Eascaine Mhuireann na nAmhrán - Mícheál Ó Laoghaire


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bhí seanabhean bhocht go nglaoidís Muireann na nAmhrán uirthi i mBéarra uair 'na cónaí. Agus do bhuail focsaín uimpi lá i mbarra na ceapaí agus dúirt sé léi, "A Mhuirinn, abair véarsa dhom." Do shuigh sí síos ar an móta glas féir do bhí taobh léi agus do thosnaigh sí mar seo:

"Is mithid dhúinn an chonairt seo do dhíbirt uainn
Mar do bhriseadar ár gcuisleanna is ár gcroí ionainn ró-mhór,
(Spid is) nimh orthu do chuirfidh iad go cíocrach uainn
Gan fáil tuilleadh orthu go dtagaidh na (tois thar mín go duaidh)."

Aistriúchán

There once was a poor old woman they used to call Mary of the Songs living in Beara. And she met a little fox one day at the top of her plot of land and he said to her, "Mary, recite a verse for me." She sat down on the green mound of grass that was beside her and she started like this:

"It is time we expel this pack of foxes
Because they broke our throbbing hearts too much
(Spite) and venom on them that will send them from us ravenous
Not to be found anymore until the (...) come over land (?) (...)."

Tráchtaireacht

Is 'stave anecdote' é seo ina n-iarrann madra rua ar bhean amhrán a chanadh agus go mallachtaíonn sí gach aon mhadra rua mar fhreagra air. Tá an focal focsaín sa téacs, is é sin, an focal Béarla 'fox' agus an iarmhír dhíspeagtha -ín. Tá an focal conairt sa chéad líne den rann: coin a bhíonn i gceist leis seo de ghnáth ach madraí rua atá i gceist sa chás seo. Is rud coitianta é i mbéaloideas na hÉireann filí ag mallachtú ainmhithe gur lotnaidí iad, nó á ruaigeadh féin, agus is minic a rinne scríbheoirí Béarla trácht air seo sa séú agus sa seachtú céad déag. Féach Dáithí Ó hÓgáin, Myth, legend and romance (New York, 1991), 368.

Teideal i mBéarla: The curse of Mary of the Songs
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Mícheál Ó Laoghaire as Co. Chorcaí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 12-09-1928 ag 13:50:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig). Taifeadta ar 12-09-1928 ag 13:50:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig).
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1078d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:52 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1078d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:52 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1078d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:50 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1078d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:50 nóiméad ar fad.