An mac scaiptheach (cuid 1) - Tomás Ó Corcráin


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bhí fear ann. Bhí beirt mhac aige. Labhair an mac ab óige: "A athair," ar sé, "tabhair dom an méid is ceart dom a dh'fháil dem[1] chuid." Roinn an t-athair eatarthu (é). I gceann beagán laethanta bhailigh an mac ab óige a chuid go léir. D'imigh sé leis go dúthaigh iasachta i bhfad ó bhaile. Chaith sé a chuid go léir.

Agus tháinig gorta (ana-mheirbhlitheach)[2] insa dúthaigh sin. Agus tháinig uireasa agus ocras air. Agus chuaigh sé go dtí fear (den áit) agus shocraigh sé leis chun a chuid muc a dh'aoireacht agus a dh'fhriotháil. Agus ba bhreá leis dá bhfaigheadh sé lán a bhoilg des na féithlíocha do dh'itheadh na muca. Ní thabharfadh éinne ann greim bia (dhó).

Mhachnaigh sé ina aigne. Dúirt sé leis féin, "(Feicim) lucht oibre i dtigh m'athar, a ndaothaint le n-ithe acu agus mise ag fáilt bháis den ocras anso. Raghaidh mé ag triall ar m'athair agus déarfad leis gur dhein mé peaca in aghaidh nimhe agus id láthairse. Ní fiú mé feasta go ndéarfaí gur mac duit mé."

Dh'éirigh sé agus chuaigh sé ag triall ar a athair. Chonaic an t-athair é agus é i bhfad uaidh. Ghlac ana-thrua (don) athair dó. Rioth an t-athair ina choinnibh agus phóg sé... Chaith sé é féin ar a bhráid agus phóg sé é. "A athair," ar sé sin, "dhein mé peaca in aghaidh nimhe agus id láthairse. Ní fiú mé feasta go nglaofaí nó go ndéarfaí gur mac duit mé."

Aistriúchán

There was a man. He had two sons. The youngest son spoke: "Father," he said, "give me my part of the inheritance." The father divided it (?) between them. In a few days the youngest son gathered all his share. He left and went to a far away foreign land. He spent all of his share.

And a very devastating (?) famine struck that land. He became needy and hungry. And he went to an inhabitant of the place (?) and arranged with him to mind and tend his pigs. And he would have liked to get his fill of the husks that the pigs were eating. Nobody would give him a morsel of food.

He thought to himself. He said to himself, "I see (?) the workers in my father's house with plenty to eat and I am dying of the hunger here. I will go to my father and I will tell him that I have sinned against heaven and in your presence. I am no longer worthy of being called your son."

He got up and went to his father. His father saw him while he was still far off. His father felt great compassion for him. His father ran towards him and kissed... He threw himself at him and kissed him. "Father," he said, "I have sinned against heaven and in your presence. I am no longer worthy of being called your son."

Fonótaí

Recte ded? (Back)
Leg. ana-mheilitheach (= ana-mheilteach/ana-mhillteach?) / ana-bheiritheach? (Back)

Tráchtaireacht

Tá an insint seo de Pharabal an Mhic Dhrabhlásaigh (Lúcás 15:11-32) (mar aon le codanna 2 agus 3 ón gcainteoir céanna) bunaithe ar leagan a tugadh don chainteoir roimh ré. Féach Peadar Ua Laoghaire, Na cheithre Soisgéil as an dTiomna Nua (BÁC, 1915), 191-2. Moladh don chainteoir an scéal a chur in oiriúint dá chanúint féin.

Teideal i mBéarla: The prodigal son (part 1)
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Tomás Ó Corcráin as Co. Phort Láirge
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 05-09-1928 ag 17:45:00 in: Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Taifeadta ar 05-09-1928 ag 17:45:00 in: Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1052d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:45 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1052d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:45 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1052d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:43 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1052d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:43 nóiméad ar fad.