Rann le Tomás Rua Ó Súilleabháin - Seán Ó Conaill


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Is bréagach é Naomh Peadar agus Pól,
Is bréagach í Muire agus a Mac,
Is bréagach é Pápa na Róimh,
Más aige Bland agus aige Stokes atá an ceart.

Aistriúchán

How false are Saints Peter and Paul,
How false are Mary and her Son,
How false is the Pope in Rome,
If Bland and Stokes are correct.

Tráchtaireacht

Leagtar an rann gearr seo ar an bhfile Tomás Rua Ó Súilleabháin as Uíbh Ráthach, agus tá sé bunaithe ar eachtra a tharla, mar dhea, inar cuireadh fios ar an bhfile go teach an tsagairt ar lá troscaidh agus go bhfuair sé beirt fhear uasal darbh ainm Stokes agus Bland roimhe ann agus iad ag ithe ceapairí feola. D'fhiafraigh an sagart de cad a cheap sé mar gheall air seo, agus thug sé an rann mar fhreagra air. Féach Séamus Dubh, The poems and songs of Tomás Ruadh O’Sullivan (BÁC, 1914), 105. Ní fios go díreach cérbh iad an bheirt fhear, ach d'fhéadfadh sé gur thiarnaí talún Protastúnacha ón áit iad, nár cheap, b'fhéidir, go raibh sé de dhualgas orthu troscadh a dhéanamh. B'fhéidir gur dhuine é fear acu de mhuintir Bland, ar leo Teach Pháirc na Saileach gar don tSnaidhm, contae Chiarraí, agus Caisleán Dhoire Coinche atá ina chóngar. Ní fios go cruinn cérbh é Stokes, ach bhí baint ag baill de mhuintir Stokes le Teach Glashnacree, atá sa tSnaidhm leis. Féach Joseph Jackson Howard agus Frederick Arthur Crisp, The visitation of Ireland (London, 1897), 82.

Teideal i mBéarla: Quatrain by Tomás Rua Ó Súilleabháin
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Seán Ó Conaill as Co. Chiarraí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 11-09-1928 ag 16:45:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig). Taifeadta ar 11-09-1928 ag 16:45:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig).
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1071d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:26 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1071d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:26 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1071d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:24 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1071d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:24 nóiméad ar fad.