Asal Charraig an Phúca - Diarmaid Ó Luineacháin


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Tá áitreabh i dtaobh amuigh do Mhaigh Chromtha go dtugann siad Carraig an Phúca air. Do rugadh[1] agus do beathaíodh mé a(r) Carraig an Phúca. Do bhí drochainm ar an (...) (do bhí i dtigh ar an ball) gur tógadh mé agus (an) droichead Charraig an Phúca.

Ach ar aon chuma, do bhíodh na Ciarraígh an uair sin ag taisteal ó Chiarraí go Corcaigh le him ag teacht go dtí margadh an ime. Ach ar aon chuma, do tharla go rabhadar déanach aon oíche amháin. Agus b'fhéadair go raibh seisear nó mórsheisear nó b'fhéadair níos mó acu in éineacht.

Ach an chéad fhear a tháinig go dtí ceann an droichid, do chonaic sé rud éigin ar an ndroichead, ar lár an droichid. Agus toisc an drochainmne... an drochainme a bheith ar an mball do stop sé a chapall agus do stadadar go léir. Do bhí an... an... rud ann. Ach ar aon chuma, do chaitheadar staonadh agus do chuireadar le chéile fanúint ann go dtí go dtiocfadh breacadh an lae.

B'é toil Dé go dtáinig breacadh an lae ar aon chuma. Ach cad a bheadh ar lár an droichid is do choinnibh ann iad feadh na haimsire ná asal Dhiarmaid Jack, fear do bhíodh ag hucstaeireacht ann agus (ag) teacht go Corcaigh go minic, chomh minic agus ab fhéadair leis. Ach ar aon chuma, b'in é an sprid a bhí á fheiscint i gCarraig an Phúca, mar dhea, ach an t-asal dubh Dhiarmaid Jack.

Aistriúchán

There is a place outside Macroom they call Carrigaphooca. I was born and reared in Carrigaphooca. The (...) that was in a house in the place (?) where I was reared, and the bridge of Carrigaphooca, had a bad name.

But anyway, the Kerry people used to travel at that time from Kerry to Cork with butter to go to the butter market. And anyway, they happened to be late one night. And there were maybe six or seven or maybe more of them together.

But the first man who came to the foot of the bridge, he saw something on the bridge, in the middle of the bridge. And because of the bad name, because the place had a bad name he stopped his horse and they all stopped. There was something there. But anyway, they had to stop and they decided to wait there until daybreak came.

As God willed it daybreak came anyway. And what was it that was in the middle of the bridge and that had kept them there all that time but Diarmaid Jack's donkey, a man who used to peddle wares there and come to Cork often, as often as he could. But anyway, that was the so-called spirit that was seen in Carrigaphooca. It was only Diarmaid Jack's black donkey.

Fonótaí

Leg. riugadh? (Back)

Tráchtaireacht

Tá gaol ag an scéal greannmhar seo le sraith de scéalta idirnáisiúnta béaloidis mar gheall ar amadáin nó baotháin, a dtugtar ATU 1318, Objects thought to be ghosts orthu in Hans Jorg Uther, The types of international folktales: a classification and bibliography (3 iml., Helsinki, 2004). Faightear ann an mhóitíf J1785, Animals thought to be devils or ghosts, in Stith Thompson, Motif-index of folk literature (atheagrán méadaithe, 6 iml., Bloomington, Ind., 1955-8). Is scéal é bhí coitianta go maith in Éirinn, agus tá samplaí de ann as gach cúige. Féach Seán Ó Súilleabháin agus Rieder Th. Christiansen The types of the Irish folktale (Helsinki, 1968). Tá gaol aige le cineál eile finscéil a raibh an-tóir air in Éirinn, is é sin le rá ATU 1321, Fools frightened.

Ní mór a lua gurb é an logainm atá sa scéal ná Carraig an Phúca, a ainmníodh as caisleán ón gcúigiú céad déag in aice le Maigh Chromtha, contae Chorcaí. Féach Denis Power, Archaeological inventory of county Cork (5 iml., BÁC, 1992-2007), iml. 3 (Corcaigh Láir), 361. Is é an púca atá i gceist anseo gan dabht ná an taibhse a fhaightear sa traidisiún Gaelach. Luann an reacaire go raibh 'drochainm' ag an áit, agus b'fhéidir go bhfuil sé le tuiscint gurb é an ceangal seo leis an saol eile is cúis leis an bhfaitíos a bhí ar na Ciarraígh sa scéal. Tá níos mó eolais mar gheall ar an bPúca in Deasún Breathnach, 'The Púca: A multi-functional Irish supernatural entity', Folklore 104 (1993), 105-10.

Teideal i mBéarla: The ass of Carrigaphooca
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Diarmaid Ó Luineacháin as Co. Chorcaí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 06-09-1928 ag 16:35:00 in: Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Taifeadta ar 06-09-1928 ag 16:35:00 in: Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1057d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:53 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1057d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:53 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1057d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:51 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1057d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:51 nóiméad ar fad.