Paidir an Tiarna; an tÁivé Máiria - Tomás Ó Dálaigh


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Ár nAthair atá ar neamh,
Go naomhaítear t'ainm,
Go dtaga do ríocht,
Go ndéantar do thoil
Ar an dtalamh mar a déantar ar neamh.
Ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniubh.
Maith dhúinn ár gcionta
Fé mar mhaithimid do chách a chiontaíos inár n-aghaidh.
Ná leig sinn i gcathuíbh ach saor sinn ó olc.
Amen.

**********

Go mbeannaíthear duit, a Mhuire
'Tá lán do ghrásta.
Tá an Tiarna i t'fhochair.
Beannaithe thar mhnáibh.
Is beannaithe toradh do bhroinne, Íosa.
NaomhMhuire, a Mháthair Dé,
Guigh orainn, na peacaigh,
Anois agus ar uair ár báis.
Amen.

Tráchtaireacht

Is le haghaidh anailís foghraíochta go príomha a rinneadh an taifeadadh seo de Phaidir an Tiarna agus den Áivé Máiria á rá. Tá cúig shampla den dá phaidir seo i mbailiúchán Doegen. Tá stair fhoclaíocht Phaidir an Tiarna sa Ghaeilge rianta i sraith de thrí alt le Cathal G. Ó Háinle: 'The Pater noster in Irish: the pre-Reformation period', Celtica 21 (1990), 470-88; 'The Pater Noster in Irish: Reformation texts to c. 1650', Celtica 22 (1991), 145-64; 'An Phaidir: Ó Maolchonaire agus Ó hEodhasa', Celtica 24 (2003), 239-51. Don Áivé Máiria féach Cathal Ó Háinle, 'Stair an Áivé Máiria sa Ghaeilge anuas go dtí circa 1900', Béaloideas 79 (2011), 113-134.

Teideal i mBéarla: The Lord's prayer; the Ave Maria
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Tomás Ó Dálaigh as Co. Chiarraí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 13-09-1928 ag 17:05:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig). Taifeadta ar 13-09-1928 ag 17:05:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig).
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1089d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:37 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1089d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:37 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1089d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:35 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1089d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:35 nóiméad ar fad.