An cailín deas rua - Aindréas Ó Gealbháin


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Á, Tiobrad Ára(nn) d'fhágas ar maidin Dé Luain,
Níor stadas don stáir sin go dtána go Caiseal ar cuan,
Cé gheobhainn ar ceann cláir ach mo ghrá agus í dh'imirt ar an scuaib
Is nuair a bhuaigh sí an cíoná bhí an lá lem chailín deas rua.

Nuair a bhuaigh sí chúig phúint bhí dúbailt deal ar an mbord,
Cupa dhon lionn agus fliúit á sheinm chun ceoil,
Bhí an buidéal fíon fionn aigem rún[1] agus mise á ól
Is nuair a chailleas an chúig adúirt sí tá an (chluiche anseo romhat).

(Sí) do chois deas i mbróig, a stór, nach deas é do shiúl,
Ní deise é an lá ná claonadh agus leigean do shúl
Níl aon bhean sa deoise, arú, a stór liom, is deise ná thú
Agus sín chugham do phóg, a stór, go mbeimid ar siúl.

Aistriúchán

I left Tipperary on Monday morning,
I didn't stop from my journey until I came to Cashel (...),
Who would I see at the head of the table but my love playing the sweep (?),
And when she won the five of trumps the day belonged to my nice red-haired girl.

When she won five pounds there was a double deal (?) on the table,
A cup of beer and a flute playing music,
My love had the bottle of white wine and I was drinking it
And when I lost the five she said the game is here before you (?).

It's(?) your fine foot in a shoe, my love, how nice is your walk,
The day isn't finer than the form and look of your eye,
There is no woman in the diocese, ah, my dear, nicer than you
And give me your kiss, my love, until we are off.

Fonótaí

Leg. riún? (Back)

Tráchtaireacht

Tosaíonn Aindréas Ó Gealbháin anseo leis an dara véarsa den amhrán grá seo. D'fhoilsigh Fionán Mac Coluim, faoin ainm cleite 'Finghin na Leamhna', leagan den amhrán in Cnuasach sean-rócán (BÁC, 1904), 29-30. Sa leagan sin tá seacht véarsa atá le casadh leis an bhfonn a luaitear de ghnáth leis an amhrán 'Bean an Fhir Rua'. Tugtar an véarsa tosaigh mar seo a leanas: In aisling dom féin aréir’s mé’m leabaidh trí’m shuan / Go rabhas-sa ’dul ’om pósadh lem’ stór chroidhe go hintinneach suairc, / Bhí rinnce is ceól is ceól sídhe d’á spreagadh im’ chluais / Agus céad giní óir ar an mbórd lem’ chailín deas ruadh. D'fhoilsigh an tAthair Pádraig Breathnach leagan seacht véarsa den amhrán freisin faoin teideal 'Cailín Deas Ruadh' in Fuínn na smól: cuid a sé (BÁC, 1913), 5, agus in Ceol ár sinsear (BÁC, 1923), 165. Tá sé ag Donnchadh Ua Braoin in An cuaichín ceoil: cuid a 3-4 (BÁC, Béal Feirste, Corcaigh, 1933), 88. Bhailigh Coimisiún Béaloideasa Éireann go leor leaganacha den amhrán; mar shampla: Cnuasach Bhéaloideas Éireann (an Coláiste Ollscoile, BÁC) Lámhscríbhinní 47 (lgh 309-11), 89 (lgh 138-9) agus 132 (lch 80). Níl aon bhaint ag an amhrán 'An Cailín Ruadh' atá foilsithe in Lorcán Ó Muireadhaigh, Amhráin Chúige Uladh (Dún Dealgan, 1927, 17) le 'An Cailín Deas Rua'.

De ghnáth, tugtar 'An Capaillín Bán' ar an bhfonn lena gcantar an t-amhrán. Tá sé le fáil faoin teideal 'The Roving Pedlar' in Bartlett Cooke (eag.), Forty eight Irish country dances (c. 1805) atá in athchló in Aloys Fleischmann, Sources of Irish traditional music c.1600-1855 (Nua-Eabhrac, 1998), uimh. 4213. Maidir le hamhráin eile a chastar leis an bhfonn seo féach: 'Amhrán Molta an Daingin' in Seán Ó Dubhda, Duanaire Duibhneach (BÁC, 1933), 42-44, 'Hide and Go Seek' in Treoir 35 (2003), agus Diarmaid Ó Muirithe, An t-amhrán macarónach (BÁC, 1980), 70. Casann Liam Devally an t-amhrán 'An Capaillín Bán' leis an bhfonn céanna ar fhadcheirnín dar teideal Cabaret Gael-Linn (c. 1960) agus tá an t-amhránaí gradamach sean-nóis Maidhcí Ó Súilleabháin, as Cúil Aodha, contae Chorcaí, le cloisteáil ag casadh 'Hide and Go-Seek' ar Traditional songs and singers (Comhaltas Ceoltóirí Éireann, 1977), leis an bhfonn céanna freisin.

Foilsíodh fonn difriúil dar teideal 'An Cailín Deas Rua' in Edward Bunting, Ancient music of Ireland (BÁC, 1840), 66; féach Bunting’s Ancient music of Ireland: edited from the original manuscripts by Donal O’Sullivan with Mícheál Ó Súilleabháin (Corcaigh, 1983), 133-4. Castar amhráin éagsúla leis an bhfonn eile seo freisin. Mar shampla, 'Beauty Deas an Oileáin', atá in Duanaire Duibhneach (féach thuas). Féach freisin P.W. Joyce, Old Irish folk music and song (BÁC, 1909), 53-4.

Teideal i mBéarla: The nice red-haired girl
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Aindréas Ó Gealbháin as Co. Chiarraí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 10-09-1928 ag 15:35:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig). Taifeadta ar 10-09-1928 ag 15:35:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig).
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1063d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:28 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1063d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:28 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1063d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:25 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1063d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:25 nóiméad ar fad.