Pósadh an Phaoraigh - Séamas Breathnach


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Ar neoin inné sea chualas féin go raibh Seán Paor á phósadh
Le Cáit Ní Dhuibhir ó Bhaile Uí Ghlaisín, iníon Taidhgín na Feola.
Is níor mheasas don scéal ach bladaireacht béal is níor chuireas aon spéis san ráfla
Mar cheapas nár bhaol go gcuirfeadh an saol fé cheangail na cléire Seán bocht.
Is an raindí babh-rabha is an raindí babh-rabha is an raindí babh-rabha is an ré-ró,
Is an raindí babh-rabha, ba scamall gan dabht bheith tamall ar phósadh an Phaoraigh.

Tréis obair an lae do[1] mhaith liom braon tae, bhíos díreach ag suí chun a thógta
Nuair a dh'airíos ciscéim[2], bogshodar is léim, is bhí an Paorach ina sheasamh im chóngar.
"A Mhicil, a chroí," ar seisean gan mhoill, "bí tapaidh is scríob do bhróga!
Tá bairille dí sa chistin ina shuí, agus caithfir teacht síos ' dtí an bpósadh!"
Is an raindí babh-rabha is an raindí babh-rabha is an raindí babh-rabha is an ré-ró,
Is an raindí babh-rabha, ba scamall gan dabht bheith tamall ar phósadh an Phaoraigh.

Do phreabas ón gclár is do ghlaos ar Shiobhán go dtabharfadh sí aníos mo chasóig chugham,
Thugas coirce don láir, chuireas easair fén gcráin, is níorbh fhada gur bhogas chun bothar.
Nuair do shroiseas an áit bhí Seán is Cáit is an tigh acu á ghlanadh don gcóisire,
Is sa chúinne ina luí ina scraiste gan bhrí sea do dhearcas Taighdín na Feola.
Is an raindí babh-rabha is an raindí babh-rabha is an raindí babh-rabha is an ré-ró,
Is an raindí babh-rabha, ba scamall gan dabht bheith tamall ar phósadh an Phaoraigh.

Ach bhailigh na daoine i gcaitheamh na hoíche is geallaim go raibh rince is ceolta ann;
Bhí píopairí dalla ag seinm[3] cois falla agus talamh á ghreadadh le mórtas;
Bhí Peadair Ó Riain, Seán Fada is a chliamhain is n'fheacasa[4] riamh aon seó ach iad,
Mar mhairfidís go Nollaig is an diabhal a mbeadh cortha do shodar trí Waves of Tory.
Is an raindí babh-rabha is an raindí babh-rabha is an raindí babh-rabha is an ré-ró,
Is an raindí babh-rabha, ba scamall gan dabht bheith tamall ar phósadh an Phaoraigh.

Aistriúchán

It was yesterday afternoon that I heard that Seán Paor was being wed
To Cáit Ní Dhuibhir of Ballyglassin, the daughter of Taidhgín na Feola.
And I thought the news was only idle talk and I didn't heed the chatter
Because I thought it was certain that poor Seán would never be tied by the clerical knot [of marriage].
And randy bow-row and randy bow-row and randy bow row and ray-row,
And randy bow-row, it sure was a wonder, the time spent at Paor's wedding.

After the day's work I wanted a cup of tea, I was just sitting down to take some
When I heard footsteps, an easy trot and a jump, and Paor was standing near me.
"Micil, my dear," said he without pause, "hurry up and scrape clean your shoes!
There's a barrel of drink sitting in the kitchen and you will have to come down to the wedding!"
And randy bow-row and randy bow-row and randy bow-row and ray-row,
And randy bow-row, it sure was a wonder, the time spent at Paor's wedding.

I leaped from the table and called on Siobhán to bring my coat up to me,
I gave the mare oats, I put a strawbed under the sow, and it wasn't long until I hit the road.
When I reached the place Seán and Cáit were cleaning the house for the feast,
And who did I see in the corner lying like a lifeless vagrant but Taidhgín na Feola.
And randy bow-row and randy bow-row and randy bow-row and ray-row,
And randy bow-row, it sure was a wonder, the time spent at Paor's wedding.

And the people gathered throughout the night and there was dancing and music I promise you;
There were blind pipers playing by the wall and the ground was stamped on proudly;
Peadair Ó Riain, long Seán and his son-in-law were there and I never saw such a spectacle,
Because they could go on until Christmas and there wasn't a hope that they would tire of trotting through the Waves of Tory.
And randy bow-row and randy bow-row and randy bow-row and ray-row,
And randy bow-row, it sure was a wonder, the time spent at Paor's wedding

Fonótaí

do in úsáid in áit ba anseo. Cf. Seán Ua Súilleabháin, 'Gaeilge na Mumhan', in Kim McCone et al. (eag.), Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 479-538: 534, don rud céanna i gCorca Dhuibhne. (Back)
= coiscéim. (Back)
Leg. sinnimh? (Back)
= ní fhacasa. (Back)

Tráchtaireacht

Foilsíodh leagan den amhrán seo in An Claisceadal 6 (1930idí?), 10-11. Cé go mbreathnaíonn sé nach bhfuil aithne ró-fhorleathan ar an amhrán anois tá an fonn an-choitianta agus tugtar 'Billy O'Rourke's the Buachaill' air go minic. D'fhoilsigh Breandán Breathnach an fonn mar 'An Bóthar ó Thuaidh go hÁrainn' in Ceol rince na hÉireann II (BÁC, 1976), 37. D'fhoilsigh P.W. Joyce 'The Fairies' Song' leis an bhfonn céanna in Irish music and song (BÁC, 1901), 21-22. Cantar 'Aonach Bhearna na Gaoithe', le Tomás 'na mBodhrán' Ó Móráin, leis an bhfonn céanna. Tá an fonn an-choitianta fós i measc filí agus liriceoirí an lae inniu agus baintear úsáid as go minic sa chomórtas lúibíní ag féile bhliantúil Oireachtas na Gaeilge. Casann Fionán Mac Coluim 'Beidh Ríl Againn' leis an bhfonn céanna áit eile i mbailiúchán Doegen. Ar an taifeadadh láithreach, canann Séamas Breathnach ceithre véarsa den amhrán. Aithrisíonn sé an véarsa tosaigh céanna agus an curfá ar thaifeadadh ar leith i mbailiúchán Doegen.

Teideal i mBéarla: Power's marriage
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Séamas Breathnach as Co. Chorcaí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 04-09-1928 ag 13:15:00 in: Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Taifeadta ar 04-09-1928 ag 13:15:00 in: Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1043d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:05 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1043d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:05 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1043d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:02 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1043d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:02 nóiméad ar fad.