Dáth do Barra ag lorg déirce - Tadhg Ó Sé


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Dáth do Barra ag lorg déirce.

Go mbeannaíthear dhuit, a (Mhór na só) is a ghaol na (sarat), a ainnir (fionntais), is a chúileann (mhaordha), is a gheallún (...) ghil.

Do (phitseálas), do phointeálas, do bhuaileas (crann) ort, a chailín óig; ar geach n-aon eile dá raibh sa chuileachtain, ar fheabhas do chló, ar thaitneamhaí de scéimhe, agus léire do líontaithe; i ndóchas go bhféacha tú le croí truamhéileach, le haigne, le súil agus le súil trócairigh, ar an ainniseoir lagchroíoch so do riugadh agus do tháinig ar an saol go beo bocht gan siúl gan chaint gan radhairc gan luach (dorlaice) dá chuid féin aige, agus gan 'na chumas dul thar doras ad iarraidh a choda ná a chás do chur in úil.

Leis sin, má (...) Dia ná Muire ná éinne des na trí (ceatharaithe) (leat a ghin, in áit a ghin), i gcúl do dhorn ná i gcúinne do phóca, (beir) anois do Dhia agus do Mhuire nár dheinis riamh déirc níosa mhó, agus ná féadfá (...) níosa bhfearr ná é thabhairt domhsa, mar ná spáralfad aimsir agus ná (ceisneod) trioblóid ach do shíor ag guí ar do shon.

Tabharfaidh mé turas i Loch Dearg agus turas i Sceilg Mhichíl, turas in Ard Macha agus turas in Oileán na mBeo, turas i dTobar Phádraig agus turas i dTobar Cholmáin, turas i dTobar Ghobnaite agus turas i dTobar (Ruainid).

Agus níl aon lá díobh san ná go ndéarfaidh mé chúig rúindiamhra na Saltrach Muire agus Sciathlúireach na Maighdine.

Agus is blasta, cneasta, dea-chroíoch, dea-aigeanta, dea-choinsiasach a déarfaidh mé Salve Regina chun Dé ar son t'anama agus do leasa, dá iarraidh ar Dhia (tú nua a chur chughat), a chailín óig.

Is (iomdha bothán) fear íseal agus baintreach calaoiseach agus (...) scallaoideach agus cú ghearr (scoiníneach) agus cat (...)(scríobach) agus bothán com sleamhain fliuch mara do chuireas-sa dhíom im chiscéimí boga laga troma ag teacht le beannacht (ó ruainig) ad iarraidh do phi'gine.

Is (comhartha ó tigh uasal) do bhrí nár iarras riamh déirc, nár nochtas mo chás, nár dhéineas craobhscaoileadh ar mh'ainnise i láthair (a) liobair ná (a) leidhbse ná (a sireoide) ná (a) trioblóide ná (maltaire) breac loirgneach do scríob an ghorta agus do leag an ampla, fuair an ainnise mar oidhreacht agus d'fhoghlaimigh geach a (...).

Dheineadh dhá leath den phráta lá breá samhraidh, agus do leanadh an préachán trasna trí pháirceanna d'iarraidh é bhaint de.

Bíodh a fhios agat nách í sin mar shórt dhá n-iarrfainnse déirc, dhá nochtfainn mo chás, nó dá (leathfainn aráineacha) mo chroí ina fianaise. Ach (...) nuair a chonac meas agus meidhir, Muireann agus (Mórách) gealghné scéimhe agus (crot na scébhean ise) (...) (crot) áilne ghlanghnúise ná heiteofá ar son do chreidimh agus dod ghradaim agus do ghrá Dé.

Agus do (tháinig) an bás (barr)gheal do (lámh leamhair) dathúil (ghlanchosaint méstuama), do shín i leith déirc chun an donáin bhoicht seo (á dtabhairfeadh dó) le luach a bhfaigheadh sé do bheannacht air.

Is más olc dh'iarras is, ó, ná (...) más fiú a bhfaighead.

Tráchtaireacht

Is cosúil gur sampla é seo den rud ar a dtugann Breandán Ó Madagáin 'deilín an bhacaigh'. Is éard atá ann ná achainí ar son déirce a ndéantaí leathchanadh nó cantaireacht air, a raibh cuid den ábhar a bhí ann reiligiúnach, agus a bhféadfadh véarsaíocht, prós nó meascán den dá cheann a bheith ann. Féach Breandán Ó Madagáin, 'Functions of Irish song in the nineteenth century', Béaloideas 53 (1985), 130-216: 168-9. Tá sampla eile den sórt seo ceapadóireachta in Douglas Hyde, Abhráin diadha chúige Connacht (2 iml., Londain agus BÁC, 1906), iml. 1, 291. Tá sampla eile ag John O'Daly maille le heolas cúlrach ina ndéanann sé cur síos ar lucht déirce ag teacht ar cuairt go rialta san ochtú agus sa naoú céad déag, agus ar an tslí ina ndeirtí véarsaí dá leithéid chun daoine a spreagadh le déirc a thabhairt. Dá gceapadh an déirceoir nár tugadh go leor dó, bhagródh sé go gcumfadh sé aoir ag cáineadh a sprionlathaí is a bhí bronntóir na déirce. John O'Daly, The poets and poetry of Munster (BÁC, 1860), 218. Rinne William Hackett as contae Chorcaí cur síos ar phobal ar leith déirceoirí in Éirinn, a dtugtaí 'the Bacachs' ('na Bacaigh') orthu, a thaithíodh suíomhanna oilithreachta mar Loch Dearg, Ard Mhacha agus Guagán Barra, agus a d'iarradh déirc ar na hoilithrigh a thugadh cuairt ar na háiteanna seo. Tagraíonn sé do Bhaile Bhuirne, contae Chorcaí, go háirithe, a bhí ina lárionad don phobal déirceoirí seo, agus gur ann a d'fhoghlaimidís a gceard. Gné amháin den oiliúint seo ná forbairt a dhéanamh ar achainí fhileata, a dtugann Hackett 'crónawn' mar ainm uirthi. Is cinnte gur leagan é seo den fhocal Gaeilge crónán, a bhfuil bríonna éagsúla leis, ina measc 'seamsán', 'dordán', agus 'seabhrán'. Dheineadh 'Bacaigh' Bhaile Bhuirne guí leis ar son na ndaoine a thug déirc dóibh. Féach William Hackett, 'The Irish bacach, or professional beggar, viewed archaeologically', Ulster Journal of Archaeology 9 (1861-2), 256-71: 269. Ina chuntas ar bhacaigh i gcontae Chorcaí san ochtú céad déag, luann Thomas Campbell an stíl leath-cheolmhar a bhíodh acu agus iad ag lorg déirce. Thomas Campbell, A philosophical survey of the south of Ireland (Londain, 1777), 181; tagairt in Ó Madagáin, loc. cit.. Faightear sa sampla seo gnéithe mar an stíl chantaireachta, paidreacha á n-ofráil agus suíomheanna oilithreachta éagsúla á lua. D'fhéadfadh sé go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an tagairt do Thobar Naomh Gobnatan, ós rud é go dtugtar 'Cléir Ghobnatan' mar ainm ar 'Bhacaigh' Bhaile Bhuirne. Féach Hackett, loc. cit.

Teideal i mBéarla: David Barry seeking alms
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Tadhg Ó Sé as Co. Chiarraí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 12-09-1928 ag 10:00:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig). Taifeadta ar 12-09-1928 ag 10:00:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig).
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1073d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:55 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1073d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:55 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1073d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:54 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1073d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:54 nóiméad ar fad.