Brún, Séamus

Nóta beathaisnéise

Brún (de Brún, Browne), Séamus (James) (1911-2003): I gCorr na Móna, contae na Gaillimhe, a rugadh Séamus Brún ar an gcéad lá de mhí Dheireadh Fómhair 1911. Chuaigh sé ar an mbunscoil i gCorr na Móna agus fuair sé scoláireacht a thug go Coláiste Chonnacht, Tuar Mhic Éadaigh, é. Is ansin a cháiligh sé mar mhúinteoir. Go dtí 1944 bhí sé ag teagasc i gcontae Shligigh. Idir 1944 agus 1977 is i Ros Comáin a bhí sé lonnaithe. Bhí sé ina bhall de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann (ina uachtarán air 1970-3), de Choiste Oireachtas na Gaeilge, de Chomhairle Raidió na Gaeltachta agus d’Fhianna Fáil. Rinneadh Seanadóir de i 1977. Ball den Phainéal Cultúrtha agus Oideachais a bhí ann le linn 1982-3. Bhí sé ina bhall de Choiste na Gaeilge i dTithe an Oireachtais chomh maith. Bronnadh Gradam an Phiarsaigh air i 1993, Gradam an Oireachtais i 2002 agus Gradam Chomhaltas Ceoltóirí Éireann an bhliain chéanna. Phós sé Bríd Ní Eadhra i 1944. Bhí beirt mhac agus iníon amháin acu. Fuair Séamus bás ar an gcúigiú lá de mhí an Mhárta 2003 in Ospidéal Réigiúnda Luimnigh. Cuireadh é i Reilig Naomh Seosamh sa Chaisleán Riabhach. Tá eolas bheathaisnéise faoi ar Ainm.ie ag http://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=1535. Foilsíodh cuntais iarbháis air in (14 Márta 2003), san Irish Times (15 Márta, 2003) agus in Foinse (16 Márta 2003).

Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')

Personalbogen Personalbogen

Comhlánaíodh foirm eolais phearsanta (‘Personalbogen’) do gach cainteoir ag seisiúin taifeadta Scéim Doegen 1928-31. Is as na foirmeacha sin go príomha atá an t-eolas seo thíos bainte.

GnéasFireann
Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA)Doegen P-B/165
Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seoLA 1129
Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seoAn Trá Bhán - Séamus Brún
Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora)LA_1129d1
Céadainm (Canónta)Séamus
Sloinne (Canónta)Brún
Leagan(acha) eile den chéadainmJames
Leagan(acha) eile den sloinne
  • Browne
Contae dúchaisCo. na Gaillimhe
SeoladhCorr na Móna, Co. na Gaillimhe
Aois19
Dáta breithe Níl faisnéis ar fáil.
Áit bhreitheCorr na Móna, Co. na Gaillimhe
Baile mór is gaire don áit bhreitheGaillimh
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6Corr na Móna, Co. na Gaillimhe
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20Corr na Móna, Co. na Gaillimhe
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20 Níl faisnéis ar fáil.
OideachasBunscoil, Corr na Móna, Co. na Gaillimhe
Áit dúchais an atharCorr na Móna, Co. na Gaillimhe
Áit dúchais na mátharDoire Chuais /Doire Mháis (?), Co. Mhaigh Eo
Slí bheatha an atharFeirmeoir
NáisiúntachtÉireannach
MáthairtheangaGaeilge
Teangacha eile seachas an GhaeilgeBéarla
In ann léamh?Tá (Gaeilge agus Béarla)
In ann scríobh?Tá (Gaeilge agus Béarla)
In ann uirlis cheoil a sheinnt?Níl
In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt?Níl (amhránaíocht thraidisiúnta amháin)
ReiligiúnCaitliceach
Slí bheathaMúinteoir
Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA)Tomás Ó Máille
Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl."Hell"