An feirmeoir agus an buachaill (cuid 1) - Domhnall Ó Céilleachair


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bhí feirmeoir ann. Bhí sé ag dul go dtí an t-aonach i ndeireadh na hoíche le tarbh, é féin is a bhuachaill. D'éiríodar i ndeireadh na hoíche. Dúirt sé leis an mbuachaill dul amach agus féachaint ar an gcráin féach a' rug[1] sí. Chuaigh an buachaill amach. Nuair a tháinig sé isteach dúirt sé go rug.

"Cá bhfuil na bannaí?" a dúirt an feirmeoir.

"Níl siad ann," arsa eisean. "Do riu-... d'ith na muca eile iad."

"Ní maith é sin," arsa an feirmeoir. "Téir amach arís."

Chuaigh sé amach agus d'fhéach sé timpeall air arís. Agus do tháini' sé isteach. "Do leag an tarbh cruach na tuí," ar seisean.

"Is olc é sin leis," arsa an feirmeoir. "Ach níl leigheas air. Téir amach arís," a dúirt sé, "agus féach cad a chífir. Níl an véarsa críochnaithe agat fós."

Chuaigh an buachaill amach. D'fhéach sé timpeall air. Agus tháini' sé isteach. "Ní fhaca pioc," ar seisean, "ach na réilthíní ar dearglasadh ag cuir sheaca. Ná feiceann tú tóin an chait sa luaith?"

Aistriúchán

There was a farmer. He was going to the fair towards the end of the night with a bull, himself and his boy. They got up towards the end of the night. He told the boy to go out and look at the sow to see if she had given birth. The boy went out. When he came in he said she had birthed.

"Where are the piglets?" said the farmer.

"They're not there," he said. "The other pigs ate them."

"That's not good," said the farmer. "Go out again."

He went out and looked around again. And he came in. "The bull knocked over the haystack," he said.

"That's terrible too," said the farmer. "But there's nothing to be done. Go out again," he said, "and see what you see. You haven't finished the verse yet."

The boy went out. He looked around. And he came in. "I didn't see anything," he said, "but the stars shining brightly and making frost. Don't you see the cat's bottom in the ashes?"

Fonótaí

Leg. riug? Cf. Seán Ua Súilleabháin, 'Gaeilge na Mumhan', in Kim McCone et al. (eag.), Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 479-538: 527. (Back)

Tráchtaireacht

Tá an scéal seo, a bhfuil leagan níos iomláine de ar rian eile i mbailiuchán Doegen, ar cheann de dhornán scéalta a bailíodh agus a foilsíodh in alt in Béaloideas 3 (1931) ina bpléitear le filíocht á cumadh gan ullmhú. Téann móitíf seo na filíochta á cumadh go spontáineach siar go dtí an litríocht Ghaeilge is luaithe, ina léiríonn filí a gcuid oiliúna agus an cumas fileata atá iontu agus iad ag aithris filíochta gan ullmhú. Mhair scéilíní dá leithéid sa traidisiún béil, agus bhí an-tóir ar ábhar den sórt seo i scéalta mar gheall ar fhilí mór le rá san ochtú agus sa naoú céad déag. Féach 'Filidheacht a gan fhios' in Gearóid Ó Murchadha, 'Eachtraí, véursaí agus paidreacha ó iarthar Chorcaí', Béaloideas 3 (1931), 212-39: 238. Tá gnéithe a bhaineann le béaloideas na haimsire sa scéal seo leis. Labhraíonn an file mar gheall ar chat a bhfuil a dhroim nó a chúl leis an tine; áiríodh sa traidisiún gur chomhartha stoirme nó drochaimsire a bhí ina leithéid. Féach Micheál Ó Cinnéide, 'Tuartha aimsire i mbéaloideas na hÉireann', Béaloideas 52 (1984), 35-69: 49.

Teideal i mBéarla: The farmer and the servant-boy (part 1)
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Domhnall Ó Céilleachair as Co. Chorcaí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 03-09-1928 ag 17:00:00 in: Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Taifeadta ar 03-09-1928 ag 17:00:00 in: Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1036d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:06 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1036d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:06 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1036d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:04 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1036d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:04 nóiméad ar fad.