de Breit, Pádraig

Nóta beathaisnéise

De Breit (Brett), Pádraig (‘Sliabh Geal gCua’) (c.1850-1932): San Oileán, contae Phort Láirge a rugadh Pádraig de Breit timpeall na bliana 1850. D'fhreastail sé ar bhunscoil sa tSráidbhaile, in aice láimhe. Tar éis dó a óige a chaitheamh san Oileán, chaith sé blianta fada ina chónaí i gcathair Phort Láirge. Is ansin a bhí sé ina chónaí lena chlann le linn dhaonáirimh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai001237704/] agus 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai003505637/]. Bhí sé ina shaoiste in iarnród Phort Láirge–Dún Garbhán–Lios Mór sular ceapadh é ina chigire ar Iarnród Phort Láirge–Trá Mhór. Bhí dlúthbhaint aige le Conradh na Gaeilge i bPort Láirge freisin. Bhí sé ina leasuachtarán acu, agus bhí sé ar cheann de na daoine a d'eagraigh Feis Phort Láirge den chéad uair i 1903. Toghadh é ar chéad choiste bainistíochta Choláiste na Rinne i 1909, agus ina bhall de Choiste Gnó an Chonartha i 1914. Bhain sé leis an bPáirtí Parlaiminteach agus is mar Réamonnach a toghadh é ina bhardasach i gcathair Phort Láirge timpeall na blian 1920. D’fhan sé ina bhall de chomhairle na cathrach go lá a bháis. Phós sé Siubhán timpeall na bliana 1878. Bhí seacht bpáiste dhéag acu, ach níor mhair ach ceathrar. Fuair Pádraig bás ar an 11 Feabhra 1932. Sholáthair sé píosaí filíochta don Journal of the Irish Folk Song Society (iml. 12), don Chlaidheamh Soluis (17 Meán Fómhair 1910), agus d'Irisleabhar Muighe Nuadhad (1917). Tá ábhar a bailíodh uaidh ar fáil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann (COBÁC) chomh maith. Tá roinnt eolais faoi Phádraig de Breit cruinnithe ar an suíomh Ainm.ie ag http://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=419.

Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')

Personalbogen Personalbogen

Comhlánaíodh foirm eolais phearsanta (‘Personalbogen’) do gach cainteoir ag seisiúin taifeadta Scéim Doegen 1928-31. Is as na foirmeacha sin go príomha atá an t-eolas seo thíos bainte.

GnéasFireann
Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA)Doegen P-B/29, Doegen P-B/30
Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seoLA 1059, LA 1060
Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seoPilib an Chleite - Pádraig de Breit
Cearbhall Ó Dálaigh - Pádraig de Breit
Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora)LA_1059d1, LA_1060d1
Céadainm (Canónta)Pádraig
Sloinne (Canónta)de Breit
Leagan(acha) eile den chéadainm Níl faisnéis ar fáil.
Leagan(acha) eile den sloinne Níl faisnéis ar fáil.
Contae dúchaisCo. Phort Láirge
SeoladhCathair Phort Láirge (nó An tOileán, Co. Phort Láirge)
Aois73
Dáta breithe Níl faisnéis ar fáil.
Áit bhreitheAn tOileán, Co. Phort Láirge
Baile mór is gaire don áit bhreitheDún Garbháin, Co. Phort Láirge
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6An tOileán, Co. Phort Láirge
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20An tOileán, Co. Phort Láirge
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20An tOileán, Co. Phort Láirge, ar dtús; i bPort Láirge ar feadh 37 mbliana.
OideachasBunscoil, An tSráidbhaile, Co. Phort Láirge
Áit dúchais an atharIn aice le Ballynakill (Baile Mhic Coiligh?, Baile na Coille?), Co. Phort Láirge
Áit dúchais na mátharBallynakill (Baile Mhic Coiligh?, Baile na Coille?), Co. Phort Láirge
Slí bheatha an atharOibrí
NáisiúntachtÉireannach
MáthairtheangaGaeilge
Teangacha eile seachas an GhaeilgeBéarla
In ann léamh?Tá (Gaeilge agus Béarla)
In ann scríobh?Tá (Gaeilge agus Béarla)
In ann uirlis cheoil a sheinnt?Níl
In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt?Níl
ReiligiúnCaitliceach
Slí bheathaMaor Iarnróid (ar scor)
Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA)Osborn Bergin, Wilhelm Doegen, Tomás Ó Rathile
Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl."he nasalierende klingende harte Stimme mit weich dunklem resonierendem Einschlag. Mittleres Tempo. Gute Konsonanz" (Wilhelm Doegen)