Máire an chúil bhuí - Pádraig Ó hArachtáin


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Cloisim le spás beag go bhfuil an ráfal so fíor,
Ar an dtaobh thoir do Dhóinneach go bhfuil ceol ann is (spraoi)[1],
Tá buachaillín óg ann go bhfuil eolgaiseach (binn)
Is é ag cailliúint a shláinte i ndiaidh Máire an Chúil Bhuí.

Nuair a ghabhaimse na cóngair trí Dhóinneach anonn
Is dóigh liom gach neomat mo stór do chím chugham,
Do bhfearr liom bheith báite nó tráite sa toinn
Nuair ná faighim in aon áit romham mo Mháire an Chúil Bhuí.

Aistriúchán

I hear for a while now that this chatter is true,
That there is music and sport on the east side of Dóinneach,
There's a young boy there who is learned and sweet(?)
And he is losing his health after golden-haired Mary.

When I head over on the way through Dóinneach
Every minute I think I see my beloved coming towards me,
I would rather be drowned or going out with the wave
When I don't find my golden-haired Mary anywhere before me.

Fonótaí

Leg. bruíon? (Back)

Tráchtaireacht

Tá an t-amhrán grá seo le fáil in Breandán 'ac Gearailt, An blas Muimhneach II (Binn Éadair, 2010), 355-6. Dar le Mac Gearailt, ba é Murtí Learraí Ó Súilleabháin, siúinéir i nDóinneach, a chum é. D'oibrigh Máire an Chúil Bhuí, an bhean atá luaite san amhrán, i dteach tábhairne ar an mbaile agus bhí le titim amach go bpósfadh sí Seán Ó Síocháin, Cuas na gCoileach, níos déanaí agus go gcuirfeadh sí fúithi ar an Neidín, contae Chiarraí. Is ionann na véarsaí a chastar ar an taifeadadh seo agus an chéad agus an ceathrú véarsa sa leagan a d'fhoilsigh Mac Gearailt, leagan a raibh deich véarsa ann. Níor cheart é a mheascadh leis an amhrán 'Máire Dheas na Gruaige Báine' (Énrí Ó Muirgheasa, Dhá chéad de cheoltaibh Uladh (BÁC, 1934), 70) nó 'Máire An Chúil Óir Bhuí', a chasann Maighréad Ní Dhomhnaill ar Mairéad Ní Dhomhnaill (Gael-Linn, 1976).

Teideal i mBéarla: Golden-haired Mary
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Pádraig Ó hArachtáin as Co. Chorcaí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 12-09-1928 ag 17:50:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig). Taifeadta ar 12-09-1928 ag 17:50:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig).
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1082d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:23 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1082d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:23 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1082d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:21 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1082d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:21 nóiméad ar fad.