An feirmeoir agus an bacach; laethanta na seachtaine; focail - Domhnall Ó Céilleachair


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bhí feirmeoir ann agus fuair bacach lóistín 'na thigh. Bhí filíocht ag an mbeirt. Tháinig an bacach an feirmeoir isteach agus mála mór ar a dhrom.

Dúirt an bacach, "Féach an file (...) ag tarrac na móna chughainn."

D'fhreagair an feirmeoir, "Chun loirgne an bhacaigh a bhreacadh sea ceapadh an mhóin ar dtúis."

**********

Dé Luain. Dé Máirt. Dé Céadaoin. Déardaoin. Dé hAoine. Agus Dé Sathairn.

**********

Inniubh. Inné. Arú inné. Amárach. Amanathar. Agus amainiris.

Aistriúchán

There was a farmer and he let a beggar stay the night in his house. The two were able to compose poetry. The beggar came in to the farmer with a big bag on his back.

The beggar said, "Look at the poet (...) drawing turf to us."

The farmer answered, "Turf was first invented to redden the beggar's shins."

**********

Monday. Tuesday. Wednesday. Thursday. Friday. And Saturday

**********

Today. Yesterday. The day before yesterday. Tomorrow. The day after tomorrow. And the second day after tomorrow.

Tráchtaireacht

Téann an cineál leagain amach atá sa scéal gearr seo, agus sa leathrann a ghabhann leis, siar i bhfad in Éirinn; cumtar leathrann, agus críochnaíonn duine eile é. Is gnás coitianta é i scéalta ón ochtú agus ón naoú céad déag mar gheall ar fhilí agus mar gheall ar dhaoine glice. Tá sraith de scéalta cosúla in Gearóid Ó Murchadha, 'Eachtraí, véursaí agus paidreacha ó iarthar Chorcaí', Béaloideas 3 (1931), 212-39. Tá sampla maith de bheirt ag dul in iomaíocht lena chéile agus iad ag cumadh ranna in Douglas Hyde, Abhráin grádh chúige Connacht (5ú heag., BÁC, 1909), 88-92. Tá gaol aige leis an móitíf P427.7.1. Extemporaneous composition by poets, in Stith Thompson, Motif-index of folk literature (atheagrán méadaithe, 6 iml., Bloomington, Ind., 1955-8). Féach leis Tom Peete Cross, Motif-index of early Irish literature (Bloomington, Ind., 1952).

Rinneadh taifeadadh ar na nithe a leanann an scéal (laethanta na seachtaine á n-aithris etc.) ar mhaithe leis an bhfoghraíocht, go príomhúil.

Teideal i mBéarla: The farmer and the beggar; days of the week; words
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Domhnall Ó Céilleachair as Co. Chorcaí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 03-09-1928 ag 17:00:00 in: Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Taifeadta ar 03-09-1928 ag 17:00:00 in: Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1036d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:45 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1036d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:45 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1036d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:43 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1036d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:43 nóiméad ar fad.