Paidir an Tiarna; an tÁivé Máiria - Séamas Ó Conchúir


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spiorad Naomh. Amen.

Ár nAthair atá ar neamh,
Go naomhaíthear t'ainm.
Go (dtagas do) ríocht.
Go ndéantar do thoil
Ar an dtalamh mar a níthear ar neamh.
Ár n-arán laethúil tabhair dhúinn inniubh.
Maith dhúinn ár gcionta
Mar a mhaithimidne dho chách (...) inár n-aghaidh.
Agus ná leog sinn i gcathú,
Ach saor sinn ós geach n-olc.
Amen.

**********

Go mbeannaíthear duit, a Mhuire,
'Tá lán do ghrásta.
Tá an Tiarna i t'fhochair.
Agus beannaithe tú idir mh... tú idir mhnáibh,
Agus is beannaithe toradh do bhroinne, Íosa.
NaomhMhuire, a Mháthair Dé,
Guigh orainn, na peacaigh,
Anois agus ar uair ár mbáis.
Amen.

Tráchtaireacht

Is le haghaidh anailís foghraíochta go príomha a rinneadh an taifeadadh seo de Phaidir an Tiarna agus den Áivé Máiria á rá. Tá cúig shampla den dá phaidir seo i mbailiúchán Doegen. Tá stair fhoclaíocht Phaidir an Tiarna sa Ghaeilge rianta i sraith de thrí alt le Cathal G. Ó Háinle: 'The Pater noster in Irish: the pre-Reformation period', Celtica 21 (1990), 470-88; 'The Pater Noster in Irish: Reformation texts to c. 1650', Celtica 22 (1991), 145-64; 'An Phaidir: Ó Maolchonaire agus Ó hEodhasa', Celtica 24 (2003), 239-51. Don Áivé Máiria féach Cathal Ó Háinle, 'Stair an Áivé Máiria sa Ghaeilge anuas go dtí circa 1900', Béaloideas 79 (2011), 113-134.

Teideal i mBéarla: The Lord's prayer; the Ave Maria
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Séamas Ó Conchúir as Co. Chiarraí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 10-09-1928 ag 09:10:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig). Taifeadta ar 10-09-1928 ag 09:10:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig).
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1061d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:56 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1061d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:56 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1061d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:54 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1061d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:54 nóiméad ar fad.