Fáilte Thomáis Ruaidh roime Dhónall Ó Conaill - Pádraig Ó Ceallaigh


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Beidh tinteacha cnámh in Uíbh Ráthach romhat
Sa mbaile cois trá mar a (mbíonn báire agus ceol)
Ar Doire Fhionáin aerach mar a dtaistealaínn suas
(Ar) bruach an chalaidh úd Charraig Uí Chróin
Mar a dtagann thar sáile na táinte fí sheol
('Na) loingeas chun suain i gCuan (Achadh Mhóir)
Níorbh (aistear) leo ansúd thíos i dtigh an Fhlathartaigh (saoi)
Mar a gcaithid chun dí puins, fíon agus beoir.

Aistriúchán

There will be bonfires in Iveragh to welcome you
In the seaside town where there is sport and music
In gay Derrynane where I used to go up
On(?) the banks of Carrigycrone harbour
To where crowds come over the sea under sail,
A fleet at rest in the harbour of (...)
They would not feel a (...) down there in wise(?) Flaherty's house
Where they will drink punch, wine and beer.

Tráchtaireacht

Seo an véarsa deiridh de dhán Thomáis Rua Uí Shúilleabháin 'Fáilte is Fiche' nó 'Fáilte Dhómhnaill Uí Chonaill'. Tá leagan ceithre véarsa le fáil in Séamus Dubh [James Fenton nó Séamas Ó Fiannachta], Amhráin Thomáis Ruaidh .i. The songs of Tomás Ruadh O’Sullivan: the Iveragh poet (1785 - 1848) (BÁC, 1914), 59-60. De réir Uí Fhiannachta, cumadh an dán tráth a d'fhill Dónall Ó Conaill ó pharlaimint Westminster go Doire Fhionnáin trí Chorcaigh. Tugann Ó Fiannachta an chéad véarsa den dán mar seo a leanas: Fáilte is fiche is tuilleadh ’n-a ndeóidh / Óm’ chroidhe seadh cuirim-se roimis an leómhan / ’Sé an planda cumasach, curanta, cóir, / ’Sé Domhnall Ua Conaill de’n bhuirb-fhuil mhóir. / ’Sé an bhile fé bhláth dobh’ áilne snódh, / D’eascair go hard de’n árd-fhuil coir, / ’Na dhragan gan cháim fuair barr i ngach áit, / Is mó gairm is cáil i gClár Luirc beó. Luann sé go leagtar an dán ar an bhfonn 'An Réiltheann Leanbhach', a bhfuil trascríobh de le fáil in Gráinne Yeats agus Mercedes Bolger, Sounding harps: music for the Irish harp 3 (BÁC, 1994), 14-16. Tá leagan eile den amhrán le fáil in Domhnall Ó Súilleabháin, Beatha Dhomhnaill Uí Chonaill (BÁC, 1936), 272, agus tá dhá véarsa níos faide ann. Is cuid den dara véarsa iad na focail atá ar an taifeadadh seo. Bhailigh J.J. Lyons leagan eile den dán a foilsíodh in An Gaodhal (Lúnasa 1890). Le haghaidh tuilleadh dánta, amhrán agus béaloidis a bhaineann le Dónall Ó Conaill féach Ríonach uí Ógáin, An rí gan choróin: Dónall Ó Conaill sa bhéaloideas (BÁC, 1984) agus Immortal Dan (BÁC, 1995).

Teideal i mBéarla: Tomás Rua's welcome to Daniel O'Connell
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Pádraig Ó Ceallaigh as Co. Chiarraí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 11-09-1928 ag 10:55:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig). Taifeadta ar 11-09-1928 ag 10:55:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig).
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1068d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:14 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1068d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:14 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1068d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:12 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1068d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:12 nóiméad ar fad.