Muintir Iarlaithe (cuid 1) - Pádraig Ó Cruadhlaoich


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Sea anois, ós ag teacht thar mhuintir Iarlaithe Bhaile Bhuirne é. Treibh cháiliúil dob ea iad. Scoláirthí agus filí dob ea a bhformhór. Agus ba dheocair gabháil orthu insa, isna healaíonaibh sin. Níorbh fhéidir é. Agus bhíodar ana-líonmhar ar fuaid an bhaill. Agus filí ab ea ar fad iad, a bhformhór. Ba leo an t-eastát roimis na (Collthaisíbh) ach do chuir na Galla amach iad.

Agus chaithead-... mhaireadar ansan 'na bhfeirmeoiríbh ar fuaid an bhaill. Agus is acu a bhí... is acu a bhí aire do thabhairt don teampall ann i gcónaí. Bhíodar go léir filiúil agus scoláirthiúil. Ach do dhíscíodh amach iad i ndeireadh báire thiar thall chun nár fhan éinne acu ann ach beagán.

Chuadar siar go Ciarraí. (Malairt) siar go Ciarraí. Is mhaireadar ann cuid acu. Agus do neosfaí seóscéaltha mar gheall orthu. D'inseadh na seandaoine seóscéaltha mar gheall orthu, ar a gcuid filíochta agus ar a gcuid foghlama.

Aistriúchán

Now then, seeing as we are discussing the Herlihy people of Ballyvourney. They were a well-known people. Most of them were scholars and poets. And they were hard to compete with, in those arts. It wasn't possible. And there were many of them all over the place. And they were all poets, most of them. They owned the estate before the Colthursts(?) but the English threw them out.

And they spent-... they lived then as farmers all over the place. And it was they who... they who always took care of the church there. They were all poetic and scholarly. And they were expelled in the end until none were left but very few.

They went west to Kerry. (...) west to Kerry. And some of them lived there. And amusing stories were told about them. The old people used to tell amusing stories about them, about their poetry and their learning.

Tráchtaireacht

Cuntas é seo ar mhuintir Iarlaithe Bhaile Bhuirne, contae Chorcaí, agus is cosúil gur cuid de sheanchas an cheantair é. Dealraíonn sé go dtacaíonn foinsí staire leis an gcuntas. Bhí teaghlach den sloinne sin i mBaile Bhuirne a bhí ina n-airchinnigh ar theampall agus ar thearmann Ghobnatan, agus ceapadh duine díobh, Tomás Ó h-Iarfhlatha, ina easpag ar an Ros sa bhliain 1651. Féach Seán de Bhulbh, Sloinnte na hÉireann (Faing, 1997), 73. Tar éis don Choirnéal John Colthurst a gcuid tailte oidhreachtúla a fháil mar chuid de Choigistiú Chromail, scaipeadh cuid mhór de mhuintir Iarlaithe ón gceantar, agus chuir siad fúthu i gcontae Chiarraí, ach is amhlaidh a mhair a gcáil mar fhilí agus mar scoláirí. Féach Michael C. O'Loughlin, Families of Co. Cork, Ireland (Kansas City, MO, 1996), 93.

Teideal i mBéarla: The Herlihy people (part 1)
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Pádraig Ó Cruadhlaoich as Co. Chorcaí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 04-09-1928 ag 13:10:00 in: Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Taifeadta ar 04-09-1928 ag 13:10:00 in: Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1042d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:22 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1042d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:22 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1042d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:20 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1042d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:20 nóiméad ar fad.