Nathanna cainte éagsúla - Proinnsias Ó Súilleabháin


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Dar liom. Fan go fóill. Brostaigh ort. Suigh síos. Go raibh maith agat. Dún an doras. Tá go maith. Bhfuil aon scéal nua ar an bpáipéar? Cá rabhais inné? An rabhais ag caint leis? An rabhais ar scoil? Cé leis an mála? Ná bac leis. Is cuma. Is cuma liom. Ní gá a rá[1]. Ní baol. Ní dóigh liom é. An mar sin é? Cá fios duit? Gabhaim pardún agat. Tá deabhadh orm. Is dócha. Is dóigh liom. Tá súil agam. Tá tart orm. Tá ocras orm. Táim tuirseach. Ní haon ionadh. Bhfuil tú ag dul abhaile? Nílim fós. Cé a bhí ag caint leat ar an tsráid? Níl a fhios agam cé hé.

Aistriúchán

I think (= methinks). Wait a while. Hurry up. Sit down. Thank you. Close the door. Okay. Is there any news in the paper? Where were you yesterday? Were you talking to him? Were you at school? Whose is the bag? Don't bother with it/him. It doesn't matter. I don't care/mind. It need not be said. It is unlikely. I don't think so. Is that so? How do you know? Excuse me. I am in a hurry. It is likely. I think (= methinks). I hope. I am thirsty. I am hungry. I am tired. It is no wonder. Are you going home? I am not yet. Who was talking to you on the street? I don't know who he is.

Fonótaí

Leg. reá? Cf. Seán Ua Súilleabháin, 'Gaeilge na Mumhan', in Kim McCone et al. (eag.), Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 479-538: 529. (Back)

Tráchtaireacht

Is le haghaidh anailís foghraíochta go príomha a rinneadh an taifeadadh seo de nathanna cainte éagsúla á rá. Tá roinnt bheag samplaí eile dá leithéid i mbailiúchán Doegen.

Teideal i mBéarla: Miscellaneous phrases
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Proinnsias Ó Súilleabháin as Co. Chorcaí
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 13-09-1928 ag 18:20:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig). Taifeadta ar 13-09-1928 ag 18:20:00 in: Clochar na Trócaire, Cill Airne (oifig).
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1091d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:03 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1091d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:03 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1091d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:01 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1091d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:01 nóiméad ar fad.