An feirmeoir agus an buachaill (cuid 2) - Domhnall Ó Céilleachair


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

"Tá an véarsa déanta agat anois," arsa an feirmeoir.

"D'ith na tuirc na hairc,
Do leag an damh an tuí,
Na réilthíní ag cuir sheaca,
Tóin an chait sa ghríos."

Aistriúchán

"You have made the verse now," said the farmer.

"The boars ate the piglets,
The ox knocked over the hay,
The stars are making frost,
The cat's bottom is in the hot ashes."

Tráchtaireacht

Tá an scéal a thagann roimh an rann seo le fáil ar rian eile i mbailiúchán Doegen. Tá sé ar cheann de dhornán scéalta a bailíodh agus a foilsíodh in alt in Béaloideas 3 (1931) ina bpléitear le filíocht á cumadh gan ullmhú. Téann móitíf seo na filíochta á cumadh go spontáineach siar go dtí an litríocht Ghaeilge is luaithe, ina léiríonn filí a gcuid oiliúna agus an cumas fileata atá iontu agus iad ag aithris filíochta gan ullmhú. Mhair scéilíní dá leithéid sa traidisiún béil, agus bhí an-tóir ar ábhar den sórt seo i scéalta mar gheall ar fhilí mór le rá san ochtú agus sa naoú céad déag. Féach 'Filidheacht a gan fhios' in Gearóid Ó Murchadha, 'Eachtraí, véursaí agus paidreacha ó iarthar Chorcaí', Béaloideas 3 (1931), 212-39: 238. Tá gnéithe a bhaineann le béaloideas na haimsire sa scéal seo leis. Labhraíonn an file mar gheall ar chat a bhfuil a dhroim nó a chúl leis an tine: áiríodh sa traidisiún gur chomhartha stoirme nó drochaimsire a bhí ina leithéid. Féach Micheál Ó Cinnéide, 'Tuartha aimsire i mbéaloideas na hÉireann', Béaloideas 52 (1984), 35-69: 49.

Teideal i mBéarla: The farmer and the servant-boy (part 2)
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Domhnall Ó Céilleachair as Co. Chorcaí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 03-09-1928 ag 17:00:00 in: Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Taifeadta ar 03-09-1928 ag 17:00:00 in: Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1036d4, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:20 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1036d4, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:20 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1036d4, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:18 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1036d4, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:18 nóiméad ar fad.