
In ann scríobh?Tá (Béarla amháin)
In ann uirlis cheoil a sheinnt?Níl
In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt?Níl
ReiligiúnCaitliceach
Slí bheathaFeirmeoir
Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA)Tomás Ó Máille
Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl. Níl faisnéis ar fáil.