Scológ liath an earraigh - Tomás Ó Dálaigh


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Fadó riamh, is fadó riamh Éireann é, do chónaigh lánú in iarthar Chontae Chiarraí gurbh ainm dóibh Mícheáilín agus Peig. Bhí feirm bheag thalún acu agus i gceann na mblian níor thit aon mhuirear orthu. Agus dá bhrí sin dob é cúram Mhichílín bheith amuigh ins na gortaibh agus Peig i bhfeighil an tí. Choimeádaidís muca ó am go ham chun iad a ramhraithe (?) agus dá dhíol ar an margadh. Ba ghnáth leo leis muc a mharú anois agus arís (...) agus (...) speisialta i gcomhair na Nollag.

Bliain áirithe do mhairibh Mícheáilín ar deireadh muc i gcomhair na Nollag. Agus dúirt sé le Peig nuair a chuireadar ins an soitheach í agus iad ag baint blúire aisti anois is aríst mar a (dh'oireadh) dóibh. Fé dheireadh do chuaigh sé go dtí an soitheach agus dúirt sé le Peig go gcuirfeadh sé píosa dhon muic i gcoimeád i gcomhair scológ liath an earraigh. Thug sé leis píosa maith agus do chuir sé in airde sa mhaide snaidhmthe í i gcomhair scológ liath an earraigh, mar a dúirt sé. Agus d'fhan sí ansan. Bhí sé ag imeacht ag déanamh a ghnótha leis. Fé dheireadh, do bhí an (...) á chaitheamh agus do dhruideadar isteach insa Mhárta. Agus cé bhuailfeadh an doras isteach go dtí Peig ná strapaire d'fhear mhór fhada liath agus féasóg síos go dtí lár a bhorlaigh[1] air. Agus do bheannaigh sé go dlúth do Pheig.

"Mhuise, b'fhéidir," ar sise leis, "gur tusa scológ liath an earraigh?"

"Is mé cheana, mhuise," a dúirt sé.

"Tá píosa feola in airde insa mhaide snaidhmthe id chomhair," ar sise.

Leis sin do chuaigh sí in airde go dtí an maide snaidhmthe agus do leag sí anuas an píosa feola agus do thug sí do scológ liath an earraigh í. (...) ( chuige í agus d'imigh air) agus d'fhág sé ansan Peig.

I gcomhair dinnéir do tháinig Mícheáilín isteach ach thug sé fé ndeara ná raibh aon bhlúire feola i gcomhair dinnéir aige. "A Pheig," ar seisean "canathaobh nár chuiris blúire feola síos i gcomhair dinnéir? Ná fuil a fhios agat gurb é seo an t-earrach?"

"So is súd orm," a dúirt sí, "gur tháinig scológ liath an earraigh agus do thugas dó an píosa feola fé mar ' dúraís."

Leis sin do tháinig buile ar Mhícheáilín. "Dalladh dóite (deacair ort)," ar seisean, "a óinsigh, chun bheith ad iarraidh tí a choimeád i dteannta do leithéid. Agus is fada mé ag plé leat agus anois beidh deireadh agam," ar seisean ag iontó an doras amach agus ag fágaint an tí (ansan). Agus n'fheacadar araon a chéile go brách arís.

Aistriúchán

A long long time ago a couple lived in the west of county Kerry whose names were Michaeleen and Peg. They farmed a small patch of land and after many years they had no children. Therefore it fell on Michaeleen to be outside in the fields and Peg tended to the house. They kept pigs from time to time to fatten them (?) and sell them at market. They also used to kill a pig now and again (...) and (...) especially for Christmas.

A particular year Michaeleen finally killed a pig for Christmas. And he told Peg when they put it in the barrel and were taking a piece from is now and again as it suited them (?). In the end he went to the barrel and he told Peg that he would save a piece for the grey-haired spring labourer. He took a good piece and put it up on the tie-beam for the grey-haired spring labourer, as he had said. And it stayed there. He kept on at his business. In the end, the (...) was fading and they moved into March. And who called in to Peg but a strapping tall grey man with a beard down to the middle of his chest. And he heartfully greeted Peig.

"Maybe," she said, "you are the grey-haired spring labourer?"

"I am indeed," he said.

"There is a piece of meat up in the tie-beam for you," she said.

With that she went up to the tie-beam and she knocked down the piece of meat and gave it to the grey-haired spring labourer. (...) he took it and went and left Peg there.

Michaeleen came in for dinner but he noticed that he had no meat for dinner. "Peg," he said, "why didn't you put down any meat for dinner? Don't you know that it is springtime?"

"I swear by this and that," she said, "that the grey-haired spring labourer came in and I gave him the piece of meat as you said."

With that Michaeleen became angry. "A burning harsh blinding on you (?)," he said, "you foolish woman, how hard it is (?) trying to keep house with the likes of you. And I have been trying to deal with you for a long time and now I will end it," he said turning out the door and leaving the house there. And they didn't see each other ever again.

Fonótaí

= bhrollaigh (Back)

Tráchtaireacht

Leagan é an scéal seo den scéal idirnáisiúnta béaloidis, ATU 1541 For the long winter. Scéal mar gheall ar fheirmeoir a chuireann roinnt airgid nó píosa feola i leataoibh i gcomhair an gheimhridh fhada a bhíonn ann de ghnáth. Tamall ina dhiaidh sin tagann déirceoir chun an dorais, agus fiafraíonn an óinseach de bhean atá ag an bhfeirmeoir de an é féin an geimhreadh fada. Deir sé gurb é, agus tugann sí dó soláthar a fir chéile. Fuarthas ar dtús san Iodáil é go luath sa chúigiú céad déag, agus is scéal coitianta é san Eoraip, i mórchuid de thíortha na hÁise agus i gcríocha Mheiriceá. Is scéal coitianta é in Éirinn, agus bhí sé ag daoine ar fud na tíre. Féach Seán Ó Súilleabháin agus Rieder Th. Christiansen, The types of the Irish folktale (Helsinki, 1968). Tá catagóiriú déanta air mar an móitíf idirnáisiúnta béaloidis K362.1 For the long winter. Féach Stith Thompson, Motif-index of folk literature (atheagrán méadaithe, 6 iml., Bloomington, Ind., 1955-8).

Teideal i mBéarla: The grey-haired spring labourer
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Tomás Ó Dálaigh as Co. Chiarraí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 13-09-1928 ag 17:05:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig). Taifeadta ar 13-09-1928 ag 17:05:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig).
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1089d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:30 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1089d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:30 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1089d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:28 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1089d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:28 nóiméad ar fad.