Bean Dubh an Ghleanna - Pádraig Ó Ceallaigh


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Tá bó agam ar an sliabh
'Gus táim le seal 'na diaidh
Ó chailleas-sa mo chiall (go harda),
Dá seol(adh) soir is siar
Gach áit dá ngabhann an ghrian
Ó mhaidin go dtí buí an tráthnóna;
Ach nuair a fhéachaim féin anonn
San áit go mbíonn mo rún[1]
Ó, sileann óm shúile deora;
Ó, is a Dhia mhór na ngrást,
Ó, nach trua é mo chás
Is an bhean dubh a d'fhág fí[2] bhrón mé.

Aistriúchán

I have a cow on the mountain
And I have been after her for a while
Since I lost my sense on high (?),
Driving her east and west
Wherever the sun shines
From morning till the golden evening;
But when I look over
To where my love is
Oh, the tears fall from my eyes;
Oh, and mighty merciful God,
Oh, how pitiful is my case
And the dark-haired woman who left me in sorrow.

Fonótaí

Leg. riún? (Back)
= faoi, . Cf. Seán Ua Súilleabháin, 'Gaeilge na Mumhan', in Kim McCone et al. (eag.), Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 479-538: 506. (Back)

Tráchtaireacht

Tá dhá amhrán ar leith ann a bhfuil an teideal 'Bean Dubh an Ghleanna' orthu. Tá na focail ar an taifeadadh seo cosúil leis an véarsa tosaigh den amhrán mar atá foilsithe in John O'Daly, The poets and poetry of Munster (BÁC, 1849), 220-5. Tugtar 'Moll Dubh an Ghleanna' air uaireanta. Ní raibh Ó Dálaigh in ann a fháil amach cé a chum an fonn ach deir sé go luaitear na focail leis an ropaire cáiliúil Éamann an Chnoic a bhí i réim go luath san 18ú haois. Luann Breandán Ó Buachalla go bhfaightear véarsaí ón amhrán 'Éamann an Chnoic' i leaganacha áirithe de 'Bean Dubh an Ghleanna'. Féach Nua-dhuanaire I (BÁC, 1971), 128. Chuir Edward Bunting leagan den fhonn ar fáil in A general collection of the ancient Irish music (Londain, 1796), 22. Bhunaigh Thomas Moore a amhrán 'Go Where Glory Waits Thee' ar 'Bean Dubh an Ghleanna' nó 'The Maid of the Valley' le Bunting. Fuair George Petrie locht ar chóiriú Bunting agus chuir sé a chóiriú féin den fhonn i gcló, rud is féidir a scrúdú in David Cooper, The Petrie collection of the ancient music of Ireland (Corcaigh, 2002), 239-41. Tá na focail mar atá ag Petrie an-chosúil leo siúd a chasann Pádraig Ó Ceallaigh ar an taifeadadh seo. Tá gabháil an-ornáideach agus stíleach Uí Cheallaigh den amhrán difriúil i dtaobh foinn de leis na leaganacha siúd atá le fáil i bhfoinsí clóite, áfach. Le haghaidh sampla de dhá fhonn dhifriúla a leagtar ar an amhrán coitianta seo féach Nóirín Ní Riain, Stór amhrán (Corcaigh agus BÁC, 1988), 38-41. Tá samplaí eile de leaganacha taifeadta den amhrán le fáil ar Ceol, scéalta agus amhráin (Gael Linn, 1961; atheisithe 2006) le Séamus Mac Aonghusa, agus ar Seán de hÓra (Gael Linn, 1977). An t-amhrán eile a bhfuil an teideal 'Bean Dubh an Ghleanna' air, tá sé le fáil in Charlotte Brooke, Reliques of Irish poetry (BÁC, 1789), agus Edward Walsh, Irish popular songs (BÁC, 1847). Le haghaidh plé air féach David Cooper, The Petrie collection of the ancient music of Ireland, 241-3. Tugann Petrie an ceathrú tosaigh seo: An bhfaca tú nó an gcuala tú / An stuaire dob áille gnaoi / I ngleannta dubha, is mé in uaigneas / Gan suaimhneas de ló ná d’oíche. Maítear gurb é Nioclás Ó Cearnaigh a chum an dán in Seán Ó Dufaigh agus Diarmuid Ó Doibhlin, Nioclás Ó Cearnaigh: beatha agus saothar (BÁC, 1989), 105.

Teideal i mBéarla: The dark-haired woman of the glen
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Pádraig Ó Ceallaigh as Co. Chiarraí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 11-09-1928 ag 17:30:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig). Taifeadta ar 11-09-1928 ag 17:30:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig).
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1072d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:24 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1072d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:24 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1072d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:20 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1072d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:20 nóiméad ar fad.