Comhrá samplach - Proinnsias Ó Súilleabháin


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

"Dia dhuit." "Dia is Muire dhuit." "Conas tánn tú?" "Cuíosach, slán go rabhais. Conas tá tú féin?" "Ní gearánta dhom, baochas le Dia." "Bhfuil aon scéal nua agat?" "Níl focal. Bhfuil agat féin?" "Níl, mhuise." "Cad é an t-am é, más é do thoil é?" "Tá sé a hocht a chlog." "Is mithid dom bheith ag dul abhaile." "Tóg bog an saol! Tá sé luath fós." "Tá sé déanach go leor. Slán agat." "Slán leat is go n-éirí do bhóthar leat."

Aistriúchán

"Hello." "Hello." "How are you?" "Middling, thank you. How are you?" "I can't complain, thank God. "Have you any news?" "Not a word. How about yourself?" "No, indeed." "What time is it please?" "It is eight o'clock." "It is time for me to be going home." "Take it easy! It is early yet." "It is late enough. Goodbye." "Goodbye and good luck on your journey."

Tráchtaireacht

Is le haghaidh anailís foghraíochta go príomha a rinneadh an taifeadadh seo de chomhrá samplach. Tá roinnt bheag taifeadtaí eile dá leithéid i mbailiúchán Doegen.

Teideal i mBéarla: Sample dialogue
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Proinnsias Ó Súilleabháin as Co. Chorcaí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 13-09-1928 ag 18:20:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig). Taifeadta ar 13-09-1928 ag 18:20:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig).
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1091d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:41 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1091d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:41 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1091d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:39 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1091d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:39 nóiméad ar fad.