Ó Casaide, Séamus
Tue, 11/29/2011 - 15:40 | by Eoghan
Comhlánaíodh foirm eolais phearsanta (‘Personalbogen’) do gach cainteoir ag seisiúin taifeadta Scéim Doegen 1928-31. Is as na foirmeacha sin go príomha atá an t-eolas seo thíos bainte.
Nóta beathaisnéise
Tá eolas cuimsitheach faoin gcainteoir seo curtha i dtoll a chéile ag an Dr Ciarán Ó Duibhín ag http://www.smo.uhi.ac.uk/~oduibhin/doegen/ocasaide_biog.htm.
Féach freisin Maxim Fomin, Ludwig Mühlhausen, Séamus Ó Caiside and Scéal Rí na Gréige: The Tale of ‘Three Golden Children’ (ATU 707) in 1937 Donegal (Helsinki, 2020).
Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')
| Gnéas | Fireann |
|---|---|
| Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA) | Doegen P-B/130, Doegen P-B/131 |
| Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seo | LA 1269, LA 1270 |
| Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seo | Bhí buachaill óg ins an áit s'againne (cuid 1) - Séamus Ó Casaide Bhí buachaill óg ins an áit s'againne (cuid 2) - Séamus Ó Casaide |
| Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora) | LA_1269d1, LA_1270d1 |
| Céadainm (Canónta) | Séamus |
| Sloinne (Canónta) | Ó Casaide |
| Leagan(acha) eile den chéadainm | James |
| Leagan(acha) eile den sloinne |
|
| Contae dúchais | Co. Dhún na nGall |
| Seoladh | Teileann, An Charraig, Co. Dhún na nGall (nó Teileann, Leifear, Co.
Dhún na nGall) |
| Aois | 74 |
| Dáta breithe | Níl faisnéis ar fáil. |
| Áit bhreithe | Teileann, Co. Dhún na nGall |
| Baile mór is gaire don áit bhreithe | Dún na nGall, Co. Dhún na nGall |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6 | Teileann, Co. Dhún na nGall |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20 | Teileann, Co. Dhún na nGall |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20 | Cúig bliana déag i Meiriceá ó aois a 21; ansin i dTeileann, Co. Dhún na nGall. |
| Oideachas | Bunscoil, Teileann, Co. Dhún na nGall |
| Áit dúchais an athar | Teileann, Co. Dhún na nGall |
| Áit dúchais na máthar | Teileann, Co. Dhún na nGall |
| Slí bheatha an athar | Feirmeoir |
| Náisiúntacht | Éireannach |
| Máthairtheanga | Gaeilge |
| Teangacha eile seachas an Ghaeilge | Béarla |
| In ann léamh? | Tá (Béarla) |
| In ann scríobh? | Tá (Béarla) |
| In ann uirlis cheoil a sheinnt? | Níl |
| In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt? | Níl |
| Reiligiún | Caitliceach |
| Slí bheatha | Feirmeoir |
| Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA) | Myles Dillon, M.A. O'Brien |
| Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl. | "Stimme etwas dumpf und heiser" (M. A. O'Brien) |
