Ceisteanna samplacha - Proinnsias Ó Súilleabháin


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Cé atá ansan? Cé a bhí ag caint leat? Cad a bheidh ar siúl san amharclainn anocht? Conas tá Seán inniubh? Cé acu is fearr leat? Tae nó bainne? Amhrán nó rince? Toitín nó tobac? Caifí nó cócó? Bosca nó mála? Cathain a bheir ag dul abhaile? Canathaobh ná rinceann tú? Bhfuil an múinteoir anso fós? An fada ó bhís ann anois? Cad tá uait? Cad a dheinis leis an maide? Cár fhágais an páipéar? Cá bhfuil an leabhar? Trom é más é do thoil é. An mó duine a bhí ann? Cá rabhais le fada? An fada a raghair anois? Canathaobh ná rabhais? Canathaobh ná fuileann tú? Canathaobh ná bíonn tú? Bhfuil sé te? Tá. Níl. Bhfuil an lá fuar? Tá. Níl. Bhfuil an tae ullamh? An raibh litir ins an mbosca? Bhí. Ní raibh. An mbeidh an lá fliuch? Beidh. Ní bheidh. An mbeadh sé ann? Bheadh. Ní bheadh. Níl a fhios agam cá bhfuil sé. Cad tá? Cad a bhí? Cad a bheidh? Cad a bhíonn?

Aistriúchán

Who's there? Who was talking to you? What will be on in the theatre tonight? How is John today? Which of them do you prefer? Tea or milk? A song or a dance? A cigarette or tobacco? Coffee or cocoa? A box or a bag? When will you be going home? Why don't you dance? Is the teacher here yet? Is it long since you were there now? What do you want? What did you do with the stick? Where did you leave the paper? Where is the book? Give it to me please. How many people were there? Where have you been so long? Will you go far now? Why weren't you? Why aren't you [now]? Why aren't you [habitually]? Is he/it hot? Yes. No. Is the day cold? Yes. No. Is the tea ready? Was there a letter in the box? Yes. No. Will the day be wet? Yes. No. Would he/it be there? Yes. No. I don't know where he/it is. What is [now]? What was? What will be? What is [habitually]?

Tráchtaireacht

Is le haghaidh anailís foghraíochta go príomha a rinneadh an taifeadadh seo de cheisteanna samplacha. Tá roinnt bheag taifeadtaí eile dá leithéid i mbailiúchán Doegen.

Teideal i mBéarla: Sample questions
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Proinnsias Ó Súilleabháin as Co. Chorcaí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 13-09-1928 ag 18:20:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig). Taifeadta ar 13-09-1928 ag 18:20:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig).
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1091d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:23 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1091d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:23 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1091d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:20 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1091d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:20 nóiméad ar fad.