Amhailt éisc (cuid 1 arís, go mall) - Seán Ó hAiniféin


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Fadó is mé im gharsún óg. Ó thaobh Abhainn an Scáil ab ea mo sheanamhuintir agus do bhínn ana-mhinic ina bhfochair. Bhí bád mór aige[1] fear don áit i gcomhair leasaithe agus feamnaí do ghearradh le sceana.

Agus lá dhos na laethanta agus uair dos na huaireanna d'imíodar orthu agus d'ardaíodar mé féin 'na bhfochair. Bhí carraig mór in áit taobh leo mar a rabhadar a gearradh na feamnaí. Agus do chaitheadar na maidí a bhí spártha acu agus na téadáin a bhí spártha acu agus mise in airde ar an gcarraig gurbh ainm di Carraig Dhiarmaid Gabha.

Nuair a thit an tráigh síos do bhíos ag gliúmáil mórthimpeall na cloiche. Agus chuireas mo lámha i ndaigh agus do fuaireas portán. Mar do chínn na seandaoine ag iascach shlat le cleathacha agus do chumas ar aithris a dhéanamh orthu.

Do bhí rud ceangailthe ón gcleith a bhíodh ag teanntach an bháid (ag cos na gcloch) á choiméad isteach agus á choiméad amach i bhfoirm dubháin. Agus do bhuaileas an baidhte in (...) i gcrúca. Agus an téadán ruainní (a cheangailt) as an gcrúca as san go dtí an gcleith. Agus do scaoileas síos iad agus do chuireas an chleith - bhí sí róthrom - do chuireas i scoilt chloiche í.

Aistriúchán

Long ago when I was a young boy. My older kinsfolk were from Anascaul parish and I was very often in their company. A man of that place had a big boat used for cutting fertiliser and seaweed with knives.

And one of the days and one of the hours they went off and brought myself along. Any there was a big rock in a place near them where they were cutting seaweed. And they threw the spare oars that they had and the spare ropes that they had and me up on a rock called Dermot the Smith's Rock.

When the tide fell away I was fumbling around the rock. And I put my hand in a hollow and I found a crab. Because I used to see the old people rod-fishing with poles and I started trying to copy them.

There was a hook-shaped thing tied to the pole which held the boat for them amongst the rocks holding her in and holding her out. And I put the crab onto the hook. And I tied the hair rope from the hook to the pole. And I let them down and I put the pole - it was too heavy - I put it in a crack in the rock.

Fonótaí

= ag. (Back)

Tráchtaireacht

Cé go gcuirtear an scéal seo i láthair faoi mar gur cuntas pearsanta ar rud a tharla sa saol ceart atá ann, d'fhéadfadh sé go bhfuil sé bunaithe ar an scéal idirnáisiúnta béaloidis ATU 1960B The great fish. Féach Hans Jorg Uther, The types of international folktales: a classification and bibliography (3 iml., Helsinki, 2004). B'fhéidir go bhfuil an scéal féin bunaithe ar an móitíf X1301, Lie: the great fish. Féach Stith Thompson, Motif-index of folk literature (atheagrán méadaithe, 6 iml., Bloomington, Ind., 1955-8). Má ghlactar leis gurb éard is dóichí ná go bhfuil an mhóitíf seo sa scéal, is féidir a mheas go bhfuil an scéalaí ag insint éithigh nó ag déanamh áibhéile ar ghnéithe den scéal, chun sult nó greann a bhaint as. Ní cosúil go raibh an scéal seo an-choitianta i dtraidisiún na hÉireann, cé gur aimsigh Seán Ó Súilleabháin agus Rieder Th. Christiansen 35 sampla de as gach cearn den tír sa staidéar leo dar teideal The types of the Irish folktale (Helsinki, 1968). Tá anailís ar an gcineál seo scéil ina chomhthéacs idirnáisiúnta in Nancy Cassell McEntire, 'Tall tales and the art of exaggeration', Acta Ethnographica Hungarica 54:1 (2009), 125-34.

Teideal i mBéarla: The enormous fish (first part again, slowly)
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Seán Ó hAiniféin as Co. Chiarraí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 13-09-1928 ag 15:15:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig). Taifeadta ar 13-09-1928 ag 15:15:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig).
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1087d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:36 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1087d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:36 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1087d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:34 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1087d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:34 nóiméad ar fad.