Paidir an Tiarna; an tÁivé Máiria - Aindréas Ó Gealbháin


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Ár nAthair atá ar neamh,
Go naomhaíthear th'ainm.
Go dtige do ríocht.
Go ndéantar do thoil
Ar an dtalamh mar a deintear ar neamh.
Ár (n-)arán laethúil tabhair dhúinn inniubh
Maith dúinn ár gcionta
Mar a mhaithimidne 'o chách chiontaíos inár n-aghaidh.
Ná léig sinn (...) don té sin
Ach saor sinn ós geach olc.
Amen.

**********

Go mbeannaíthear dhuit, a Mhuire,
'Tá lán dos na grástaibh.
Atá an Tiarna i t'fhochair.
Is beannaithe thú thar mhnáibh,
Agus is beannaithe toradh do bhroinne, Íosa.
A Mhuire bheannaithe, a Mháthair Dé,
Guigh ar ár son
Anois agus ar uair ár mbáis.
Amen.

Tráchtaireacht

Is le haghaidh anailís foghraíochta go príomha a rinneadh an taifeadadh seo de Phaidir an Tiarna agus den Áivé Máiria á rá. Tá cúig shampla den dá phaidir seo i mbailiúchán Doegen. Tá stair fhoclaíocht Phaidir an Tiarna sa Ghaeilge rianta i sraith de thrí alt le Cathal G. Ó Háinle: 'The Pater noster in Irish: the pre-Reformation period', Celtica 21 (1990), 470-88; 'The Pater Noster in Irish: Reformation texts to c. 1650', Celtica 22 (1991), 145-64; 'An Phaidir: Ó Maolchonaire agus Ó hEodhasa', Celtica 24 (2003), 239-51. Don Áivé Máiria féach Cathal Ó Háinle, 'Stair an Áivé Máiria sa Ghaeilge anuas go dtí circa 1900', Béaloideas 79 (2011), 113-134.

Teideal i mBéarla: The Lord's prayer; the Ave Maria
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Aindréas Ó Gealbháin as Co. Chiarraí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 10-09-1928 ag 15:35:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig). Taifeadta ar 10-09-1928 ag 15:35:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig).
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1063d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:42 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1063d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:42 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1063d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:39 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1063d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:39 nóiméad ar fad.