Ládáil loinge de chataibh - Conchúr Ó Síocháin


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bhí captaen loinge ann fadó agus do fuair sé orduithe chun dul amach 'on oileán go dtísna (domhaintí). Agus ar a theacht chun an chuain ar maidin (do chuaigh) ar bord na loinge. Do bhuail cailín beag uime agus do bhí cat aici agus (...) (san fhalla). Agus d'fhiafraigh sé dhi an dtabharfadh sí an cat dó. Agus dúirt sí go dtabharfadh. Agus do thug. Agus do thug sé (sabhran) di ar an gcat. Do chuaigh sé ar bord na loinge agus do (sheol) sé chun farraige. Agus i gceann (suim) mhór aimsire do shaothraigh sé an t-oileán. Do (shuigh) sé a chuid ládáil na loinge (...) san oileán.

Agus lá dhos na laethanta do chuir rí an oileáin iarraidh air chun teacht ar dinnéar ina theannta. Agus do chuaigh. Agus nuair a bhí an bia á chur ar an mbord is air a bhí an ionadh nuair a chonaic sé beirt fhear agus dhá shúiste acu á bhfáil féin ullamh. Agus nu-, chomh tapaidh agus a cuireadh an bia ar an mbord do líon an tigh isteach do fhrancachaibh ó, as nach aon pholl agus as nach aon chúinne. Agus faid a bhí an dinnéar á chaitheamh do bhíodar á marú chomh tiubh agus dob fhéidir leo é. D'fhiafraigh sé dhon rí an mbíonn siad mar sin i gcónaí.

"Bímíd" arsa an rí.

"Tiocfadsa arís amárach," ar seisean, "am dinnéir."

"Tá go maith," arsa an rí.

Agus do tháinig. Agus ní (dheaghaidh) sé an cat gan é a thabhairt leis. Ach (...) (sé é ina dhiaidh). Nuair a cuireadh an dinnéar ar an gclár an tarna lá do bhí na fir á bhfháil féin ullamh arís. Agus dúirt sé leo stad. Scaoil sé an cat ar fuaid an urláir. Do mheall an cat agus ar chrapadh na súl ní raibh francach le fáil. Agus do tháinig (...) ar an rí agus d'fhiafraigh sé dhe, "An ndíolfá é sin?"

"Ní (deocair) liom tú a eiteach," arsa an captaen, "ach do bheinn ana-chiotach ina dhiaidh. Ach mar a chéile, tabharfaidh mé dhuit é". Agus do thug.

Do fuair sé orduithe san oileán teacht abhaile ina dhúthaigh féin agus ládáil chat a thabhairt amach ann. Agus do dhein. Do dhein sé saibhreas go brách orthu. Ní dheaghaidh sé ar farraige go brách arís. Agus sin é deireadh mo scéilse agus má tá bréag ann bíodh.

Aistriúchán

There was a ship's captain long ago and he received orders to go out to an island that was in the (...). And when he came to the harbour in the morning he went on board the ship. He ran into a little girl and she had a cat and (...) in the wall (?). And he asked her would she give him the cat. And she said she would. And she did. And he gave her a sovereign for the cat. He went on board the ship and he sailed out to sea. And after a great amount of time he made his way to the island. He was loading the ship hastily (?) on the island.

And one day the king of the island invited him to come to dinner with him. And he went. And when the food was being put out on the table he was surprised to see two men with two flails at the ready. And when... as soon as the food was put on the table the house filled up with rats, from every hole and every corner. And while the dinner was being eaten they were killing them as fast as they could. He asked the king if they were always thus.

"Yes" said the king.

"I will come again tomorrow," he said, "at dinnertime."

"Very well," said the king.

And he came. And he didn't go (?) without bringing the cat with him. But he didn't (...) it after (?). When dinner was put on the table the second day the men were getting ready again. And he told them to stop. He let the cat down on the floor. The cat mewed and in the blink of an eye there was no rat to be seen. And the king became (...) and he asked him, "Would you sell that?"

"I don't want to refuse you," said the captain, "but I would be lost without him. But all the same, I will give him to you." And he did.

He received orders on the island to come home to his own land and to bring a shipload of cats out there. And he did. He made his fortune on them. He never went to sea again. And that's the end of my story and if there's an untruth in it so be it.

Tráchtaireacht

Is leagan é an scéal seo de scéal idirnáisiúnta béaloidis a bhfuil aithne go forleathan air, is é sin le ATU 1651 'Whittington's cat', dar le Hans Jorg Uther, The types of international folktales: a classification and bibliography (3 iml., Helsinki, 2004). Is é an leagan Béarla, a bhaineann le ceannaí ón gceathrú céad déag darb ainm Richard Whittington, an leagan is mó aithne dá bhfuil ann, agus ón seachtú céad déag ar aghaidh nó níos luaithe ná sin fós, bunaíodh mórán drámaí stáitse air, faoin teideal 'Dick Whittington and his cat' de ghnáth. Cé gurb é an leagan Béarla an leagan is mó cáil, is scéal idirnáisiúnta ceart é, agus tá leaganacha ann ó Éirinn go dtí an Indinéis, agus dlús samplaí ó thraidisiún béil na Fionlainne. Féach Stith Thompson, The folktale (New York, 1978), 179. Tá leaganacha den scéal á n-insint san Eoraip ón tríú céad déag nó níos luaithe fós; tá iontráil Albert von Stade don bhliain 1256 sna Annales ina fianaise air sin. Féach Georg Heinrich Pertz Monumenta Germaniae Historica XVI (Hanover, 1859), 335-40. Tá liosta cuimsitheach de leaganacha as réimse tíortha éagsúla in Matilda Koén-Sarano agus Reginetta Haboucha, King Solomon and the golden fish: tales from the Sephardic tradition (Detroit, 2004), 299ff.

Ar na móitífeanna atá sa scéal seo tá F708.1 Country without cats, agus N411.1 Whittington’s cat. ‘A cat in a mouse-infested land without cats sold for a fortune’. Féach Stith Thompson, Motif-index of folk literature (atheagrán méadaithe, 6 iml., Bloomington, Ind., 1955-8).

Tá gaol gairid ag an scéal seo le scéal idirnáisiúnta béaloidis eile, ATU 1281 Getting rid of an unknown animal. Leanann sé seo ar aghaidh ón scéal ATU 1651 de ghnáth, ach is léir go bhfuil sé in easnamh sa leagan seo. Tá sé bunaithe ar an móitíf J2101 Getting rid of the cat. ‘In a land in which cats are not known, one is bought at a great price. It eats many mice. By misunderstanding, they think the cat is a monster. In order to get rid of it they set the house on fire’.

Teideal i mBéarla: The shipload of cats
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Conchúr Ó Síocháin as Co. Chorcaí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 04-09-1928 ag 11:30:00 in: Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Taifeadta ar 04-09-1928 ag 11:30:00 in: Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1040d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:12 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1040d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:12 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1040d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:09 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1040d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:09 nóiméad ar fad.