Scéal na casóige - Aindréas Ó Gealbháin


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Mé in aimsir. Bhíos in aimsir is mé ag éirí suas. (Maireatánacht) ag Pailitíneach. Agus do chailleadh é i gcionn bliana. Agus bhí casóg mhór bhréid aige agus do bhí sí ag crochadh anuas. D'fhág sé ina dhiaidh insa tigh í.

Agus bhíos ann ar feadh dó nó trí bhliana ina dhiaidh san agus bhí an chasóg ann i gcónaí. Agus lá seaca tháinig sioc mór agus chuireas umam a chasóg agus do bhíos déanach amuigh istoíche agus d'fhágas umam a chasóg go dtí go dtána abhaile. Agus nuair a bhíos ag dul a chodladh bhaineas díom a chasóg agus do chaitheas ar na clárachaibh sa rúm í. Agus chuas a chodladh. Agus in achomaireacht tréis dom a dhul a chodladh chuala an scríobadh agus an réabadh mar a bheifeá... mar a bheadh bó Uí Laoghaire timpeall na casóige. Agus do chuireas mo lámha amach fén éadach agus do thógas meaits as póca mo veist a bhí ar an bhfuinneoig. Agus do lasas é agus d'éiríos agus n'fheaca aon ní. Bhí an chasóg ar an láthair gcéanna agus do mhúchas agus chuas a chodladh arís. Agus nuair a chuas a chodladh arís do thosnaigh sé ar bheith ag scríobadh timpeall na casóige arís. Agus do lasas an tarna huair agus ní fheicfinn aon ní... n'fheaca aon ruainne. Mhúchas an solas agus bhí sé timpeall na casóige ar feadh i bhfad ina dhiaidh. Thit mo chodladh orm is ar maidin nuair a dhúisíos ní raibh tuairisc ar an gcasóig le fáil is n'fheaca ó shin í.

Aistriúchán

When I was in service: I was in service when I was growing up. Living (?) with a Palatine. And he died after a year. And he had a big cloth coat and it was hanging down. He left it behind in the house.

And I was there for two or three years after that and the coat was still there. And on a frosty day a big frost came and I put the coat on me and I was out late at night and I left the coat on until I came home. And when I was going to sleep I took off the coat and threw it on the floorboards in the room. And I went to sleep. And shortly after I went to sleep I heard this scraping and ripping as if you... as if O'Leary's cow was about the coat. And I put my hand out from under the clothes and I took a match from the pocket of my vest which was on the window. And I lit it and I rose up and I didn't see anything. The coat was in the same place and I extinguished [the match] and went to sleep again. And when I went to sleep again it started scraping around the coat again. And I lit [a match] for a second time and I couldn't see anything... I didn't see a thing. I put out the light and it was around the coat for a long time after. I fell asleep and when I awoke in the morning there was no sign of the coat and I haven't seen it since.

Tráchtaireacht

Sampla é seo de mheabhraíd, scéal á insint mar gheall ar thaithí phearsanta ar eachtra osnádúrtha. Cumtar na scéalta seo nuair a tharlaíonn rud áirithe do dhuine agus go mbaineann sé ciall as de réir creidiúintí áirithe, nó trí mhodhanna insinte traidisiúnta atá le fáil go forleathan sa chultúr lena mbaineann sé. Féach Juha Pentikainen, 'Belief, memorate, and legend', Folklore Forum 6 (1973), 217-41. Seans go mbaineann an scéal seo thuas le tuiscintí traidisiúnta mar gheall ar éadach na marbh. Tar éis do dhuine bás a fháil bhí sé de dhualgas ar dhaoine éadach an duine mhairbh a chaitheamh nó a thabhairt ar Aifreann trí Dhomhnach i ndiaidh a chéile, sin nó bheadh mairg orthu. Ós rud é gur Palaitíneach, agus dá bhrí sin Protastúnach, a bhí in úinéir an éadaigh sa scéal seo, is dócha nár comhlíonadh an deasghnáth seo lena chuid éadaigh, agus mar sin chreidfí go mbeadh toradh osnádúrtha ag baint leis an gcóta a chaitheamh. Féach Séamus Ó Duilearga, 'Meascra aniar andeas agus adtuaidh', Béaloideas 33 (1965), 163-80: 163. Seans go bhfuil sampla anseo freisin den mhóitíf E236.1 Return from dead to demand clothing stolen from grave in Stith Thompson, Motif-index of folk literature (atheagrán méadaithe, 6 iml., Bloomington, Ind., 1955-8).

Teideal i mBéarla: The story of the coat
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Aindréas Ó Gealbháin as Co. Chiarraí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 10-09-1928 ag 15:35:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig). Taifeadta ar 10-09-1928 ag 15:35:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig).
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1063d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:51 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1063d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:51 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1063d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:49 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1063d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:49 nóiméad ar fad.