Ó Colláin, Seán
Nóta beathaisnéise
Ó Colláin (Ó Coileáin, Collins), Seán (John) (c.1858-?): Sa Pháirc, Cor an Dola, contae na Gaillimhe, a rugadh Seán Ó Colláin timpeall na bliana 1858. Fuair sé a chuid bunscolaíochta i Scoil na mBráithre de la Salle i gCor an Dola. B'fheirmeoir a athair agus b'fheirmeoir é féin chomh maith. Bhí sé ina chónaí sa Pháirc lena theaghlach le linn dhaonáirimh 1901 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000814722/] agus 1911 [http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai002452076/]. Phós sé a bhean chéile, Mary, timpeall na bliana 1888. Rugadh naonúr páistí dóibh roimh 1911, ach níor mhair ach seachtar acu. Bhailigh Liam Mac Coisdealbha ábhar béaloidis uaidh sa bhliain 1938 nuair a bhí sé thart ar 80 bliain d'aois. Fuair sé a lán dá chuid scéalta óna athair. Tá breis ábhar béaloidis a bailíodh uaidh ar fáil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, COBÁC.
Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')
| Gnéas | Fireann |
|---|---|
| Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA) | Doegen P-B/183 |
| Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seo | LA 1151 |
| Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seo | Brat agus teagasc Bhríde - Seán Ó Colláin |
| Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora) | LA_1151g1 |
| Céadainm (Canónta) | Seán |
| Sloinne (Canónta) | Ó Colláin |
| Leagan(acha) eile den chéadainm | John |
| Leagan(acha) eile den sloinne |
|
| Contae dúchais | Co. na Gaillimhe |
| Seoladh | An Pháirc, Cor an Dola, Co. na Gaillimhe |
| Aois | 72 |
| Dáta breithe | Níl faisnéis ar fáil. |
| Áit bhreithe | An Pháirc, Cor an Dola, Co. na Gaillimhe |
| Baile mór is gaire don áit bhreithe | Gaillimh |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6 | An Pháirc, Cor an Dola, Co. na Gaillimhe |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20 | An Pháirc, Cor an Dola, Co. na Gaillimhe |
| Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20 | An Pháirc, Cor an Dola, Co. na Gaillimhe |
| Oideachas | Bunscoil, Scoil na mBráithre de la Salle, Cor an Dola, Co. na Gaillimhe |
| Áit dúchais an athar | An Pháirc, Cor an Dola, Co. na Gaillimhe |
| Áit dúchais na máthar | Cathair na Gaillimhe |
| Slí bheatha an athar | Feirmeoir |
| Náisiúntacht | Éireannach |
| Máthairtheanga | Gaeilge |
| Teangacha eile seachas an Ghaeilge | Níl faisnéis ar fáil. |
| In ann léamh? | Tá (Béarla) |
| In ann scríobh? | Tá (Béarla) |
| In ann uirlis cheoil a sheinnt? | Níl |
| In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt? | Níl |
| Reiligiún | Caitliceach |
| Slí bheatha | Feirmeoir |
| Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA) | Tomás Ó Máille |
| Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl. | Níl faisnéis ar fáil. |
